Committee Reports::Report and Proceedings - Meath Hospital Bill, 1950::07 February, 1951::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

6ú Nollaig, 1950:—Ordaithe, Go gcuirfear Bille Ospidéal na Midhe, 1950, chun Rogha-Choiste ar a mbeidh cúigear Comhaltaí déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheóireachta; go mbeidh de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid; gur seisear is córam don Choiste; agus go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste ar an 14ú Nollaig [An Teachta Ó Dubhghaill].


7ú Nollaig, 1950:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Téachtaí Mac Phartaláin, Ó Brádaigh, Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó Colla, Ó Comhdhain, Dockrell, Ó Dubhghaill, Hilliard, Ó Lorcáin, Concubhar Ó Liatháin, Mac Canna, Micheál Ó hUigín, Máirtín Ó Súilleabháin agus Sheldon.