Committee Reports::Report - Premature Disclosure of a Report of a Select Committee::28 May, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 28ú Bealtaine, 1953.

Thursday, 28th May, 1953.

1. Tionóladh an Seachtú Cruinniú Déag den Choiste ar 10.30 a.m. i Seomra 106.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Ó Braoin, Ó Cuagáin, Mac Fheórais, Ó Dabhoireann, Hilliard, Tadhg Ó Súilleabháin agus Suatman.


3. NOCHTADH REAMHION-BHACH AR THUARASCAIL ROGHA-CHOISTE.


Cuireadh in iúl don Choiste gur ceistíodh Cathaoirleach Ghailerí Nuachtóirí an Oireachtais i dtaobh an scéil agus go bhfuarthas freagra á rá go raibh cruinniú speisialta ag an nGailerí Nuachtóirí agus gurbh oth leo go ndéanfaí sárú ar phribhléidí an Tí ach nach raibh aon tslí ina bhféadfaidís a fháil amach cé faoi deara an sárú pribhléide.


Chuaigh an Coiste i gcomhairle.


Treoraíodh litir a chur go dtí Eagarthóir an Sunday Express ag iarraidh air a mhíniú go hiomlán conas a tharla dhó bheith páirteach sa tsárú pribhléide.


6. Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.30 a.m.