Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::16 February, 1950::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

4 Bealtaine, 1948:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí do cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó sin sa mBuan-Ordú réamhráite, an Coiste comhdhéanta de cheithre comhaltaí déag agus gur cúigear an córam; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31ú Márta, 1947, a chur chun an Choiste chun iad a scrudú agus tuairisc a thabhairt orthu.


5 Bealtaine, 1948:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Niall Bléine, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Coburn, Séamus Ó Coileáin, Bearnard Ó Comáin, Muiris Dockrell, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, Conchubhar Ó Liatháin, Seán Mac an tSaoi, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Mac Páidín agus Liam Sheldon, Teachtaí.


9 Iúil, 1948—Do hurscaoileadh an Teachta C. Ó Liatháin ar é féin dá iarraidh sin agus ceapadh an Teachta Mac Giolla Phádraig ina ionad.


24 Samhain, 1948:—Ceapadh an Teachta Bean Uí Chruadhlaoich in ionad an Teachta Bléine d’éag.