Committee Reports::Report - Question of the Effect of Senator William McMullen's bankruptcy on his membership of the Seanad::29 October, 1952::Report

TUARASCAIL

1. Scrúdaigh an Coiste an cheist a cuireadh faoi bhráid an Choiste le hOrdú ón Seanad ar an 29ú Deireadh Fómhair 1952, eadhon, éifeacht fhéimheachta an tSeanadóra Liam Mac Maoláin maidir lena bheith ina chomhalta den tSeanad.


2. Bhí os comhair an Choiste Deimhniú an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht go ndearnadh an Seanadóir Liam Mac Maoláin a bhreithniú ina fhéimhí san Ard-Chúirt Bhreithiúnais ar an 16ú Meán Fómhair, 1952.


3. Tuairiscíonn an Coiste gur scoir an Liam Mac Maoláin sin de bheith ina chomhalta den tSeanad ar an 16ú lá sin de Mheán Fómhair, 1952, toisc go ndearnadh amhlaidh é a bhreithniú ina fhéimhí.


(Sínithe) LIAM Ó BUACHALLA,


Cathaoirleach.


29ú Deireadh Fómhair, 1952.