Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::14 July, 1950::Report

TUARASCAIL DEIRIDH.

CUID I—NOTAI GINEARALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 3ú Iúil, 1950.

AN CHUIRT CHUARDA.

1. Tugann an Coiste faoi deara, maidir le neamhrialtachta áirithe in íocaíochta le luath-scríbhneoir cúirte, go bhfuil socruithe déanta chun neamhrialtachta den tsórt sin a chosc feasta. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí toradh an chomhfhreagrais leis an Roinn Dlí agus Cirt in iúl dóibh i dtráth chuí.


OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.

2. Is maith leis an gCoiste go bhfuil an nós a bhíodh ann, is é sin, tairiscintí comórtais a lorg i leith cothabhála Foirgintí Poiblí, á chleachtadh arís.


3. Bheireann an Coiste dá n-aire an chaoi a dtáinig de dhliteanas ar an Stát falla a chothabháil ag Stáisiún ba leis an nGarda Cósta. Tá súil acu go dtiocfaidh den scrúdú atá á dhéanamh nach dtarlóidh a leithéid arís.


AN tARM.

4. Maidir leis na híocaíochta, le hoifigigh áirithe den tSeirbhís Liachta, a rinneadh de dheasca locht a bhí ar Rialachán a fógraíodh i 1938, is maith leis an gCoiste deimhniú a bheith acu ón Aire go bhfuil scrúdú níos cruinne á dhéanamh ó shoin ar dhréacht-Rialacháin a mbíonn baint acu le cúrsaí airgid agus go bhfuil sé sásta go bhfuil gach cúram réasúnach á ghlacadh chun nach dtarlóidh cásanna eile den tsórt atá i gceist. Bheireann an Coiste dá n-aire freisin go mbeidh an nós imeachta atá ann faoi bhuan-scrúdú agus go gcuirfear gach feabhas is féidir air.


5. Maidir le diúscairt chultacha sibhialta atá d’fharasbarr, bheireann an Coiste faoi deara go bhfuil socruithe ann anois a dheimhneos go ndéanfar feasta áireamh ar stoic éadaí, pé áit a bheas siad, sar a gcinnfear cé mhéid eile is gá a cheannach.


ARM-PHINSIN.

6. I gcás na n-aiscí a híocadh le comhaltaí áirithe den tSeirbhís Altranais nár tháinig faoin Scéim Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1937, arna leasú le héifeacht ón 1ú Nollaig, 1944, bheireann an Coiste dá n-aire gurb é tuairim an Aire gur deonadh na haiseí go hionraic trí neamhthuiscint ar an dlí; agus dá réir sin gur cheadaigh sé na híocaíochta a bheith mar mhuirir in aghaidh na Vótaí Arm-Phinsean sna blianta ina ndearnadh na híocaíochta.


LIUNTAIS LEANAI.

7. I dtaca le moladh an Choiste go ndéanfaí tuilleadh scrúduithe ar an staid maidir le feidhmiú na gcumhacht athscrúduithe a bheirtear in Alt 9 den Acht Liúntas Leanaí, 1944, bheireann an Coiste dá n-aire na himthosca inar tharla nár tháinig aon chaoi chun a iarraidh ar an réiteoir na cásanna a raibh ceist fúthu d’athscrúdú faoi na cumhachta athscrúduithe sin.


COIMISIUN NA STAT-SHEIRBHISE.

8. Aontaíonn an Coiste leis an mbeart atá á dhéanamh de bharr moladh an Choiste go dtaispeánfaí sa Chuntas Leithreasa, nó i nóta a ghabhfadh leis, na suimeanna a híocadh go díreach isteach sa Stát-Chiste mar Ioncam Ilghnéiteach, ó stampaí táille a cheannaigh iarrthóirí i gcomórtais faoi Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse agus faoi na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla.


SEIRBHISI IOMPAIR AGUS METEARAIOCHTA.

9. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dóibh arbh fhéidir a dhéanamh amach cad é méid na gcostas is cuí a mhuirearú i gcoinne an £6,000 a fuarthas as cóiríocht do phaisnéirí agus go gcuirfí in iúl dóibh freisin na téarmaí ar ar díoladh an brú.


CUID II—CUNTAIS AIRITHE.

OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.

Cta. 165-166. 75-177.


10. Bheireann an Coiste faoi deara go ndearnadh an soláthar bunaidh, £500,000, faoi mhírcheann B. a laghdú £39,990 anuas go dtí £460,010 i meastachán forlíontach a glacadh i bhFeabhra, 1948, agus gur húsáideadh an méid a sábháladh, maraon le vóta forlíontach ar shuim ghlan £10, chun suim bhreise £40,000 a sholáthar faoi mhírcheann A. Bheireann an Coiste faoi deara freisin gur sábháladh ar deireadh £160,068 ar an tsuim laghdaithe a soláthraíodh faoi mhírcheann B. agus gur húsáideadh cuid den mhéid sin a sábháladh chun caiteachas iomarcach a ghlanadh faoi mhírchinn éagsúla, go háirithe £64,465 faoi mhírcheann C. Aithníonn an Coiste a dheacra atá sé, mar luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, caiteachas a mheas roimh ré, ach measaid gurbh fhéidir leas a bhaint as an meastachán forlíontach, ó tharla go raibh sé déanach sa bhliain airgeadais nuair a glacadh é, chun soláthar a dhéanamh d’aon chaiteachas iomarcach a measfaí a thiocfadh faoi mhírcheann C. Is mian leis an gCoiste a dhearbhú gur cóir, nuair atá gá le meastachán forlíontach, soláthar a dhéanamh ann do gach mírcheann a meastar easnamh ar aon mhéid a bheith ann.


GNOTHAI EACHTRACHA.

11. Díríodh aird an Choiste ar an gcuma ina bhfuil an scéal maidir leis na hairleacain inaisíoctha a híocadh le saoránaigh Éireannacha áirithe a bhí ina bhfostaithe ag Bardas Shanghai agus nárbh fhéidir leo a bpinsin d’fháil mar gheall ar an gcogadh sa Chian-Oirthear. Cuireadh na hairleacain sin, a scoireadh an 31ú Eanáir, 1948, mar mhuirir ar na cuntais do na blianta 1944-45 go dtí 1947-48 agus is £8,020 1s. 10d. a méid iomlán. Do hinseadh don Choiste gur gheall gach pinsinéir na suimeanna a hairleacadh chuige d’aisíoc chomh luath agus chromfadh Bardas Shanghai ar an bpinsean d’íoc arís agus go raibh mar urrús lena bpinsean ciste pinsin arb é is mó a bhí ann airgeadraí na Síne agus tíortha eile sa Chian-Oirthear, airgeadraí ar laghdaigh a luach go mór i rith an chogaidh. Is deacraide an scéal a réiteach toisc deireadh a chur le Bardas Shanghai i 1943 agus Rialtas Náisiúnta na Síne do ghlacadh dliteanas uile an Bhardais air féin agus réim nua a bheith anois in ionad an Rialtais sin. Bheireann an Coiste dá n-aire go bhfuil fiosrú á dhéanamh i dtaobh cúiteamh d’fháil do na pinsinéirí ó fhoinsí eile, agus ba mhaith leo go gcuirfí toradh an fhiosruithe sin in iúl dóibh i dtráth chuí.


BUN-OIDEACHAS.

12. Bhreithnigh an Coiste na himthosca a ghabh le scoil a dhúnadh i mí Iúil, 1946, toisc an fhoirgint a bheith contúirteach. Ní raibh scoil nua tógtha go dtí Samhain, 1948, agus, idir an dá linn, rinne na daltaí, taobh amuigh de sheisear, freastal ar dhá scoil eile sa chomharsanacht. Go dtí Feabhra, 1948, ní dearnadh aon tsocrú chun obair eile a chur ar fáil don bheirt mhúinteoirí a bhí ag obair sa scoil a dúnadh, cé gur leanadh dá dtuarastal d’íoc. Bhí tuairim is £1,163 íoctha leo an dáta sin.


Cuireadh ag obair ansin iad ag cabhrú le foirne an dá scoil eile sa chomharsanacht ar a raibh tromlach daltaí na scoile dúnta ag freastal.


Dúradh leis an gCoiste gur leis an mbainisteoir a bhain sé leas a bhaint as seirbhísí na múinteoirí agus gur fhéach sé le cóiríocht eile d’fháil do na daltaí, ach nár éirigh leis. Dúradh leo freisin gur brostaíodh tógáil na scoile nua oiread agus dob fhéidir nuair a cuirtear san áireamh a dheacra a bhí sé ábhar tógála d’fháil. Dá ainneoin sin is cúis imní leis an gCoiste gur chosúil gur aontaigh an Roinn leis an mbeirt mhúinteoirí a bheith gan obair agus an Roinn ag íoc tuarastail leo ar an ngnáthehaoi ar feadh dhá bhliain beagnach. Is doiligh leo géilleadh nach bhféadfaí an socrú a rinneadh chun iad a chur ag obair a dhéanamh roimh mhí na Feabhra, 1948.


EOLAIOCHT AGUS EALAI.

13. An costas a ghabh le bailiúchán tábhachtach de cháipéisí a bhain le stair na hÉireann d’fháil, soláthraíodh é i vóta forlíontach £20,000 le haghaidh an Deontais-i-gCabhair chun Leabhair, etc., a Cheannach don Leabharlainn Náisiúnta. Inseadh don Choiste go bhfuarthas amach, tar éis an praghas ceannaigh d’íoc agus na cáipéisí a chur sa Leabharlainn, go raibh deacrachta ann maidir leis an teideal iontu d’aistriú do réir dlí, ós rud é nach raibh ach leas saoil iontu ag an díoltóir, agus go bhfuil iontaobhaithe eastáit an díoltóra le Ordú Cúirte a lorg a chuirfeadh ar a gcumas na cáipéisí a dhíol. Bheireann an Coiste dá n-aire go bhfuil na doiciméid á gcoimeád, idir an dá linn, sa Leabharlainn Náisiúnta agus gur taisceadh an t-airgead ceannaigh, i gcomh-ainmneacha iontaobhaithe eastáit an díoltóra agus Stiúrthóra na Leabharlainne Náisiúnta, agus, ina theannta sin, go n-íocfar leis an Stát-Chiste aon ús a bheas ar an taisce.


COSAINT.

14. Rinneadh tagairt d’árthach den chabhlach a bheith as feidhm ar feadh tuairim is naoi mí toisc foirnéis a bhriseadh agus is cosúil gur measadh gur míchúram nó aineolas comhaltaí den fhoirinn ag oibriú an tsoithigh ar an bhfarraige ba siocair leis an damáiste, a raibh £2,300 de chostas ar a dheisiú. Dúradh leis an gCoiste nárbh fhéidir an fhreagarthacht a leagadh ar aon duine ar leith den fhoirinn. Tá súil ag an gCoiste go mbeidh éifeacht leis na treoracha a tugadh ó shoin chun a leithéid a sheachaint feasta.


Cta. 528-536, 679-684.


Aguisíní xvi agus xx.


15. Toisc an chuma ina raibh cúrsaí táirgthe móna, le haghaidh úsáide tís, i ngeimhreadh 1947-48, b’éigean don Roinn Cosanta a socruithe féin a dhéanamh le móin a chur ar fáil. Uime sin ceapadh gníomhairí chuige sin faoi chomhaontuithe i dtaobh móin a tháirgeadh agus d’iompar do réir rátaí éagsúla an tonna agus tharla go ndearnadh, i gcás amháin, íocaíochta le gníomhaire do réir rátaí dob airde ná na rataí dob iníoctha faoin gcomhaontú. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuarthas ceadú iar-ré ón Roinn Airgeadais do na híocaíochta a rinneadh. Measann an Coiste, áfach, go raibh sé ceart an scéal a chur faoi bhráid na Roinne sin le húdarás d’fháil roimh ré chun imeacht ó théarmaí an chomhaontuithe.


16. Bhreithnigh an Coiste deacrachta áirithe a tharla maidir le héadaí a sholáthar do chomhaltaí an Fhórsa Chosanta Aitiúil. Is cosúil gurbh éigean, i gcásanna áirithe, baill éadaigh d’athsholáthar tar éis tréimhsí gearra, toise go rabhdar imithe ó mhaith de bhrí gur caitheadh iad go mí-rialta do réir dhealraimh. Bhí deacracht ann freisin ag fáil ball éadaigh agus trealaimh ar ais ó athehomhaltaí den Fhórsa. Tuigeann an Coiste go maith nach bhfuil dul ó fhadhbanna den tsórt sin i gcás eagraíochta saorálaí, agus tugadh le tuiscint dóibh go bhfuil sé i gceist le tamall rialacháin uile-ghabhálacha d’fhoilsiú i dtaobh eisiúint agus rialú éadaí. Tá súil ag an gCoiste, toisc a chostasaí atá an t-éadach sin ar chistí an Stáit, go ndéanfar gach is féidir le diomailt a chosc agus go gcríochnófar agus go bhfoilseofar na rialacháin atá beartaithe a luaithe is féidir.


ARM-PHINSIN.

17. Rinneadh tagairt do roinnt cásanna inar tugadh pinsin faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934, tar éis achomhairc a dhéanamh ó bhreitheanna a bhí tugtha roimhe sin ag an Réiteoir. Foráladh le halt 5 d’Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1945, go dtarraingeofaí siar, ón 1ú Eanáir, 1946, an chumhacht chun achomhairc den tsórt sin a chur go dtí an Réiteoir chun a n-ath bhreithnithe, ach amháin i gcás a mbeadh an t-iarratas ar athbhreithniú faighte roimh an dáta sin. Is cosúil nár leor an t-eolas a bhí le fáil ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le go bhféadfadh sé bheith cinnte go bhfuarthas na hiarratais sna cásanna a bhí i gceist roimh dheireadh na tréimhse ordaithe. Dúradh gur cuireadh na hiarratais, maraon leis an bhfianaise ag tacú leo, go dtí an Réiteoir agus nach rabhdar, dá bharr sin, le fáil chun a n-iniúchta. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste go bhfuarthas na hiarratais go léir roimh an 1ú Eanáir, 1946. Ba mhaith leis an gCoiste a mheabhrú, áfach, go bhfuil dualgas reachtúil ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste deimhin a dhéanamh de gur comhlíonadh gach ceangal dlí agus is dóigh leo, ós rud é nárbh fhéidir na doiciméid bhunaidh a chur ar fáil chun a n-iniúchta, go mba chóir go mbeadh cuntas éigin sa Roinn i dtaobh iad d’fháil.


SEIRBHISI EITLIOCHTA AGUS METEARAIOCHTA.

18. Tógadh go héigeanta 243 acraí talún i gcomharsanacht Aerphoirt na Sionainne chun baile cónaithe a bhúnú ann, agus tuigeann an Coiste ó fhianaise an Oifigigh Chuntasaíochta gur tionscnadh an scéim tar éis dul i gcomhairle leis an bhfoirinn a bhí ar fostú san áit i dtaobh tithe cónaithe a chur ar fáil dóibh taobh istigh d’achar réasúnta ón aerphort. Is cosúil gur héiríodh as an scéim ina dhiaidh sin toisc nach nglacfadh an fhoireann léi. Is deacair don Choiste a shamhlú cén chaoi a ndeachthas faoi chostas ar scéim chomh mór sin gan cuspóir na scéime a bheith cinnte. Dúradh leis an gCoiste go rabhthas ad iarraidh socruithe á dhéanamh d’fhonn na tailte d’atíolacadh do na daoine ar leo iad ar choinníollacha a cheadódh an Roinn Airgeadais, agus ba mhaith leo go gcuirfí toradh na hiarrachta sin in iúl dóibh i dtráth chuí.


19. Bhí doiciméid áirithe a theastaigh ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i ndáil lena iniúchadh ar fháltais i leith táillí tuirlinge, etc., ag aerphoirt, agus nárbh fhéidir d’fháil toisc gur díthíodh iad gan údarás a lorg. Do hinseadh don Choiste go rabhthas i ndán dúblaigh bhunáite na ndoiciméad a hiarradh d’fháil ó Ranna eile agus gur cuireadh iad sin ar fáil chun críocha an iniúchta.


Is léir go bhfuil tábhacht ri-mhór le doiciméid chuntais a choimeád i gcóir scrúduithe an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus tá súil ag an gCoiste go bhféachfar chuige nach ndítheofar doiciméid den tsórt sin gan údarás cuí chuige sin.


(Sínithe) T. Ó DEIRG,


Cathaoirleach.


13ú Iúil, 1950.