Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::22 February, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 22ú Feabhra, 1951.

Thursday, 22nd February, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Deirg (i gCeannas), na Teachtaí Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Mac Ceit, Mac Páidín agus Sheldon.


3. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Rialtas Aitiúil, Tailte, Foraoiseacht agus Seirbhísí na Gaeltachta.


4. Finneithe a Ceistniodh.


Ceistníodh Seán Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), Liam Mac an Fhailghigh (Rúnaí, An Roinn Tailte), Gilbert Mac an Bháird (Stiúrthóir, Seirbhísí na Gaeltachta), Micheál Breathnach agus Seán Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. sine die.