Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1949 - 1950::05 December, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 5ú Nollaig, 1951.

Wednesday, 5th December, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Daimhin, Ó Fionáin, Mac Giolla Bhríghde, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1949-50.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1949-50. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Páipéarachas agus Clódóireacht, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, Talmhaíocht, Cúnaimh Airgeadais alos Tortha Talmhaíochta agus Iascach.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh Seán Ó Carra (Stiúrthóir, Oífig an tSoláthair), R. Mac Fheorais (Stiúrthóir, Scéimeanna Speisialta Fostaíochta agus Eigeandála), Seán Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Micheál Breathnach, Seán Ó Donnabháin agus Pádraig Ó Ceallaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Dé hAoine, an 7ú Nollaig.