Committee Reports::Report and Proceedings - Royal Hospital for Incurables Dublin (Charter Amendment) Bill, 1952 [Private]::21 May, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOMH-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 21ú Bealtaine, 1952.

Wednesday, 21st May, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Raghallaigh (i gCeannas), na Teachtaí Ó Caoilte, Mac Fheorais agus Sheldon, na Seanadóirí Ó Colgáin agus Dubhglas.


3. Laithriu thar ceann na dtionscnoiri.


Láithrigh S. Ó Muirneacháin, A. S., agus Maolchoilm Ellis, B.L., agus A. & L. Goodbody, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dtionscnóirí, Rialtóirí agus Caomhnóirí an Ospidéil Ríoga do Dholeighsigh, Baile Átha Cliath.


4. Tuarascail O Oifig an Ard-Aighne.


Léadh tuarascáil ar an mBille ó Oifig an Ard-Aighne.


5. Tacaiocht Leis an mBrolach.


Do héisteadh S. Ó Muirneacháin, A.S., agus Maolchoilm Ellis, B.L., ag tacú le Brolach an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


6. Ceistiu Finneithe.


Cuireadh Ualtar Mac Seoin, Cláraitheoir an Ospidéil Ríoga do Dholeighsigh, Baile Átha Cliath, Edwin Mac Eadbháird, Cathaoirleach Bhord Rialtóirí an Ospidéil, agus Dáibhid Mistéil, Cisteoir Oinigh an Ospidéil, faoi mhionn agus ceistíodh iad.


Folmhaíodh an seomra.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. Miontuairisci ar an bhFianaise.


Ordaithe: An fhianaise a chlóbhualadh de bhun Buan-Orduithe 80 (Gnó Príobháideach).


9. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí Dé Máirt seo chugainn ar 4 p.m.