|
TUARASCÁIL1. De bhun Orduithe na Dála den 6ú Bealtaine, 1953, tá an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí tar éis fiosrú a dhéanamh maidir le foilsiú míre nuachta i nuachtán a thug achoimre bunáite cruinn ar thuarascáil ó Rogha-Choiste den Dáil, tuarascáil nár cuireadh ar fáil ansin do Chomhaltaí an Tí. 2. Foilsíodh an mhír nuachta, a ndearnadh an gearán ina taobh, i Sunday Express an 3ú Bealtaine, 1953, agus seo a leanas a raibh ráite inti:— JUDGES TO GET RISE IN PAYEire’s 22 judges and 42 district justices are to get a rise in pay. Under a plan now being considered by the Government the salaries of the five Supreme Court Judges will jump from £3,450 to £3,700 and the Chief Justice’s from £4,600 to £4,850. Six High Court judges will probably get an extra £250 a year, lifting their salaries to £3,250. It is planned to give ten circuit court judges £2,575 each instead of the £2,125 they get now. And the pay of district justices may be raised by £440, giving them incomes of £1,870 in Dublin and £1,740 in the country areas. 3. Bunaíodh an Rogha-Choiste ar Thuarastail, Liúntais Chaiteachais agus Pinsin na mBreithiún, a ndúrathas go ndearnadh nochtadh réamhionbhach ar a thuarascáil, ar an 9ú Nollaig, 1952, le hOrdú ón Dáil. Suíonna príobháideacha a bhí ag an Rogha-Choiste agus thíolaiceadar a dtuarascáil go foirmiúil don Dáil ar an 24ú Aibreán, 1953, agus ar an dáta sin rinne an Teach ordú chun an Tuarascáil do luí ar an mBord agus chun an Tuarascáil agus na hImeachta a chlóbhualadh. Mar gheall ar an fhaid aimsire ba ghá chun na scríbhinní a chlóbhualadh ní raibh an Tuarascáil ar fáil ag Comhaltaí an Tí go dtí an 8ú Bealtaine, 1953, agus ar an dáta sin leagadh cóipeanna dhi ar an mBord. Dá réir sin tharla foilsiú na míre nuachta i Sunday Express an 3ú Bealtaine, 1953, i ndiaidh tíolacadh foirmiúil na Tuarascála ach roimh an am a raibh éifeacht phraiticiúil leis an tíolacadh. 4. Is iad seo leanas na ceisteanna a mheas an Coiste a bhí le cinneadh acu—an raibh sa mhír nuachta nochtadh ar théarmaí Tuarascála an Rogha-Choiste agus, má bhí, ar shárú ar phribhléidí an Tí é an Tuarascáil a nochtadh sara raibh sí ar fáil ag Comhaltaí na Dála, agus freisin cad iad na himthosca a thug go ndearnadh an nochtadh. 5. Chuir an Coiste ábhar na míre nuachta i gcóimeas le téarmaí Tuarascála an Rogha-Choiste agus tá siad sásta gur beag nach ionann iad. Níor fhág na difríochtaí beaga a bhí eatarthu aon amhras i dtaobh cruinnis bhunúsaigh an eolais agus ba léir nárbh fhéidir d’aon duine é d’fháil mura raibh teacht aige ar théarmaí na Tuarascála nó murar hinseadh dó iad. 6. Bheirtear de chumhacht do dhá Thigh an Oireachtais le hAirteagal 15.10 den Bhunreacht a scríbhinní Oifigiúla féin a dhídin. Cuireann na rialacha um nós imeachta de cheangal ar Choiste a ceaptar ag an Dáil tuairisciú don Dáil. Féadfaidh Coiste den tsórt sin Ordú a dhéanamh á cheadú d’ionadaithe nuachtán bheith i láthair ag imeachta an Choiste, ach mura ndéantar Ordú den tsórt sin meastar na himeachta a bheith príobháideach go dtí go ndéantar tuairisciú don Tigh. Is follas go bhfuil de theideal ag aon Choiste nach ligeann ionadaithe nuachtán isteach chun éisteacht lena n-imeachta a bpríobháideacht a dhídin. Má déantar nochtadh réamhionbhach lasmuigh den Tigh ar aon chuid dá n-imeachta bheirtear masla don Tigh agus tá an Tigh i dteideal bearta a dhéanamh chun gach duine a bhí páirteach sa nochtadh a phionósú. 7. Dá réir sin cinneann an Coiste gur shárú ar phribhléidí na Dála an Sunday Express d’fhoilsiú na míre nuachta a gearánadh mar gur nochtadh réamhionbhach é ar Thuarascáil an Rogha-Choiste ar Thuarastail, Liúntais Chaiteachais agus Pinsin na mBreithiún. 8. Loirg an Coiste eolas i dtaobh na n-imthosca inar tharla gur nochtadh téarmaí Tuarascála an Rogha-Choiste. Díríodh aire Ghailerí Nuachtóirí an Oireachtais ar an scéal agus chuir Coiste an Ghailerí Nuachtóirí in iúl ag cruinniú speisialta a bhí acu gurbh oth leo go ndéanfaí sárú ar phribhléidí na Dála ach dúradar nárbh fhéidir leo a fháil amach cé faoi deara an sárú. 9. Fuair an Coiste litir ó Eagarthóir an Sunday Express, a bhí tar éis a fháil amach go raibh an scéal dá fhiosrú ag an gCoiste, ag gabháil a leithscéil mar gheall ar an sárú—“inadvertent breach” mar adúirt sé. I bhfreagra ar litir ón gCoiste ghabh an tEagarthóir a leithscéal athuair agus dúirt nárbh eol don fhoireann eagarthóireachta, an tráth a fuarthas an mhír nuachta, go raibh an Rogha-Choiste ar bun. Níor thug an tEagarthóir, áfach, aon eolas don Choiste a cabhródh leo chun páirtithe eile a raibh baint acu leis an nochtadh d’aithint. Tá na litreacha sin san Iarscríbhinn a ghabhas leis an Tuarascáil seo. 10. Ansin rinne an Coiste breithniú féachaint an ndéanfaidís bearta eile chun a fháil amach cé eile a bhí páirteach sa nochtadh. Chinneadar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Ceann de na cúiseanna a thug orthu teacht ar an gcomhairle sin gurbh é seo an chéad ní dá leithéid a raibh breithiúntas agus cáineadh foirmiúil le tabhairt ina leith agus go bhféadfadh sé go mbeadh pé daoine eile a bhí páirteach sa nochtadh á éileamh nach raibh eolas iomlán acu ag an am ar a bhféadfadh leanúint as a ndearnadar. Is mó is cosúil go bhféadfadh sin a bheith amhlaidh de bhrí go rabhthas tar éis Tuarascáil an Rogha-Choiste a thíolacadh go foirmiúil don Dáil ag an am agus go raibh sí á clóbhualadh lena scaipeadh. Thug an Coiste dá n-aire freisin go raibh an nuachtán lasmuigh de dhlínse na Parlaiminte agus go mb’fhéidir go mba dheacair fiosruithe thairis sin a thabhairt chun críche go sásúil. 11. Molann an Coiste glacadh leis an leithscéal ós rud é gur thairg an Sunday Express é chomh luath agus dob eol don nuachtán sin éifeacht a raibh déanta aige agus gur dearbhaíodh an leithscéal athuair i bhfreagra ar litir an Choiste. Ar theacht dóibh ar an gcinneadh sin is mian leis an gCoiste a dhearbhú go soiléir mar bhun-treoir, nach cead do dhuine ar bith imeachta aon Choiste den Tigh nach ligtear d’ionadaithe nuachtán bheith i láthair acu a nochtadh go dtí go mbeifear tar éis an tuarascáil a thíolacadh agus go mbeidh éifeacht ag an tíolacadh tríd an tuarascáil a bheith ar fáil ag Comhaltaí. Duine ar bith a thugann neamhaird ar an mbun-treoir sin tá sé ciontach i sárú ar phribhléidí an Tí. (Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN, Cathaoirleach. 9ú Iúil, 1953. |
||||||||||||