Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::02 July, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 2ú Iúil, 1952.

Wednesday, 2nd July, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí Mac Artúir, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Daimhin, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1950-51.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1950-51. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar san Eoraip, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath agus Páipéarachas agus Clódóireacht.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Ó Nuanáin (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Micheál Breathnach (Rúnaí, An Roinn Oideachais), Seán Ó Carra (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), Máire Bhreathnach and S. P. Ó Muireadhaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15. p.m. go dtí Déardaoin, 10ú Iúil.