Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::20 September, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt, 20 Meán Fómhair, 1955.

Tuesday, 20th September, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Fearáin, Ó hEacháin, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1955 [I.R. Uimh.


32 de 1955].


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibhe) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 40 de 1955].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil). 1955 [I.R. Uimh. 15 de 1955].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 47 de 1955].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Liachta Ginearálta (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 49 de 1955].


An tOrdú um Bagún (Praghsanna Uasta), 1955 [I.R. Uimh. 23 de 1955].


An tOrdú um an Aire Cosanta (Gníomhaireacht), 1955 [I.R. Uimh. 22 de 1955].


Rialacháin Líomatáiste an Fheabhail (Innill Iascaigh a Cheadúnú), 1955.


Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 48 de 1955].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 57 de 1955].


An tOrdú Taifead Poiblí (Táillí), 1955 [I.R. Uimh. 53 de 1955].


Rialacháin Líomatáiste an Fheabhail (Innill Iascaigh a Cheadúnú) (Uimh. 2), 1955.


An tOrdú um Chraicne Caorach (Toirmeasc ar Onnmhuiriú), 1955 [I.R. Uimh. 51 de 1955].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Atha Cliath), 1955 [I.R. Uimh. 73 de 1955].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1955 [I.R. Uimh. 72 de 1955].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1955 [I.R. Uimh. 80 de 1955].


An tOrdú Arachais (Breac-Dhífostaíocht) (Leathnú), 1955 [I.R. Uimh. 82 de 1955].


An tOrdú Caomhanta Eanacha Géim, 1955 [I.R. Uimh. 56 de 1955].


(ii) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach ag míniú na hionstraime:—


Na Rialacha Aturnaethe (An Coiste Araíonachta), 1955 [I.R. Uimh. 3 de 1955].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Táillí), 1954 [I.R. Uimh. 299 de 1954].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Táillí Príntíseach), 1954 [I.R. Uimh. 300 de 1954].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 109), 1939 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 8 de 1955].


An tOrdú fán Ordú um Im Allmhuirithe (Praghsanna Mór-reaca Uasta), 1954 (Cúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 25 de 1955].


Rialacháin na gCoistí Comhairlitheacha Sláinte (Baile Atha Cliath, Corcaigh agus Portláirge) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 31 de 1955].


An tOrdú fán Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Táillí), 1955 [I.R. Uimh. 4 de 1955].


Na Rialacha um na Rialacha Nós Imeachta (Óglaigh na hÉireann), 1954 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 58 de 1955].


An tOrdú um Chúnamh Teaghlaigh, 1955 [I.R. Uimh. 85 de 1955].


An tOrdú Muilleoireachta Cruithneachtan, 1955 [I.R. Uimh. 74 de 1955].


An tOrdú Muilleoireachta Cruithneachtan (Athrú Ginearálta ar Chuóta), 1955 [I.R. Uimh. 88 de 1955].


An tOrdú Dleacht Custam (Fionraí Ilghnéitheach), 1955 [I.R. Uimh. 54 de 1955].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 3.50 p.m.