Committee Reports::Reports and Proceedings - Factories Bill, 1954 ::11 February, 1955::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

2 Nollaig, 1954:—D’ordaíodh, Go gcuirfear ar ceal an tOrdú a rinne an Dáil 10 Samhain, 1954, chun an Bille Monarchan, 1954, a bhreithniú i gCoiste den Dáil uile;


Go gcuirfear an Bille Monarchan, 1954, chun Coiste Speisialta ar a mbeidh seacht gComhaltaí déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta;


Gur seisear is córam den Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste lá nach luaithe ná 16 Nollaig, 1954 [An tAire Tionscail agus Tráchtála].


15 Nollaig, 1954:—D’ainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí an tAire Tionscail agus Tráchtála, na Teachtaí de Béalatún, Bléine, de Carrún, Childers, Muiris Dockrell, Ó Donnagáin, Mac Eochagáin, Hilliard, Ó Cadhain, S. Ó Lorcáin, Leimeas, Bean Uí Loingsigh, T. Ó Loingsigh, Mag Raith, Ó hEaghra agus Ó Máille.