Committee Reports::Report and Proceedings - Defence Bill, 1951::22 April, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA.

THE PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Máirt, 22ú Aibreán, 1952.

Tuesday, 22nd April, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta V. de Valéra (i g Ceannas), an tAire Cosanta, na Teachtaí Ó Braonáin, Mac Artúir, Ó Colla, Ó Comhdhain agus Hilliard.


3. Breithniu an Bhille.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Alt 154.


Ceist tairgthe arís:—“Go bhfanfaidh an t-alt, mar a leasaíodh, mar chuid den Bhille.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


(ii) Ailt 155 go 161 go huile, aontaithe.


(iii) Alt 162.


Leasú tairgthe (An Teachta Ó Comhdhain).


“In paragraph (b), line 40, before ‘fails’ to insert ‘without reasonable cause’.”


Leasú, faoi chead, tarraingthe siar.


Alt aontaithe.


(iv) Ailt 163 go 166 go huile, aontaithe.


(v) Alt 167.


Leasú tairgthe (An Teachta Ó Comhdhain):


“In subsection (1), line 3, before ‘is’ to insert ‘(as hereinafter defined in the section)’.”


Ceist curtha: rinne an Coiste vótáil: Tá, 1; Níl,5.


Tá:—An Teachta Ó Comhdhain.


Níl:—Aire Cosanta, na Teachtaí Ó Braonáin, Mac Artúir, Ó Colla agus Hilliard.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Alt aontaithe.


(vi) Alt 168.


Leasú tairgthe (An Teachta Ó Comhdhain):


“In subsection (1) to delete paragraph (a), line 47.”


Ceist curtha: rinne an Coiste vótáil: Tá, 1; Níl, 5.


Tá:—An Teachta Ó Comhdhain.


Níl:—Aire Cosanta, na Teachtaí Ó Braonáin, Mac Artúir, Ó Colla agus Hilliard.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Alt aontaithe.


(vii) Alt 169 aontaithe.


(viii) Alt 170.


Leasú tairgthe (An Teachta Ó Comhdhain):


“In subsection (2), page 74, paragraph (e), lines 41 and 42, to delete ‘any person subject to military law who is so authorised by any commanding officer’ and substitute ‘any officer or man’.”


Tharla Díospóireacht.


Breithniú breise ar an mBille curtha ar athló.


4. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.55 p.m. go dtí 7.30 p.m. amárach.