Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::16 February, 1950::Report

TUARASCAIL.

CUID I.-NOTAI GINEARALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 4ú Nollaig, 1948.

OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.

1. Tugann an Coiste dá n-aire barúil an Aire gur leor na socruithe atá ann chun Siúinéirí Ceannais agus Formhaoir a mhaoirsiú agus nach gá tuilleadh treoracha a thabhairt amach.


AN tARM.

2. Maidir le díol mótar-fheithiclí barrachais, tugann an Coiste faoi ndeara go measann an tAire go mbeadh sé míréasúnach a beith ag súil go gcuirfeadh an Complacht lenar bhain an scéal de cheangal orthu féin na lorraithe a bhí i gceist a cheannach ar phraghsanna a chinnfeadh eadránaithe d’ainmnigh agus a cheap sé.


3. Tugann an Coiste dá n-aire go ndearnadh an Rialachán Fórsaí Cosanta iomchuí a leasú chun a dheimhniú go gcomhlíonfaí an fhoráil reachtúil a bhaineas le hurscaoileadh saighdiúirí ar chuir Armchúirt pianbhreith phríosúntachta orthu.


4. Maidir le haiscí éigeandála d’íoc le saighdiúirí a bheadh ag feitheamh lena dtriail sna cúirteanna sibhialta, bheir an Coiste dá n-aire freisin go bhfuil socrú á dhéanamh faoina n-iarrfar ar na húdaráis mhíleata sonraí iomlána gach cáis den tsórt sin a thabhairt don Roinn Cosanta.


5. Maidir le breis éide a ceannaíodh sa bhliain atá faoi léirmheas, tugann an Coiste dá n-aire nach ndearnadh, d’fonn an scéal a choigeartú, aon chótaí móra a cheannach sa dá bhliain ina dhiaidh sin.


6. Is maith leis an gCoiste go ndéanfar feasta de réir an nós imeachta a moladh maidir le measúnachta a ghearradh ar thrúpaí i leith damáiste mísceach d’áitreibh.


CUID II.—CUNTAIS AIRITHE.

AN CHUIRT CHUARDA.

Aguisín V.


7. Meabhraíodh don Choiste cás ina ndearna luathscríobhaí cúirte éilimh bhréige ar chostas cúnaimh ar feadh roinnt bhlian; £612 13s. 9d. an méid a bhí i gceist. Soláthraíodh suim chinnte i Vóta gach bliana faoi chomhair costais chúnaimh ar ócáidí nárbh fhéidir don luathscríobhaí féin athscríbhinní fianaise a bhain le hAchomhairc chun na Cúirte Coiriúla a chríochnú in am. Tuigtear don Choiste go ndearnadh na héilimh dheimhnithe a chuir an luathscríobhaí isteach ag iarraidh cúitimh sna suimeanna d’íoc sé lena chúntóirí a bhunú ar ráta 6d. an fóile, ach go raibh an méid fóile a ndearnadh éileamh ina leith níos mó ná mar a bhí déanta ag a chúntóirí. I gcúrsa a fhianaise luigh an tOifigeach Cuntasaíochta ar na pointí seo: nár socraíodh ráta cinnte in aghaidh na fhóile, nár cuireadh in iúl ariamh don luathscríobhaí an ráta ba cheart d’íoc lena chúntóirí, agus, dá n-éilíodh sé ráta níos airde in aghaidh an fhóile in ionad camastaíl a dhéanamh agus an uimhir fóile a mhéadú, go gceadófaí é. Cuireadh in iúl don Choiste gur cuireadh deireadh le seirbhísí an oifigigh a bhí ciontach sna neamhrialtacha. Tugann an Coiste faoi ndeara, áfach, nár shochraigh an Roinn scála cinnte don obair ná nár cuireadh sin in iúl don luathscríobhaí cé gur soláthraíodh cistí gach bliain ar feadh tréimhse blian faoi chomhair costais chúnaimh bhreise. Dealraíonn sé gur glacadh leis na héilimh gan fíorú mionchruinn, ach chítear don Choiste go nochtfaí na neamhrialtachta dá scrúdaítí aon cheann de na héilimh i dteannta na ndoiciméidí iomchuí.


Is dóigh leis an gCoiste gur comhartha laige é san urlámhas a fheidhmíos an Roinn gan scála cinnte luach saothair agus leorphromhadh ar na héilimh a cuirtear isteach a bheith ann. Tuigtear dóibh gur cuireadh ceist an chaillteanais a tharla faoi bhreith na Roinne Airgeadais, agus glacaid acu go ndearnadh bearta chun neamhrialtachta dá leithéid a sheacaint feasta.


OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.

8. Tuigtear don Choiste go mbíodh foirgintí Stáit i mBaile Atha Cliath agus sa cheantar maguaird á gcothabháil, roimh an Éigeandáil, faoi chonartha tréimhsiúla a déantaí de thoradh taíríscintí iomaitheacha, ach nárbh fhéidir le linn na hEigeandála iomaíocht éifeachtúil d’fháil, agus go bhfuil an obair á dhéanamh faoi chonradh a leathnaíodh ó am go ham ó 1942 i leith. Tá caiteachas mór ann faoin gconradh seo agus bhí an cheist i dtaobh filleadh ar chóras na dtairiscintí iomaitheacha faoi phlé i láthair an Choiste, agus mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na himthosca inar leanadh den chonradh a bhí i bhfeidhm. Tuigeann an Coiste go dtagann den nós imea chta a glacadh, is é sin, an conradh d’athbhreithniú i gceann gearr-thréimhsí, gur féidir roínnt áirithe smachta d’oibriú ar mhéaduithe costais. Aontaíd i láthair na fianaise a cuireadh faoina mbráid, nach raibh cúrsaí i dtionscal na foirgníochta, nuair a bhí an ní seo os a gcomhair, fábharach fós le filleadh ar an iomaíocht, ach tá súil acu go gcoimeádfar an scéal faoi bhreithniú i gcónaí.


9. Cuireadh i bhfios don Choiste faoi £203 8s. 0d. a chuathas faoi chostas ag deisiú balla a ghabh le seanstáisíún cóst-ghardaí. Bhí an mhaoin sin i seilbh na hAimiréaltachta Breatanaí ar léas ar feadh téarma 99 mblian ó 1899, agus tógadh anall uathu é i 1922 agus d’fholig na Coimisinéirí i 1938 mar nach raibh sí ag teastáil ón Stát. Cuíreadh in iul don Choiste gur fhoráil an bun-léas go gcothabhálfadh an Aimiréalacht an balla atá i gceist, ach nuair bhí an foléas á ullmhú nárbh fheasach do na Coimisinéirí an dliteanas sin, dliteanas nár tugadh chun cruinnis go dtí go ndearnadh na gníomhán iomchuí a ghrinnscrúdú ina dhiaidh sin. Is amhlaidh bhí leis na Coimisinéirí ansin go raibh an mhaoin curtha de láimh acu ach gur fhan cothabháil an bhalla de dhliteanas orthu. Ní mheasann an Coiste go bhfuil sin sásúil, mar go measfaidís go ndéanfaí na gníomháin iomchuí a ghrinnscrúdú sara n-ullmhófaí an foléas. Bheirid faoi ndeara gur saothar in aisce go dtí seo ag na Coimisinéirí a bhfuil déanta acu chun an dliteanas a chur díobh agus ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh aon athrú a thiocfas ar an scéal.


BUN-OIDEACHAS.

10. Maidir le liúntais speisialta a híocadh le múinteoirí áirithe, measann an Coiste go raibh na himthosca sáthach neamhghnáthach chun gur cheart tábhacht an chaiteachais a chur in iúl trí nóta a chur sa Chuntas Leithreasa.


AN tARM.

11. Rinneadh rátaí laghdaithe páighe d’oifigigh sna seirbhísí dochtúireachta d’fhoílsiú trí Rialachán Fórsaí Cosanta a heísíodh an 1ú Nollaig, 1938. D’airbheartaigh an rialachán seo, i dteannta baint a bheith aige le hoifigigh a ceapadh roimh an 1ú Nollaig, 1938, agus a hardaíodh i gcéim dá éis sin. Rinne oifigeach den aicme sin, d’éirigh as post i 1943, imeachta a bhunú dá éis sín i gcoinne baint a bheith ag an ríalachán sin leis, agus chinn na Cúirteanna nach bhféadfaí a sheasamh gur bhain an rialachán leis ós rud é nach ndearna an rialachán teideal chun rátaí páighe réamh-1938 a tharraing siar de chaint shoiléir chinnte. Dámhadh riaráistí páighe dhó in aghaidh na tréimhse dhá mhí dhéag roimh dháta a bhun-éilimh; tugadh aírd ar an bhforáil sna rialacháin pháighe a fhorálas gur tuigthe méideanna a bheith forghéillte nach n-éilítear laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar a dtagaíd chun bheith dlite chun a n-íoctha, mura n-ordaí an tAire a mhalairt. Cuireadh in iúl don Choiste gur cinneadh ina dhiaidh sin na riaráistí iomlána d’íoc leis na hoifigigh a bhí i gceist. Cé gurb é tuairim an Choiste go mba chinneadh cóir cothrom sin mar gheall ar bhreith na Cúirte, bheirid dá n-aire gur tharraing eislis sa rialachán £23,204 12s. 11d. de mhuirear breise ar an Vóta sa bhliain atá faoi léirmheas agus go leanfaidh an dliteanas ann na bun-rátaí d’íoc le linn arduithe i gcás na n-oifigeach go léir a ceapadh roimh an 1ú Nollaig, 1938, agus a hardófar dá éis sin. Is tromaí leis an gCoiste muirear mór den tsórt seo do thitim ar chístí poiblí de dheasca eislise i rialachán. Ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh ar cuireadh faoi bhreithniú ar cheart athscrúdú a dhéanamh ar an nós imeachta a leantar ag dréachtú rialachán, d’fonn a áiríthiú nach dtarlódh cás den tsórt seo arís.


12. Bhí roinnt mhór cultacha sibhialach ar láimh i stór seachas mar theastaigh agus, cé gur feasach an Coiste gurb é is mó ba chúis leis na stoic d’fhás ionas go raibh barrachas ann an t-éileamh ar na héadaí do dhul i laghad ó thogh na fir liúntais airgid de roghain, ba chuid dá chúis mí-ríomh maidir leis na stoic a bhíodh ar láimh nuair a bhíodh ceannach á dhéanamh. Cuireadh in iúl don Choiste go mbeartaítear na stoic bharrachais a dhíol agus ba mhaith leo go n-inseofaí dhóibh i dtráth chuí má bhaineann caillteanas lena ndíol. Ba mhaith leo freisin a fhios a bheith acu go n-áiritheoidh an nós imeachta atá i bhfeidhm anois nach lifgidh an tseiceáil a déanfar ar stórtha a bheas ar láimh mí-ríofa den tsórt sin do tharlachtaint feasta.


13. Nuair a cheadaigh an Roinn Airgeadais caiteachas áirithe ar fhógráin maidir le scéim fógraíochta a bhain le liostáil, chuireadar coinníoll leis an gceadú go n-iarrfaí tairiscintí maidir leis an obair ó ghníomhairí fógraíochta agus poiblíochta. Níor loirgíodh tairiscintí, ámh, agus mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gurb é an tuiscint a bhí ann gur táillí caighdeánacha a bhain le hobair den tsórt sin agus dá bhrí sin go dtiocfadh de thairiscintí d’eisiúint moill do bhaint leis an bhfeachtas fógraíochta a thosnú gan aon tairbhe d’fháil de thairiscintí iomaitheacha d’fháil. Bheir an Coiste dá n-aire, ámh, go bhfuarthas tairiscintí iomaitheacha de thoradh iarratas a heisíodh maidir le feachtas fógraíochta ina dhiaidh sin. Ní maith leo nár loirgíodh iarratais iomaitheacha sara ceanglaíodh an conradh atá i gceist agus is é a mian a chur in iúl arís a thábhachtaí atá sé aon choinníollacha a chomhlíonadh a leagas an Roinn Airgeadais síos nuair a cheadaíd caiteachas.


14. Bhí sé i dtrácht go raibh méid mhór de na daoine a liostáil sa bhFórsa Cosanta Aitiúil faoin aois íosta atá socair faoi na Rialacháin Fórsaí Cosanta, agus hurscaoileadh cuid acu sin ina dhiaidh sin ar an bhforas gur go mí-iomchuí a liostáladh iad. Os rud é go dtiocfadh do chistí poiblí a bheith caillteach de bharr daoine neamhcháilithe a liostáil agus d’urscaoileadh ina dhiaidh sin, tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall dá áirithiú go gcomhlíonann na daoine a liostálfar feasta na coinníollacha ordaithe.


15. Cuireadh i bhfios freisin gur híocadh deontais-i-gcabhair i leith comhaltaí den Fhórsa nár chríochnaigh, mar gheall ar chúiseanna iomaí, an tréineáil íosta a ordaíos na rialacháin. Tuigeann an Coiste gurb é is mó faoi ndear nár comhlíonadh na coinníollacha a bhaineas le tréineáil díth éide agus cóiríochta agus deacrachta eile a bhain le céad bhliain na heagraíochta. Tá súil acu go mbeidh coibhneas níos cothroime gach bliain feasta idir na deontais a híocfar agus na tréimhsí tréineála éifeachtúla.


ARM-PHINSIN.

16. Tá socrú sa Scéim Fhórsaí Cosanta (Pinsin), 1937, chun aiscí d’íoc le comhaltaí de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm a éiríos as oifig ar phósadh dhóibh. Do híocadh aiscí le siúracha áirithe banaltrais d’éirigh as oifig ar chúiseanna seachas pósadh agus fuarthas ina dhiaidh sin comhairle dlíodóra maidir le baint a bheith ag an Scéim leis na cásanna seo. Ba léir ón gcomhairle seo nár fholaigh an Scéim na híocaíochta a rinneadh, ach tuigtear don Choiste gur socraíodh an scéal trí leasú cúlghabhálach ar an Scéim.


LIUNTAIS LEANAI.

17. Foráltar leis an Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946, go bhfuil duine a gcónaíonn triúr nó níos mó de leanaí cáilithe go rialta leis ar dháta cáilitheach cáilithe chun liúntais leanaí i leith na leanaí sin, agus fós gur féidir leis an Aire rialacha d’ordú chun a shocrú cé leis is tuigthe leanbh cáilithe a bheith ina chónaí go rialta. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh éilithe áirithe ar liúntais leanaí ar dhiúltaigh oifigigh bhreithiúnachta dhóibh ar scór nach rabhdar do réir na Rialachán Liúntas Leanaí (Cónaí Rialta), 1946, ach ar glacadh leo ar achomharc chun réiteora. Is cosúil go raibh cinneadh an réiteora i gcuid de na cásanna seo ar neamhréir leis na rialacha sin a luaitear, ach gur chuir an t-oifigeach dlí in iúl go gcaithfeadh an cinneadh i ngach cás a bheith do réir na rialacha seo, agus, faoi réir forál ailt 9 den Acht Liúntas Leanaí, 1944, go bhfuil cinnte an réiteora nó na réiteoirí críochnaitheach, do-chloíte. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh é a bharúil nárbh fhéidir beart ar bith nua a dhéanamh sna cásanna atá i gceist. Is dóigh leis an gCoiste, ámh, go mb’fhéidir go bhféadfaí na cumhachta athscrúduithe a bheirtear le halt 9 den Acht Liúntas Leanaí, 1944, a ghníomhú, agus molaid go ndéanfar tuilleadh scrúduithe ar an scéal.


ARACHAS DIFHOSTAIOCHTA AGUS CUNAMH DIFHOSTAIOCHTA.

18. Rinne an Coiste tagairt, i mír 8 dá dTuarascáil ar na Cuntais don bhlíain 1942-43, don dliteanas, faoi alt 26 den Acht um Chúnamh Díomhaointis, 1935, atá ar chomhairlí contae-bhuirgí agus ar chomhairlí líomatáistí uirbeacha áirithe chun suimeanna arna ríomh do réir luach ionrátuithe na líomatáistí atá i gceist d’íoc go bliantúil leis an Aire Tíonscail agus Tráchtála, agus na suimeanna a gheibhtear dá gcur chun creidiúnais mar Leithreasa-i-gCabhair don Vóta. Tuigtear don Choiste go bhfuil dhá údarás áitiúil ann a leanas de ranníocaíochta d’íoc is lú ná an méid is iníoctha go dlithiúil do réir comhairleoirí dlí na Roinne, ach nach ndearnadh beart chun an tsuim d’aisghabháil mar go bhfuiltear ag fanúint le toradh comhairle eile dlí atá ceann de na húdaráis áitiúla atá i gceist a lorg. Ba mhaith leis an gcoiste go ndéanfaí pé rud eile a tharlós sa chás a chur in iúl dóibh in am tráth.


COIMISIUN NA STAT-SHEIRBHISE

19. Tugann an Coiste dá n-aire nach bhfuil ar áireamh sa £7,159 17s. 4d., a tugadh chun creidiúna an Vóta seo as Leithreasa-i-gCabhair ach suimeanna a fuarthas ó Chomhairlí Contae agus Contaebhuirgí do réir téarmaí ailt 12 d’Acht na nUdarás Aitiúla (Oifigigh agus Fostuithe), 1926, agus go ndearnadh £6,223 12s. 0d. d’fháltais ó tháille-stampaí a cheannaigh iarrthóirí a shuigh chun scrúduithe d’íoc go díreach isteach sa Stát-Chiste mar Ioncam Ilghnéitheach. Measann an Coiste go mba chóir na fáltais faoin mírcheann deiridh sin a thaispeáint sa Chuntas Leithreasa nó i nóta a ghabhfadh leis sin, ionas go mb’fhusa an t-ioncam iomlán a mheas i gcóimeas leis an gcaiteachas iomlán ar an tseirbhís. Is dóigh leo nár dheacair déanamh dá réir sin.


COIMISIUN AGUS FOISRUITHE SPEISIALTA.

20. Caitheadh £768 8s. 10d. ar aithscríobhadh, táillí eagarthóireachta, cló, agus cíos cló maidir le saothar áirithe ar chinn Coimisiún Láimhscribhinní na hÉireann ina dhiaidh sin scor di. Is cosúil gur ghlac an Coimisiún de láimh aithghin mhacsamhlach a dhéanamh de láimhscríbhinní stairiúla áirithe agus, nuair a bhris an cogadh amach sa bhliain 1939, go raibh dhá imleabhar i riocht cló agus aithscríobhadh agus obair eagarthóireachta déanta ar an tríú ceann. Is ansin a cuireadh stop leis an obair mar gur cuireadh na láimhscríbhinní bunaidh ar slán-choimeád agus ní raibh teacht orthu. I mí Eanáir, 1946, chuir an Coimisiún in iúl don Roinn Airgeadais gur cinneadh, mar gheall ar na deacrachtaí eagarthóireachta a bhain le seiceáil profaí an tsaothair agus le profaí aithbhreithnithe d’fháil, an chéadsocrú, is é sin, aithghin mhacsamlach a dhéanamh, a bhriseadh agus tosnú ag obair ar fhoras eile, ach mholadar níos deireannaí ná sin go ndéanfaí cló na coda den tsaothar a bhí i riocht cló a scaipeadh mar gur ceapadh nach mbeadh fáil ar oibrithe a mbeadh an taithí acu a bhí riachtanach lena aghaidh. Bheir an Coiste dá n-aire go mba dheacrachta neamhchoitianta a bhí ann agus nár bhain an costas éadairbheach seo ach le 3 himleabhair de shaothar a mbeadh 33 imleabhair ar fad ann. Tá súil acu, ámh, toisc an méid a foghlaimíodh as an gcás seo go mbeifear i ndon caillteanais den tsórt seo don chiste phoiblí a sheachaint in aon chás den tsórt sin feasta.


SEIRBHISI IOMPAIR AGUS METEORAIOCHTA.

21. Bheir an Coiste dá n-aire nach bhfuil gá anois, toisc gur dúnadh an bhunáit mhuirphlanaí, leis an mbrú a rinneadh i bhFaing agus ar caitheadh os cionn £49,000 leis. Bheir an Coiste dá n-aire freisin gur cuireadh cóir ar an mbrú—rud a chosain timpeall £3,600—le haghaidh cóiríochta sealadaí do phaisnéirí faoi shocruithe a rinneadh le cuid de na Complachta Aerlínte agus go raibh súil leis an tsuim seo agus costais reatha d’fháil thar n-ais ó na Complachta lenar bhain an scéal. Tuigtear dóibh gur frítheadh tuairim £6,000 san iomlán as cóiríocht do phaisnéirí, ach níl a fhios acu na costais is cuí a chur i gcoinne na suime seo. Tuigtear nach bhfuil gá a thuilleadh leis an mbrú mar chóiríocht do phaisnéirí agus gur díoladh é le húdarás áitiúil.


(Sínithe) SEÁN MAC AN tSAOI,


Cathaoirleach.


16ú Feabhra, 1950.