Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1953 - 1954::13 October, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 13 Deireadh Fómhair, 1955.

Thursday, 13th October, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí Mac Pharthaláin, Hanraoi Dockrell, Ó hEaghra agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1953-54.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1953-54. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, Oifig an Aire Dhlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Glárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí, Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Eadarnáisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), R. Ó hÉigeartaigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), Tomás Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Seán Ó Murchadha (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), C. Ó Broin agus T. Ó Maoileoin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.30 p.m.