Committee Reports::Report and Proceedings - Judicial Salaries, Expense Allowances and Pensions::23 April, 1953::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

9ú Nollaig, 1952:—Ordaithe, Go ndéanfar Rogha-Choiste a bheas comhdhéanta de chúig Chomhaltaí déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta agus ar córam cúigear acu, a cheapadh, le cumhacht chun fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid, le go mbreithneoidh agus go dtuairisceoidh an gá tuarastail, liúntais chaiteachais agus pinsin na mbreithiún a mhéadú agus más gá, cé méid é [An tAire Dlí agus Cirt.]


11ú Nollaig, 1952:—Ordaithe, D’ainneoin aon ní contrártha dhó sin san Ordú ón Dáil ar an 9ú Nollaig, 1952, gur dhá chomhalta déag a bheas ar an Rogha-Choiste ar thuarastail, liúntais chaiteachais agus pinsin na mbreithiún, agus gur ceathrar díobh a bheas mar chóram agus go gceapfar na comhaltaí seo a leanas chun fónamh ar an gCoiste sin:—


Minister for Justice, Parliamentary Secretary to the Government, Deputies Denis Allen, John Belton, Harry Colley, Peadar Cowan, Maurice E. Dockrell, Patrick J. Hillery, Michael Hilliard, Seán MacEoin, Daniel Morrissey and Ted O’Sullivan


[Minister for Justice].