Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1953 - 1954::06 October, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair, 1955.

Thursday, 6th October, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí Mac Pharthaláin, Bean Uí Chruadhlaoich, Hanraoi Dockrell, Ó Mothair, Ó hEaghra agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1953-54.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1953-54, Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Príomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeall Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, Ciste na nIasacht Aitiúla, Méaduithe ar Luach Saothair, An Ciste Forbartha Náisiúnta, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig na nAnnálacha Poiblí, An Dánlann Náisiúnta, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann agus Suirbhéireacht an Ordanáis.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh E. Mac Réamoinn (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach, Coimisinéiri Ioncaim), D. Ó Cobhthaigh (Oifig na nAnnálacha Poiblí), T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Mac Craith (Coimisinéir Luachála), M. Breathnach agus T. Ó Maoileoin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.40 p.m.