Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::05 April, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 5ú Aibreán, 1951.

Thursday, 5th April, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Coburn, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Ó Comáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Máirtín Ó Suilleabháin, Mac Páidín agus Sheldon.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thogha.


Thairg an Teachta Máirtín Ó Súilleabháin:—


“That Deputy Sheldon act as Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh an Teachta Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tionscail agus Tráchtáil, Seirbhísí Eithlíochta agus Meteoraíochta Seirbhísí Iompair agus Muirí, An Oifig Clárathachta Maoine Tionscail agus Tráchtála, Airleachain Iasachta Trádála a AisÍoc.


5. Finneithe a Ceistniodh.


Ceistníodh Seán Ó Luideáin (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), Máire Breathnach, Mícheál Breathnach, Seán Ó Donnabháin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Foirm na Meastachan.


Bhreithnigh an Coiste litir ón Roinn Airgeadais (Feic Aguisín X XIII) i dtaobh athrú a mholadh ar fhoirm na Meastachán. Do nótaigh an Coiste an athrú a moladh.


7. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, an 12ú Aibreán.