Committee Reports::Report and Proceedings - Royal Hospital for Incurables Dublin (Charter Amendment) Bill, 1952 [Private]::18 December, 1952::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

12ú Márta, 1952:—Beartaithe: Go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht do leasú na gCairteacha faoina bhfuil Rialtóirí agus Caomhnóirí an Ospidéil Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath corpraithe ionas go bhféadfaidh na Rialtóirí sin íocaíocht agus táillí a ghlacadh agus d’éileamh as othair a chothabháil san Ospidéal sin.


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun na Dála dá réir sin.


19ú Márta, 1952:—Teachtaireacht ón Dáil:—


“Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 12ú lá de Mhárta, 1952, go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú.”


Ordaithe: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfas an Dáil chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú.


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


27ú Márta, 1952:—Seanadóirí ainmnithe chun fónamh ar an gComh-Choiste:—Micheál Ó Colgáin, Séamas Dubhglas, agus Sinéad Bean Uí Dhubhdail.


27ú Márta, 1952:—Cathaoirleach ceaptha don Chomh-Choiste:—An Seanadóir Pádraig P. Ó Raghallaigh.


DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA.

13ú Márta, 1952:—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian leo Dáil Éireann d’aontú leis:—


“Go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht do leasú na gCairteacha faoina bhfuil Rialtóirí agus Caomhnóirí an Ospidéil Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath corpraithe ionas go bhféadfaidh na Rialtóirí sin íocaíocht agus táillí a ghlacadh agus d’éileamh as othair a chothabháil san Ospidéal sin.


Beartaithe: Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 12ú lá de Mhárta, 1952, go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú [An Leas-Cheann Comhairle].


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


20ú Márta, 1952:—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


“Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfas an Dáil chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú.”


Ordaithe: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste atá ceaptha ag an Seanad chun an Bille um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1952, a bhreithniú [An Leas-Cheann Comhairle].


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl do.


27ú Márta, 1952:—Teachtaí ainmnithe chun fónamh ar an gComh-Choiste:—Breanndán Mac Fheorais, Pádraig Ó Caoilte agus Liam Sheldon.


27ú Márta, 1952:—Cathaoirleach ceaptha don Chomh-Choiste:—An Seanadóir Pádraig P. Ó Raghallaigh.