Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1949 - 1950::08 November, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 8ú Samhain, 1951.

Thursday, 8th November, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Séamus Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Muiris Dockrell, Ó Fionáin, Mac Giolla Bhríghde, Ó hIceadha, Mac Raith agus Domhnall Ó Súilleabháin.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Mac Giolla Bhríghde:—


“That Deputy M. E. Dockrell act as Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh an Teachta Dockrell i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1949-50.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1949-50. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Ard-Chlaraitheora, Sláinte, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhsreangach, Pinsin Sean-Aoise, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Arachas Sláinte Náisiúnta, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh agus Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh.


5. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), L. Maguidhir (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), M. Breathnach, P. Ó Ceallaigh agus S. Twamley (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m.