Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1953 - 1954::20 June, 1956::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Iúil, 1955:—D’ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1954, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


7 Iúil, 1955:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí A. de Barra, MacPharthaláin, S. Ó Braonáin, MacArtúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, A. P. Dockrell, T Ó Loingsigh, Ó Mothair, M. Ó Murchadha, Ó hEaghra agus Sheldon.