Committee Reports::Report and Proceedings - Judicial Salaries, Expense Allowances and Pensions::23 April, 1953::Report

TUARASCÁIL

1. An Rogha-Choiste a bunaíodh chun go mbreithneodh agus go dtuairisceodh sé an gá tuarastail, liúntais chaiteachais agus pinsin na mbreithiún a mhéadú agus, más gá, cé méid é, tuairiscíonn sé mar leanas:


2. Le linn don Choiste a bheith ag breithniú na gceisteanna a cuireadh faoina bhráid, bhí meabhráin forleitheadúla os a chomhair a fuarthas ó bhreithiúin na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche ar lorg méaduithe ar a dtuarastail agus feabhsuithe ar a bpinsin. (feic Fo-Scríbhinní I, II agus III). Bhreithnigh an Coiste freisin uiríolla á iarraidh pinsean breithiúin Dúiche atá ar scor d’athríomh. Ina theannta sin, chuir an tAire Dlí agus Cirt eolas staidrimh agus eolas eile ar fáil.


3. Bhreithnigh an Coiste an cheist ar cheart finnéithe a thoghairm chun fianaise a thabhairt os a chomhair agus scrúdaigh go sonrach iarratais ó bhreithiúin na Cúirte Uachtaraí na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda ar chead chun labhairt i dtaca leis na meabhráin a chuireadar isteach. Cinneadh nár ghá finnéithe d’éisteacht mar gur dheimhin leis an gCoiste go raibh an t-eolas iomchuí go léir aige a theastaigh uaidh chun breith a thabhairt ar na nithe a cuireadh faoina bhráid.


4. Na nithe a bhí os comhair an Choiste déileáladh leo ina dtrí mór-ranna mar leanas (1) tuarastail, (2) liúntais chaiteachais agus (3) pinsin.


TUARASTAIL.

5. Bhí na tuarastail a híocadh le breithiúin roimh 1947 faoi rialú an Achta Cúirteanna Breithiúnais 1924. Méadaíodh na tuarastail sin mar leanas le hailt 5 go 8 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947:—


(a) Breithiúin na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.


(i) I gcás gach gnáth-bhreithiún den Ard-Chúirt— 20%.


(ii) I ngach cás eile—15%.


(c) Breithiúin Chuarda.


Gan Uachtarán na Cúirte Cuarda d’áireamh, breitheamh a gheibheas an tuarastal bliantúil céanna a gheibheas gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt—25%.


(c) Breithiúin na Cúirte Dúiche.


I ngach cás—30%.


Níor méadaíodh na tuarastail sin ó 1947.


Molta.


6. Tar éis na fíorais agus an t-eolas go léir a bhí os a chomhair a bhreithniú, is é tuairim an Choiste agus molann sé gur cheart na tuarastail a mhéadú na méideanna seo a leanas:—


Breithiún na Cúirte Dúiche agus gnáth-bhreithiúin na Cúirte Cuarda, £450; Uachtarán na Cúirte Cuarda agus breithiúin na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte, £250.


Molann sé freisin na méaduithe a bheith éifeachtúil ón 1ú lá d’Aibreán, 1952.


Cé go molann an Coiste na tuarastail mhéadaithe seo, braitheann sé gurb é a dhualgas tagairt don mheán-uimhir uaire a chloig a chaitheas breithiúin gach Cúirte ar binse. Is meán-uimhir bheag í nuair a cuimhnítear gur postanna lán-aimsire na postanna uile atá i gceist. Is iad na príomh-thoscaí is cúis leis sin, dar leis an gCoiste, an gearr-lá, an ghearr-sheachtain agus an tsaoire fhada shamhraidh a ghabhas, ó thraidisiún, le postanna na mbreithiún. D’fhonn gur tíobhasaí scafánta a riarfaí an dlí, is é tuairim an Choiste gur cheart go suífeadh na Cúirteanna níos sia gach lá is gá sin, go suífeadh gach breitheamh cúig lá sa tseachtain a mhéid is féidir sin agus go ngiorrófaí an tsaoire shamhraidh agus, mar chomhthoradh agus do réir mar is gá sin, go ndéanfaí na ceantair dhlínse d’atheagrú.


LIUNTAIS CHAITEACHAIS.

7. Is é an t-údarás reachtúil chun caiteachais d’íoc leis na breithiúin alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, alt adeir:—


“Iocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le breithiúin den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda agus den Chúirt Dúiche, agus le Coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird, pé suimeanna (i dteanta a luach saothair), mar chúiteamh i gcostaisí faoina raghaid ag taisteal nó ar shlí eile chun dualgaisí a n-oifigí faoi seach d’fheidhmiú, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.”


Is ar an bhforas seo a leanas a híoctar caiteachais taistil leis na breithiúin iomaí—


Breithiúin na Cúirte Dúiche.


8. Lamháltar do bhreithiúin dúiche caiteachais atá, i gcoitinne, comhionann leis na caiteachais a lamháltar do sheirbhísigh phoiblí den aicme is airde. Baineann na coinníollacha céanna leo, go háirithe an coinníoll a chuireas cosc, i mbrainsí eile den tseirbhís phoiblí, le híoc liúntas taistil agus cothuithe ach amháin i gcás ócáidí ar riachtanach don duine a bhíos i gceist a bheith as láthair ar dualgas amach óna cheann-cheathrú. Mar sin, ní lamháltar aon chaiteachas do bhreitheamh dúiche as freastal ar chúirt ina dhúthaigh a háirítear mar cheann-cheathrú nó mar lár-ionad aige (an príomh-bhaile cúirte de ghnáth), ach amháin an méid sin caiteachais a mbíonn air dul faoi ag taisteal idir a cheann-cheathrú agus na cúirteanna eile ina dhúthaigh; agus is óna cheann-cheathrú a tomhaistear a thaisteal. Is é sin le rá, tá sé ceaptha do bhreithiúin dúiche, mar atá ceaptha do sheirbhísigh phoiblí eile, dul go dtí a n-áit ghnótha nó a bpríomh-áit ghnótha, agus iad féin a chothú ansin, ar a gcostas féin. Chomh fada is bhaineas le caiteachais taistil, ní leantar go dlúth don riail sin i gcás breithiún dúiche, ionas gur féidir caiteachais taistil d’íoc leo as a ngluaisteáin féin d’úsáid ar thurais ar a bhféadfaí cóir iompair phoiblí d’úsáid nach dtarraingeodh an oiread costais ar an Stát. Ar mhaithe leis an áisiúlacht, íoctar liúntais bhliantúla nó liúntais iomalairtithe le breithiúin dúiche a bhíos toilteanach liúntais den tsórt sin a ghlacadh, in ionad caiteachais na dturas faoi leith a chúiteamh leo do réir mar déantar na turais sin. Bunaítear na liúntais sin ar an méid taistil a meastar a bhíos le déanamh agus ríomhtar iad do réir na scálaí agus na gcoinníollacha údaraithe.


Bseithiúin na Cúirte Cuarda.


9. Gheibheann breitheamh den Chúirt Chuarda liúntais cosúil leis na liúntais a gheibheas breithiúin dúiche agus an méid seo a leanas ina theannta sin. Bheirtear liúntas chun íoc as seomra suite príobháideach, agus, má bhíonn fuireach fada in áit áirithe, ní laghdaítear ráta an bhun-liúntais chothuithe, liúntas atá, mar atá i gcás breithiún dúiche, do réir an ráta is airde a híoctar sa tseirbhís phoiblí. Maidir le taisteal, más i mBaile Atha Cliath a chónaíos sé, lamháltar caiteachas an taistil dó idir Baile Atha Cliath agus a chuaird; is é sin le rá, meastar gurb é Baile Atha Cliath a cheann-cheathrú. Ina theannta sin, más ina ghluaisteáin féin a théas sé, lamháltar dó, do réir ráta níos ísle, ámh, caiteachais a thaistil abhaile deireadh na seachtaine is cuma cé acu a bhíos nó nach mbíonn sin níos costasaí ar an Stát. Lamháltar dó freisin an caiteachas breise a bhíos air mar gheall ar chur faoi i mbaile mór seachas an baile mór ina mbíonn an chúirt ina suí a bhíos sé a fhreastal, má bheirtear cúis mhaith leis sin.


Breithiúin na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.


10. Is é an t-aontaisteal oifigiúil a bhíos ar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a dhéanamh a chuid taistil de bharr é a shannadh chun bheith i gceannas ar shuíonna den Ard-Chúirt ar cuaird di. Téann an Ard-Chúirt ar cuaird ar fud na tíre faoi dhó sa bhliain, sa Márta agus i mí Iúil. Bheirtear cóiríocht (i dtithe lóistín a forcoimeádtar chuige sin nó i dtithe ósta) agus a mbéilí ar chostas an Stáit do na breithiúin agus dá gcraolairí, agus, dá bhrí sin, ní lamháltar aon ní ar scór cothuithe dhóibh. Ina theannta sin, bheirtear liúntais £50 do gach breitheamh ag dul ar cuaird dó chun íoc as caiteachais speisialta dó féin agus dá chraolaire. Híoctar an liúntas sin is cuma cá fhad an tréimhse a caitear ag críochnú gnótha na cuarda agus féadfar suim bhreise, suas go dtí £100 ar a mhéid san iomlán, a dheonadh má dheimhníonn an breitheamh nach raibh an £50 sin dóthaineach chun íoc as a chaiteachais.


Molta.


11. (i) Maidir le ceist na gcaiteachas taistil i gcoitinne, is é tuairim an Choiste gur cheart go mbeadh teideal ag breithiúin go bhfaighdís, i dteannta a dtuarastal, pé liúntais is dóigh leis an Aire Dlí agus Cirt, le toiliú an Aire Airgeadais, is gá chun íoc as caiteachais na mbreithiún ag comhlíonadh dualgas a n-oifigí faoi seach dóibh agus gur ag an. Aire Dlí agus Cirt ba cheart a fágfaí le cinneadh, le toiliú an Aire Airgeadais, aon cheist a bheadh ann i dtaobh ar ghá do bhreitheamh dul, i gcás áirithe, faoi chaiteachas ar ní áirithe nó faoi shuim áirithe chaiteachais.


(ii) Is é tuairim an Choiste gur réasúnach a cheapadh do bhreitheamh dúiche dul go dtí príomh-bhaile cúirte a dhúiche, teacht as sin agus é féin a chothú ansin, ar a chostas féin. Dá réir sin, molann sé go leanfaí den ghnás atá ann. Tá an gnás sin leagtha amach i mír 8.


(iii) Measann an Coiste gur réasúnach a cheapadh do bhreitheamh den Chúirt Chuarda, ar ghá dhó a bheith as baile thar oíche mar gheall ar ghnóthaí a chúirte, go gcuirfeadh sé faoi sa bhaile mór ina mbeadh a chúirt ina suí agus nár cheart caiteachas breise a chur ar an Stát má chuireann sé faoi in áit éigin eile mar shásamh nó mar chaothúlacht dó féin. Dá réir sin, molann an Coiste nach ceart go bhfaigheadh Breitheamh Cuarda a chuirfeas faoi i mbaile mór nó in áit seachas an baile mór nó an áit ina mbeidh a chúirt ina suí aon liúntas chun íoc as caitheachais taistil go dtí an baile mór agus ón mbaile mór ina mbeadh an chúirt ina suí ón áit agus go dtí an áit ina mbeadh sé ag cur faoi mura gcruthaí sé don Aire Dlí agus Cirt nach bhfuil aon chóiríocht oiriúnach ar fáil sa bhaile cúirte ná in aon áit eile níos gaire don bhaile cúirte ná an áit inar chuir sé faoi.


(iv) Maidir le caiteachais na mbreithiúin den Ard-Chúirt a théas ar chuaird na Cúirte sin, is dóigh leis an gCoiste go bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an socrú atá ann trína bhfuil de dhualgas ar na Cláraitheoirí Contae lóistín d’fháil do na breithiúin i dtithe príobháideacha ar chostas an Stáit. An córas sin, faoina n-íoctar as lóistín, a cuireadh i bhfeidhm athuair ar theacht i ngníomh don Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, is sa bhliain 1804 a cuireadh in bhfeidhm in Eirinn ar dtús é nuair ba dheacair cóiríocht d’fháil i dtithe ósta fiú i gcathracha féin agus nuair nár bhféidir sin d’fháil, b’fhéidir, i gcuid de na bailte síosón. Sna cúinsí sin, b’fhéidir go mba cheart agus go mba chuí, os comhair an phobail de, go bhfaighfí an chóiríocht riachtanach do bhreithiúin i lóistíní príobháideacha, ach, ós rud nach féidir sin d’fháil anois ach ar chostas neamhchuimseartha don Stát, is é tuairim an Choiste gur féidir leis na breithiúin féin an chóiríocht sin a bhíos ag teastáil uathu, sa ló atá inniu ann, lena n-áirítear príobháideacht réasúnach, a sholáthar go réasúnach iad féin. Dá réir sin molann an Coiste go ndéanfaí alt 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, a chúlghairm agus go n-íocfaí, in aghaidh gach lá a bheas sé as láthair ar cuaird, le gach breitheamh den Ard-Chúirt a raghas ar cuairt an oiread de liúntas laethúil agus is gá chun íoc as cóiríocht tí ósta oiriúnach agus béilí don bhreitheamh agus dá chraolaire. Molann an Coiste freisin go leanfaí den ghnás atá ann cnapshuim d’íoc chun íoc as caiteachais speisialta an bhreithiún agus a chraolaire.


PINSIN.

12. Tá na téarmaí pinsean ar a scoireann na breithiúin curtha síos go mion sna míreanna seo a leanas.


Breithiúin na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda.


13. Forálann an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, go bhfuil teideal ag breithiúin a scoireas tar éis 15 bliana nó níos mó de sheirbhís chun dhá dtrian a dtuarastail d’fháil mar phinsean. Deontar pinsean freisin do bhreitheamh a scoireas mar gheall ar shean-aois nó buaneasláinte tar éis 5 bliana ach níos lú ná 15 bliana de sheirbhís agus is é méid pinsin a gheibheas sé séú cuid a thuarastail móide an fichiú cuid in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse de bhreis ar 5 bliana.


14. Tá ceangal ar bhreithiúin na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte scor ar 72 bhliain d’aois a shlánú dhóibh. Tá an ceangal céanna ar bhreithiúin den Chúirt Chuarda a ceapadh roimh 12ú Iúil, 1947. Breithiúin den Chúirt Chuarda a ceapadh ón dáta sin tá orthu, faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, scor ar 70 bliain d’aois a shlánú dhóibh.


15. Tar éis 15 bliana seirbhíse, is cead do bhreitheamh scor ar lánphinsean, is cuma cad é an aois é.


Breithiúin na Cúirte Dúiche.


16. Tá na forála pinsin maidir le Breithiúin Chúirte Dúiche níos casta ná sin. Roimh 1936, bhí gach Breitheamh Cúirte Dúiche, faoi réir an tsláinte a bheith go maith aige ar dháta a cheaptha, inphinsin faoi na hAchta Aoisliúntais, i.e., bhí na cearta céanna pinsin aige atá ag Stát-Sheirbhísigh. Is é méid a bheadh i bpinsin ar an bhforas sin an t-ochtodú cuid den tuarastal in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse, faoi réir pinsin uasta dár méid an t-ochtodú cuid faoi cheathracha, maraon le haisce (cnapshuim) arna ríomh ar fhoras an tríochadú cuid den tuarastal in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse faoi réir aisce uasta dár méid an tríochadú cuid faoi chúig ceathrachad. Dá bhfaghadh breitheamh dúiche bás is seilbh oifige dhó bheadh teideal ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil chun aisce d’íoc leis ba chomhionann le tuarastal bliana nó, dá mbeadh os cionn tríocha bliain seirbhíse curtha isteach ag an mbreitheamh, chun aisce arna ríomh ar fhoras tríochadú cuid an tuarastail in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse faoi réir aisce uasta dár méid ar an tríochadú cuid faoi chúig ceathrachad.


17. Thug an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, téarmaí achtuaire níos fearr. Faoin Acht sin tá pinsean comhionann le dhá dtrian an tuarastail indáfa tar éis seirbhíse tríochad blian nó níos mó. Deontar pinsean do bhreitheamh dúiche ar scor dó mar gheall ar shean-aois nó buan-easláinte tar éis seirbhíse 10 mblian nó níos mó ach níos lú ná tríocha bliain seirbhíse, agus is é a mhéid séú cuid an tuarastail móide ceathrachadú cuid an tuarastail in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse de bhreise ar 10 mbliana seirbhíse. Tá de roghain ag breithiúin dúiche a bhí in oifig ar dháta Acht 1936 a rith a gcearta pinsin faoi na hAchta Aoisliúntais a choimeád. Mar chúiteamh as ucht na téarmaí achtuaire níos fearr atá in Acht 1936 a ligean uathu, na Breithiúin Dúiche sin a ghlac an rogha sin tá teideal acu chun méadú deich faoin gcéad ar an bpinsean a deonfaí dóibh mura mbeadh sin, faoi réir an choinníll nach mó ná leath an tuarastail don phinsean iomlán.


18. Cinneann an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946, arna mhodhnú leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, an aois scoir do bhreithiúin dúiche. I gcás duine a bhí, roimh an 29ú Iúil, 1946, ina Bhreitheamh Dúiche do Chathair Bhaile Atha Cliath nó arbh é an Breitheamh é a bhí buansannaithe don Dúthaigh ar cuid di Cathair Chorcaighe, 70 an aois scoir; 65 an aois scoir sna cásanna eile. Bunaíodh Coiste le hAcht 1949 ar a bhfuil an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte agus an tArd-Aighne agus a bhfuil cumhacht aige breitheamh ar 65 a aois scoir a choimeád in oifig ó bhliain go bliain nó go slánaí sé 70 bliain d’aois.


Molta.


Breithiúin na Cúirte Dúiche.


19. (i) Faoi Acht 1924, is í an cháilíocht íosta chun duine a cheapadh mar Bhreitheamh Dúiche sé bliana a bheith caite aige ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach. Ní ceart a dhearmad gur shocrú nuaí Cúirteanna Dúiche mar bunaíodh iad nuair a cinneadh ar na sé bliana sin agus gur theastaigh uimhir mhór Breithiún Dúiche a cheapadh. Is é tuairim an Choiste gur cheart, mar atá cúinsí faoi láthair, an tréimhse cháiliúcháin íosta sin a shíneadh go deich mbliana.


(ii) Is é toradh a bheas ar an moladh sin roimhe seo neartú ar an gclaonadh atá ann chun daoine a cheapadh atá, ar an meán, beagán le cois ceathracha bliain d’aois. Dá réir sin, measann an Coiste nár scéim pinsin iomchuí scéim pinsin faoinar ghá tríocha bliain seirbhíse sara mbeadh pinsean uasta indáfa, mar gur amhlaidh a bheadh ag formhór na mbreithiún dúiche a ceapfaí nach dtiocfaidís chun teideal a bheith acu chun an phinsin uasta. Faoi réir (iv) den mhír seo, molann sé go ndámhfaí pinsin ar na prionsabail chéanna do bhreithiúin na Cúirte Dúiche atá ag breithiúin na Cúirte Cuarda agus na gCúirteanna is airde ná sin.


(iii) Rinne an Coiste breithniú iomlán ar na huiríolla maidir le pinsin Bhreithiúin Dúiche scortha d’athríomh agus chinn gan aon mholadh a dhéanamh.


Ginearáita.


(iv) Rinneadh breithniú cúramach ar an gcóras pinsean a theachtas na breithiún na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda faoi láthair. Ag féachaint, ámh, do sheasamh na mbreithiún, is é tuairim an Choiste gur córas réasúnach, sásúil é cé is moite de phointe amháin, eadhon, gur féidir le breitheamh ar bith den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda atá ina shláinte agus inniúil ar dhualgais a phoist a chomhlíonadh scor le lán-phinsean is cuma cad é an aois é ach cúig bliana déag seirbhíse a bheith curtha isteach aige. Molann sé dá bhrí sin nach ceart go mbeadh teideal ag aon bhreitheamh a ceapfaí feasta chun pinsin nó go mbeadh cúig bliana seascad d’aois slán aige murar ghá dó scor roimhe sin mar gheall ar easláinte nó míchumas eile. Má cuirtear moladh (ii) den mhír seo i bhfeidhm ba cheart go mbeadh feidhm ag an riail seo maidir le gach breitheamh dúiche a ghlacfadh rogha ar a sochair agus fós maidir le gach breitheamh dúiche a ceapfaí dá éis sin.


Molann an Coiste freisin go mba cheart, maidir le gach breitheamh a scoirfeas, roimh chúig bliana seascad d’aois a shlánú dhó, ar scór easláinte nó míchumais eile agus a théarnós dá éis sin, go gcuirfí de cheangal air teacht ar ais chun oibre má bhíonn sé fós faoin aois sin agus más oiriúnach leis an Rialtas.


(v) Bhéarfar faoi deara go raibh moladh i ngach meabhrán a tíolacadh don Coiste go mba cheart socrú a dhéanamh i gcóir pinsean do bhaintreacha agus dílleachtaí breithiún. Tar éis don Choiste an scéal a bhreithniú go hiomlán chinn sé gan aon mholadh a dhéanamh.


SEÁN Ó LOINSIGH,


Cathaoirleach.


23ú Aibreán, 1953.