Committee Reports::Report - Premature Disclosure of a Report of a Select Committee::13 May, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 13ú Bealtaine, 1953.

Wednesday, 13th May, 1953.

1. Tionóladh an Séú Cruinniú Déag den Choiste ar 10.30 a.m. i Seomra 106.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Ó Braoin, Ó Cuagáin, Mac Fheórais, Ó Cuinneagáin, Ó Dabhoireann, Ó Dubhghaill, Díolún, Seán Ó Flannagáin, Hilliard, Tadhg Ó Súilleabháin, Bean an Rísigh agus Suatman.


3. NOCHTADH REAMHION-BHACH AR THUARASCAIL ROGHA-CHOISTE.


Léadh Ordú na Dála den 6ú Bealtaine trínar cuireadh faoi bhráid an Choiste foilsiú a rinneadh san Sunday Express ar mhír nuachta bunáite cruinn maidir le Tuarascáil an Rogha-Choiste ar Thuarastail, Liúntais Chaiteachais agus Pinsin na mBreithiún, tuarascáil nach raibh foilsithe do Dháil Éireann an tráth sin.


Chuaigh an Coiste i gcomhairle.


Do haontaíodh go raibh bunáite a ndúrathas sa mhír nuachta ar aon dul le téarmaí na Tuarascála a foilsíodh ó shin.


Beartaíodh gur shárú ar phribhléidí an Tí é téarmaí na Tuarascála a nochtadh sarar foilsíodh do Dháil Éireann iad.


Treoraíodh a fhiafraí de Chathaoirleach Ghailerí Nuachtóirí an Oireachtais an dtabharfadh sé don Choiste gach eolas iomchuí a bhí aige i dtaobh an scéil.


7. Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.45 a.m.