Committee Reports::Report - Ruling by the Cathaoirleach on an Amendment to the Local Government (Superannuation) Bill, 1955::15 March, 1956::Report

TUARASCÁIL

1. Scrúdaigh an Coiste an ní a cuireadh faoina bhráid le hOrdú an 14 Márta, 1956, ó Sheanad Éireann. eadhon, cinneadh an Chathaoirligh go raibh leasú Uimh. 3 a chuir an Seanadóir Ó Murchadha síos do Chéim an Choiste den Bhille Rialtais Aitiúil (Aoisliúntas) 1955, as ordú mar go mba dhóigh dhó an muirear ar chistí Stáit a mhéadú.


2. Comhaontaíonn an Coiste d’aon-ghuth leis an rialú a rinne an Cathaoirleach ar an leasú.


(Sínithe) PÁDRAIG BAXTER,


Cathaoirleach.


15 Márta, 1956.