Committee Reports::Report - Premature Disclosure of a Report of a Select Committee::09 July, 1953::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

28ú Meitheamh, 1951:—Ordaithe: Go gceapfar Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bheidh comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de sheacht gComhalta dhéag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnaitheoireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú a dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna nó leasuithe ar na Buan-Ordaithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach a mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar san i dtaobh pribhléidí Comhaltaí.


Gur ochtar a bheidh mar chóram don Choiste (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh).


28ú Meitheamh, 1951:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí O Braoin, O Cuagáin, Mac Fheórais, Mac Cosgair, O Cuinneagáin, O Dabhoireann, Díolún, O Domhnalláin, O Dubhghaill, O Fathaigh, S. O Flannagáin, O Lorcáin, O Briain (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh), T. O Súilleabháin, Bean an Rísigh, O Ruanadha agus Suatman.


15ú Bealtaine, 1952:—Do hurscaoileadh na Teachtaí Mac Cosgair agus O Fathaigh ar a n-iarratas féin agus ceapadh na Teachtaí Hilliard agus Pámar ina n-ionad.


6ú Bealtaine, 1952:—Chuir Rúnaí Parlaiminte an Rialtais in iúl gur foilsíodh i nuachtán—an Sunday Express—achoimre bunáite cruinn ar an Tuarascáil ón Rogha-Choiste ar Thuarastail, Liúntais Chaiteachais agus Pinsin na mBreithiún, tuarascáil nár cuireadh ar fáil ansin do Chomhaltaí an Tí agus dúirt gur sárú príbhléide a bhí ansin.


Ordaithe: Go gcuirfear an scéal faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí (Rúnaí Parlaiminte an Rialtais).