Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1953 - 1954::20 June, 1956::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 24 FEABHRA, 1956.

Cúnamh Sóisialach.

1. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil comhairlithe anois don Roinn Leasa Shóisialaigh go bhfuil Airteagal 8 de na Rialacháin um Oideachas (Béilí Scoile), 1927, ultra vires na nAcht. Mar gheall ar gur comhairlíodh freisin go bhfuil cumhacht ag údaráis áitiúla seirbhís d’oibriú faoi alt 3 d’Acht 1914 ar fhoras neamh-ranníocach d’ainneoin forál ailt 2, mheas an Coiste gur theastaigh an t-ábhar a shoiléiriú agus chinn sé tuilleadh fianaise a ghlacadh ón Oifigeach Cuntasaíochta. Dhealródh sé on bhfianaise go mba é foras na comhairle sin gur measadh nár bhféidir alt 2 d’oibriú mar (1) nach bhféadfaí airgead d’aisghabháil tríd na Cúirteanna ó thuiste a rinne mainneachtain mar ní nach raibh aon chonradh déanta leis an tuiste, agus go mba rí-dheacair, ó thaobh riaracháin de, ríomh acmhainne a chur i bhfeidhm i leith béile a chosnódh tuairim 4d., go háirithe mar gur chuir bainisteoirí scoile agus múinteoirí scoile in aghaidh é a chur de mhortabháil orthu-san an ríomh sin a dhéanamh. Tuigeann an Coiste go ndéanann na tosca sin an-deacair é an t-alt a chur i bhfeidhm go hiomlán cé go dtugaid faoi deara go gcuirtear an t-alt i bhfeidhm go páirteach i roinnt ceantar. Cé is moite dá ndéantar sna ceantair sin ní féachtar le ranníoca a bhailiú. Tá airgead poiblí dá chaitheamh dá bhrí sin, ní leis na scéimeanna a bhí beartaithe do réir na nAcht, ach le scéimeanna neamh-ranníocacha ionas gur mó de dheontas Stáit a bhíos ag teastáil. Is é tuairim an Choiste gur ceart, nuair a tharraingíos aineamh ar an dlí athrú chomh bunúsach sin ar scéim, dlí nua a thionscain gan mhoill leis an aineamh a leigheas gan an scéim d’athrú ó bhunús nó udarás an Oireachtais d’fháil le haghaidh scéime nua.


Is trom leis an gCoiste mar atá an dá Roinn ag glacadh leis an gcás seo, is é sin mar measfaí, gan aird a thabhairt ariamh, mar chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl, ar fhoráil thábhachtach a rialaíos ceadú na ndeontas sin. Is deacair leis an gCoiste go háirithe a thuiscint go bhfuil an Roinn Airgeadais ag ligean don scéal leanúint air de bheith ar neamhréir mar atá. Ní fhéadann an Coiste gan a chur in iúl arís, mar cuireadh in iúl i dtuarascáil an 3 Márta, 1955, go mba cheart dlús a chur go luath leis an scéal a réiteach.


Is cosúil go bhforálann na hAchta gur amháin le bia a sholáthar a bhéarfar deontas agus nach bhfuil aon fhoráil iontu i dtaobh socruithe ná ullmhú ná dáil béilí. Cuireadh in iúl don Choiste go ndéantar socruithe i mBaile Átha Cliath le lónadóirí chun béilí a sholáthar agus gur caitheadh an deontas Stáit ar shlí seachas bia a sholáthar. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar tugadh deontais níos mó ná mar ba cheart sna cúinsí sin.


D’iarr an Coiste meamram ag tabhairt sonraí na scéime mar hoibrítear í sna ceantair go léir. On scrúdú a rinneadh ar an eolas a fuarthas faoi na pointí sin ba léir go dteastódh tuilleadh eolais le go mbeadh fios an scéil go hiomlán ar fáil, is é sin, an méid laethanta a tugadh béilí agus na méideanna bídh a caitheadh ar na béilí i ngach ceantar. Tá difir mhór, ámh, idir na méideanna an béilí a híocadh sna ceantair go léir; híocadh tuairim 1d. i roinnt ceantar agus uaidh suas i gceantair eile gur híocadh 8½d. i gceantar beag amháin. Tar éis alúntas cuí a ligean mar gheall ar mhalairt luachanna ó cheantar go ceantar, is dealraitheach ó na figiúirí difir an-mhór a bheith idir méid na mbéilí agus saghas na mbéilí i gceantair seachas ceantair eile. Mar gheall ar gur cion an-mhór den chaiteachas iomlán deontas an Stáit, is é tuairim an Choiste gur cheart go ndeánfadh an Roinn Leasa Shóisialaigh breithniú i dtaobh caighdeán dóthaineachta a cheapadh a leanfadh údaráis áitiúla.


Talmhaíocht.

2. Tugann an Coiste faoi deara gur chuir Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in iúl don Aire go bhféadfaí an t-athinmheachan talún dar ceannaíodh na tochailteoirí a thosnú faoi Bhealtaine, 1951, dá mbeadh na hinnill ar láimh agus go ndearna na Coimisinéirí fiosrú idir sin agus an tráth a seachadadh iad féachaint a bhféadfaí scéim níos saoire a cheapadh. Ní fhéadann an Coiste a thuiscint cén fáth ar measadh gur ghá na hinnill dhaora sin a cheannach sara raibh na pleananna don obair faibhrithe agus gan meastachán cinnte ar an gcostas ar fáil. Ní fhéadann an Coiste a ghlacadh go mba socruithe sásúla a rinneadh trína ndearnadh, ar fhorais deifre, ordú, a tharraing £20,000 caiteachais de bhreis ar an tairiscint dob ísle, a chur amach i Márta, 1951, ós rud é nár tosnaíodh, mar is léir anois, ar an obair go dtí Bealtaine, 1955.


Mídhilsiú Airgid, etc.

3. Tugann an Coiste faoi deara tuairim an Aire nach féidir, le ceart, cúblála a tuairiscíodh a chur i leith aon laghdú ar sheiceáil de dhroim tíobhais ná i leith aon laige sa chóras seiceála. Is maith leis an gCoiste nach bhfuil aon chúis ag an Aire a chreidsint gur taispeánadh na cásanna sin ar aon laghdú coiteann ar ard-chaighdeáin éifeachtúlachta agus ionraicis na seibhíse poiblí.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

4. Tugann an Coiste faoi deara dearfacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mba é an chúis nár tugadh faoi deara scríbhinní a bheith á gceilt páirt-loiceadh de dhroim broid oibre ar an gcóras rialuithe a frítheadh go dtí sin a bheith sásúil. Tá súil aige go dtiocfaidh den chúram breise atá á ghlacadh i gcúrsaí cuntasaíochta nach dtarlóidh aon chásanna calaoise den tsórt sin feasta.


Gnóthaí Eachtracha.

5. Tugann an Coiste faoi deara gur chinn an tAire aisghabháil ró-íocaíochtaí cúitimh malairte a ligean thar ceal ar an bhforas gur de mheon mhacánta a ghlac na hoifigigh lenar bhain an scéal na suimeanna a bhí i gceist. Tugann sé faoi deara freisin go bhfuil dlús curtha go ndéanfar, feasta, na híocaíochtaí sin a ríomh an fhoras a bhéarfas feidhm don bheartú atá sna rialacháin iomchuí.


Arm-Phinsin.

6. Fanfaidh an Coiste le tuarascáil eile maidir le haisghabháil na ró-íocaíochtaí liúntais speisialta agus i dtaobh ar leor an socrú atá ann chun teideal duine a chinntiú nuair a héilítear bonn.


Páipéarachas agus Clódóireacht.

7. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil dlús curtha nach raghfar faoi chostais chló-chíosa gan riachtanas feasta.


Tionscal agus Tráchtáil.

8. Tugann an Coiste faoi deara, maidir leis an tsuim £31,763 a bhí i gcreidiúint don Chiste Arachais Mhuirí an 4ú Iúil, 1952, gur tiomsaíodh £27,812 di i dtréimhse an chúnaimh airgid, agus, dá bhrí sin, gurb é an Stát-Chiste a ranníoc í. Tugann sé faoi deara freisin go ndearnadh, le cead an Aire Airgeadais, £11,293, den tsuim a tiomsaídh amhlaidh d’íoc le ceannaithe tae áirithe a sheas gur coinníodh uathu, i rith ré an chúnaimh airgid, na cuótaí tae a raibh cúnamh airgid ag gabháil leis agus a bhí dlite dhóibh. Tugadh suas an iarmhéid, is é sin, £16,519, don Stát-Chiste.


Is é tuairim an Coiste, ó b’ionann an tsuim £27,812 agus cúnamh airgid a tugadh amach d’iomarca agus ar chóir, le ceart, é d’aisíoc uile go léir leis ar Stát-Chiste, go mba é an ceart údarás Dháil Éireann d’fháil i leith na n-íocaíochtaí a rinneadh chun éilithe na gceannaithe a ghlanadh. Is neamhrialta leis, amuigh agus amach, an nós imeacht a leanadh.


Glacann an Coiste go gcuirfear in iúl dóibh in am tráth é nuair a socrófar an scéal maidir leis an iarmhéid a bhí i gcreidiúint don Chúl-Chiste Cánach Díolacháin Indiach.


Seirbhísí Eitlíochta agus Metearaíochta.

9. Glacann an Coiste go gcaitheann Ranna dearcadh ar a gcuid riachtanas féin nuair a mholaid don Choiste Conarthaí Rialtais diúltú do thairiscint is ísle ná ceann eile ar chúis ama. Tugann sé faoi deara gur cuireadh pionóis i bhfeidhm i roinnt cásanna mar gheall ar mhoill ag críochnú, ach tuigtear gur rí-annamh a déantar a leithéid. Sa chás atá á bhreithniú, ligeadh sínte ar an tréimhse le críochnú i gcúinsí seachas iad sin a bhí ceaptha i gcoinníollacha an chonartha. Tuigeann an Coiste go dtarlóidh cásanna ina mbeadh sé mí-réasúnta diúltú d’iarratais tréimhse a shíneadh amháin mar gheall ar nach raibh socrú sa chonradh faoi chomhair an teagmhais a tharla. Mothaíonn sé, ámh, gur baol, má scaoiltear le feidhmiú coinníollacha conarthaí, go dtabharfaidh sé ugach do chonraitheoirí, nuair a bheas tairiscintí á ndéanamh acu, tograí nach féidir a chomhlíonadh iarbhír a chur isteach maidir leis an bhfad a thógfas sé obair a chríochnú. Tá súil aige, dá bhrí sin, nuair a dhealrós sé ó chúinsí cáis go mba chóir clásal pionóis a chur i bhfeidhm, nach dtarscaoilfear é gan chúis thromaí.


CUID II—CUNTAIS AIRITHE.

Foraoiseacht.

10. Adhmad foraoise a bhíos le díol is gnáth gur trí cheaint phoiblí nó trí thairiscint a díoltar é, ach, nuair nach mbíonn i gceist ach mionchainníochta, díoltar é sa chomharsanacht ar luachanna a shocraíos an Roinn. Tarraingíodh aird ar chás inar cuireadh cainníochtaí móra adhmaid de láimh sa chomharsanacht, gan iomaíocht. Dúradh go ndearnadh suas as iomad fáschoill a bhí tógtha ag an Roinn an fhoraois as a bhfuarthas an t-adhmad. Bhí de nós ann go bhfaghadh muilte sáibhéireachta an cheantair adhmad as na fáschoillte ar luachanna socraithe agus gur mheas an Roinn nár chóir cur isteach ar an ngnás sin. Is trí thairiscintí iomaíochta a díoltar an t-adhmad anois.


Tá an Coiste sásta leis na socruithe atá déanta anois. Is maith leis a dhéanamh soiléir an gá atá lena chinntiú go mbeidh iomaíocht ann nuair a bheas maoin Stáit á dhiúscairt, mura mbeidh cúinsí ann a fhágfas go mbeadh sé an-deacair sin a bheith amhlaidh.


11. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iúl an Choiste ar chásanna áirithe neamh-shuime maidir le rialú cuntas dá dtáinig moill maidir le forcuntais d’eisiúint i leith ábhair a ceannaíodh agus maidir le cíosanna áirithe a bhailiú. Ag féachaint don chaillteanas airgid poiblí d’fhéadfadh a theacht den tsórt sin moille tá súil ag an gCoiste go mbeidh feidhm agus éifeacht leis na bearta adúradh leis a rinneadh ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.


12. Rinneadh tagairt do chaillteanais, £400, tuairim, mar mheas an tOifigeach Cuntasaíochta, a tharla toisc crainn a leagan gan údarás ag airmheán foraoiseachta. Cuireadh in iúl don Choiste an córas rialuithe a bhí i bhfeidhm ag na hairmheána foraoiseachta uile agus faoi seach agus an dlús atá curtha nach dtarlóidh caillteanais den tsórt sin. Tuigeann sé go bhfuil deacrachta ann maidir le cosaint dóthaineach a chur ar fáil agus nach féidir roinnt caillteanais a sheachaint. Is maith leis, ámh, a thabhairt faoi deara, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an méid oibre a dhéanas an Roinn, go bhfuil sé beartaithe an córas rialuithe d’fheabhsú, agus tá súil aige go mbeifear i ndon modh tíobhasach a leagadh amach a fhágfas nach mbeidh de chaillteanas feasta ann ach an méid is lú is féidir.


13. Rinneadh tagairt do na deacrachtaí d’éirigh maidir le stocáireamh fál-ábhair in airmheána foraoiseachta. Mar gheall ar an mórmhéid líonraí miotail agus sreinge frídíní atá ar láimh, agus an costas as miosúr a bhainfeadh leis na rollaí d’aistriú agus a chomhaireamh, is do réir toirt a measadh lánas na stóras. Dúradh go ndéanfaí stocáireamh iomlán nuair a bheadh na cainníochta ar láimh laghdaithe trí eisiúna le haghaidh úsáide reatha.


Tuigeann an Coiste go raibh deacrachtaí ann mar gheall ar an mórmhéid fál-ábhair a tiomsaíodh agus tá súil aige go ndéanfar gach dícheall chun na stoic ar láimh a chomhardadh a luaithe is féidir.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

14. Forálann alt 13 den Acht Siltin Airtéirigh, 1945, go n-eiseoidh an tAire Airgeadais deimhniú déantachta i leith oibreacha siltin a rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí. Faoi théarmaí ailt 37 den Acht, féadfar caiteachas ar chothabháil a bheas ann tar éis an deimhniú sin a bheith eisithe a ghnóthú ó na comhairlí contae. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh scéim siltin na Brosnaighe, a chosain £1,157,430 suas go dtí 31 Márta, 1954, críochnaithe le tamall agus go ndeachthas faoi chaiteachas ar chothabháil maidir leis. Tuigtear go ndearnadh caiteachas ar chothabháil a mhuirearú i leith oibreacha tógála, nó go ndéantar leasú alt 37 den Acht chun an foras a dhéanamh soiléir ar ar chóir na méideanna a mheasúnú a bheas le gnóthú ó na comhairlí contae. Rinneadh an leasú ba ghá leis an Acht Siltin Airtéirigh (Leasú), 1955, a ndearna dlí de an 30 Samhain, 1955, agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh deimhniú déantachta á eisiúint. Ag féachaint don chaillteanas do chistí Stáit d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca moill ar bith do bhaint le deimhniú déantachta d’eisiúint is mian leis an gCoiste a chur in iúl gurb é a thuairim láidir gur cóir an eisiúint a dhéanamh a luaithe is féidir.


15. Le linn na taifid i dtaobh gléasra agus inneallra a bheith i dtrácht, dúirt an tOifigeacha Cuntasaíochta gur coimeádadh taifid ar leithligh i dtaobh stair mheicniúil agus stair airgeadais gach maisín ach go rabhthas ar gcúl leis an obair sin toisc teirce foirne cléireachais. Is é tuairim an Choiste gur rud an-tábhachtach é coinneáil na dtaifead seo agus tá súil aige go ndéanfar gach dícheall ar iad a thabhairt suas go dáta.


Bun-Oideachas.

16. Tá socrú déanta chun ranníoca d’íoc i leith costas iompair leanaí go dtí scoileanna náisiúnta, faoi réir coinníollacha áirithe i dtaobh aois na leanaí, an fhad a bhíos le dul acu, agus an mheánuimhir in aghaidh an lae a hiompraítear. Rinneadh tagairt do chás ina raibh na tuairisceáin, a thug bainisteoir na scoile mar thacaíocht le héilimh, neamhchruinn. Cheadaigh an Roinn Airgeadais go n-íocfaí ranníoc Stáit ar choinníoll go n-iomprófaí, gach ráithe den bhliain, 15 leanbh inteidil, ar an meán, in aghaidh an lae. Ba shoiléir, ámh ó fhiosrú a rinne an Roinn ar na héilimh a fuarthas ón mbainisteoir, gur háiríodh leanaí neamh-inteidil agus dá thoradh sin go raibh an mheán-uimhir, in aghaidh an lae, de leanaí inteidil a hiompraíodh ó thosnaigh an tseirbhís níos lú ná an uimhir ba ghá.


Bhí ar áireamh sa chuntas atá faoi bhreithniú, ranníoca £230 i leith na seirbhíse sin agus ranníocadh £880 ó bunaíodh í. Chun na híocaíochtaí a dhéanamh rialta, hiarradh ceadú na Roinne Airgeadais chun laghdú a dhéanamh le feidhm iar-ré, ó 15 go dtí 8 leanbh inteidil, ar an meánuimhir, in aghaidh an lae, ba ghá.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh socrú chun seiceála níos iomláine ná mar déantaí ar na huimhreacha leanaí inteidil agus ar na faid a bhíos le dul acu. Tá súil ag an gCoiste gur leor de chosaint ar íocaíochtaí míchearta na bearta seo, agus ba mhaith leis go gcuirfí in dul dó an toradh a bheas ar na huiríolla a rinneadh leis an Roinn Airgeadais sa chás atá faoi bhreithniú.


17. Bíonn ar mhic léinn Choláistí Ullmhúcháin táille bhliantúil d’íoc. Is é an táille uasta £50 sa bhliain ach, do réir scála a cheadaigh an Roinn Airgeadais, glactar le méideanna is lú ná sin i gcásanna ina ndealraíonn sé, ó ioncam an teaghlaigh nó ó na himthosca i gcoitinne, gur chóir sin a dhéanamh. Rinneadh tagairt do chásanna áirithe inar dhealraigh sé na táillí a measúnaíodh a bheith níos lú ná mar ba chóir sna cúinsí áirithe agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh an scála táillí a leagadh síos i 1949 ar neamhréir ar fad leis an gcostas maireachtana reatha agus go rabhthas ag cuimhneamh ar an scála d’athrú.


Tuigeann an Coiste gur féidir cás a shuíomh ar son réim na dtáillí a sonraíodh i 1949 a mhodhnú ach is é a thuairim gur chóir aontú na Roinne Airgeadais d’fháil sarar ceadaíodh gabháil thar na socruithe a bhí ceadaithe. Ba mhaith leis go gcuirtí in iúl dó i dtráth chuí ar ghlac nó nár ghlac an Roinn sin leis na moltaí chun an t-athrú sin a dhéanamh.


Cosaint.

18. Sa bhliain atá faoi bhreithniú tosnaíodh ar scéim, ar measadh go ngabhfadh £150,000 costais léi, chun méid áirithe tithe a thógaint le haghaidh saighdiúirí pósta. Níor bhféidir le hOifig na nOibreacha Poiblí an tosaíocht ba ghá a thabhairt don tionscadal agus rinneadh an obair le saothar díreach faoi mhaoirseacht an Chóir Innealltóirí. Ní raibh soláthar ar bith sa mheastachán le haghaidh na scéime agus, le haontú na Roinne Airgeadais, rinneadh tuairim £2,000 caiteachais faoina ndeachthas sa tréimhse go 31 Márta, 1954, a mhuirearú in aghaidh an tsoláthair le haghaidh oibreacha cothabhála agus mionoibreacha.


Ag féachaint do mhór-mhéid an chaiteachais chaipitil a bhí beartaithe, is é tuairim an Choiste gur chóir údarás parlaiminte d’fháil sarar tosnaíodh ar an obair. Tugann sé faoi deara go bhfuil, sa mheastachán don bhliain 1954-55, soláthar le haghaidh caiteachais ar an scéim faoi fho-mhírcheann S (Cothabháil Bheairice agus Oibreacha Nua). Is é a thuairim gur cheart soláthar a dhéanamh faoi fhomhírcheann ar leithligh le haghaidh caiteachais chaipitil a bhfuil aon mhéid ann.


Oifig an tSoláthair.

19. Déantar stocáireamh ag deireadh gach bliana airgeadais ar na stóir a shealbhaíos Oifig an tSoláthair agus is iad na torthaí amhail ar an 31 Márta, 1952, na cinn is déanaí atá ar fáil ag an gCoiste. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh athrú le roinnt blianta anuas ar an nós imeachta maidir le conartha agus cuntasaíocht agus go dtáinig de tosaíocht a thabhairt don obair sin seachas do chothromú na stoc féin leis an gcomhardú sna príomhleabhair. Dúirt sé freisin go raibh beartaithe córas nua cuntasaíochta stór a chur i réim chun rialú na stoc d’fheabhsú agus chun go mb’fhusa aon neamhréireacht d’fhiosrú. Tugann an Coiste faoi deara na bearta atá déanta agus ba mhaith leis scéala d’fháil nuair a bheas na riaráistí glanta.


20. Cuireadh in iúl don Choiste go ndearnadh áireamh ar chlóscríbhneoirí agus maisíní oifige eile atá in úsáid sa tseirbhís phoiblí agus gur nochtadh neamhréireachtaí áirithe atá á bhfiosrú anois. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh beartaithe go ndéanfaí, nuair a bheadh an obair sin críochnaithe, na taifid sna Ranna agus na taifid in Oifig an tSoláthair a chothromú go tráth-rialta agus deimhnithe d’fháil go raibh na maisíní á n-úsáid iarbhír agus nach farasbár iad. Tá an Coiste sásta i dtaobh a bhfuil beartaithe a dhéanamh chun rialú éifeachtach a chur i bhfeidhm, go háirithe ó tá méadú ag teacht ar an méid maisíní costasacha atá á n-úsáid. Ba mhaith leis scéala d’fháil faoi thoradh an fhiosruithe atá i gceist.


21. Maidir le conartha a dhéanas Oifig an tSoláthair i leith foilseachán Rialtais, etc., a chur i gcló, is gnáthach stoc páipéir a thabhairt don chonraitheoir sara dtugtar orduithe chun clóbhuailte, agus ar na conartha a bheith críochnaithe ní foláir aon pháipéar nár húsáideadh a thabhairt ar ais d’Oifig an tSoláthair. Cuireadh in iúl don Choiste go ndearnadh moill faoin bpáipéar sin a chur ar ais tar éis conartha áirithe a bheith críochnaithe. I gcás amháin bhí páipéar dár measadh £1,200 de luach i gceist agus cuireadh in iúl don Choiste gur moillíodh réiteach an chúrsa toisc easaontas leis an gconraitheoir faoi na cainníochta a bhí amuigh. Bhítheas ag coinneáil siar suimeanna, £1,200 san iomlán, a bhí dlite don chonraitheoir, nó go ndéanfaí réiteach. O tharla go leanann na conartha seo tréimhsí fada i bhfeidhm tá súil ag an gCoiste go ndéanfar socrú tíobhasach chun stoic pháipéir a bhíos ar láimh ag conraitheoirí d’fhiosrú nuair is fiú go leor airgid na stoic sin.


(Sínithe) PROINSIAS MAC ARTÚIR,


Cathaoirleach.


20 Meitheamh, 1956.