Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::07 July, 1949::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Iúil, 1949: Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó sin sa Bhuan-Ordú réamhráite, an Coiste comhdhéanta de cheithre comhaltaí déag agus gur cúigear an córam; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.


5 Iúil, 1949: Do hainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí Brian Ó Bradaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Coburn, Séamus Ó Coileáin, Bearnard Ó Comáin, Onóir Uí Chruadhlaoigh, Tomás Ó Deirg, Muiris Dockrell, Micheál Mac Giolla Phádraig, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, Máirtín Ó Súilleabháin, Séamus Mac Páidín agus Liam Sheldon, Teachtaí.