Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::10 July, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 10ú Iúil, 1952.

Thursday, 10th July, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Mac Artúir, Séamus Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Mac Raith, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1950-51.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1950-51. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tionscail agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Muirí, Seirbhís Eitlíochta agus Meteoraíochta agus An Oifig Chlárathachta Maoine Tionscail.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh Seán Ó Luideáin (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), Máire Bhreathnach agus S. P. Ó Muireadhaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí Déardaoin, 17ú Iúil.