Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Rules, Orders and Regulations::09 March, 1949::Report

AN CHEAD TUARASCAIL

1. Seacht gcruinniú a bhí ag an gCoiste go dtí seo. Ag an gcéad chruinniú toghadh an Seanadóir O Dubhthaigh d’aon-ghuth mar Chathaoirleach.


2. Cinneadh, cé go bhfuil cumhacht ag an gCoiste, faoina n-orduithe tagartha, chun aon riail, ordú nó rialachán a bhaineas leis an gcás agus a tíolacadh do Sheanad Eireann tráth ar bith a scrúdú, nach ndéanfaidís, faoi láthair ar aon chuma, scrúdú ach ar dhoiciméidí a Leagadh ar Bord ó dháta an Choiste a cheapadh.


3. Cinneadh freisin go ndéanfaí, i gcás nach mbeadh cóipeanna clóite de dhoiciméad ar fáil toisc moill chlódóireachta nó toisc gur doiciméad nach mbeadh clóite an doiciméad a bheadh i gceist, cóipeanna stionsalaithe a bhreithniú faoi réir iad a bheith seiceálta ag an gCléireach aghaidh ar aghaidh leis an gcóip i Leabharlainn an Oireachtais a mbeadh Foirm thíolacaidh shínithe ag gabháil léi nó i gcás ina mbeadh an doiciméad clóite san Iris Oifigiúil aghaidh ar aghaidh leis an gcóip sin.


4. Rinneadh na doiciméidí seo a leanas is inbhreithnithe ag an gCoiste a scrúdú agus níor léir gur ghá aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon cheann acu ar aon fhoras dá bhfuil leagtha amach in Orduithe Tagartha an Choiste.


Ionstraim Reachtúil Uimhir.

 

264

Na Rialacháin um an Acht Laethanta Saoire (Fostaithe), 1939 (Alt 10), 1948.

265

An tOrdú Aráin (Cathair agus Contae Bhaile Atha Cliath, Brí Cualann agus an Chloch Liath) (Praghsanna), 1948.

266

An tOrdú um Plúr Arbhair (Praghsanna Uasta), 1948.

268

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Ciondáil Cheirisín), 1943 (Usáidirí Tís), 1948.

269

An tOrdú Arbhair, 1948.

274

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (Luach Malairte Cúpón Ime) (Uimh. 1), 1948.

275

An tOrdú um an Ordú um Dheocha Meisciúla (Praghsanna Uasta), 1948 (Leasú) (Uimh. 1), 1948.

276

An tOrdú um Oinniúin (Allmhuiriú a Rialáil), 1948.

277

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 157), 1942 (An Séú Leasú), 1948.

290

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 320), 1944(Leasú) (Uimh. 2), 1948.

291

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Ciondáil Ghallúnaí), 1944 (Leasú) (Uimh. 2), 1948.

295

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Tae (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1947 (Leasú) (Uimh. 3), 1948.

296

An tOrdú um an Ordú um Shiúcra (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1947 (Leasú) (Uimh. 3), 1948.

297

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Tréimhse an Fhómhair), 1948.

299

An tOrdú um Boinn agus Lamhnáin (Praghsanna Uasta), 1948.

302

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Shiúcra (Praghsanna Uasta) (Uimh. 3), 1947 (Leasú) (Uimh. 4), 1948.

304

An tOrdú Cumhachta Práinne (Orduithe a bhaineas le Páipéar agus le Páipéar Iarmhair) (Cúlghairm), 1948.

305

An tOrdú um Tae agus Siúcra (Oibrithe Fómhair), 1948.

306

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Tae (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1947 (Leasú) (Uimh 4), 1948.

307

An tOrdú um Shultananna agus Cuiríní (Praghsanna Uasta), 1948.

308

An tOrdú Eanacha Fiáine (Contae Chorcaighe), 1948.

309

An tOrdú um Shiopaí Eadaitheoireachta Ginearálta agus Coisbhirt (Uaire Trádála Laethe na Seachtaine) (An Caisleán Riabhach), 1948.

310

An tOrdú Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta leis an mBreatain Mhóir), 1948.

312

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Tréimhse an Fhómhair) (Leasú), 1948.

313

Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil) (Leasú), 1948.

314

Na Rialacháin Sláinte (Talamh a Thógaint go hEigeanta), 1948.

317

An tOrdú um an Ordú um Dheocha Meisciúla (Praghsanna Uasta), 1948 (Leasú) (Uimh. 2), 1948.

318

An tOrdú Dleacht Custam (Fionraí Ilghnéitheach) (Uimh. 2), 1948.

319

An tOrdú Guail (Dleacht Chustam d’Fhionraí) (Uimh. 2), 1948.

320

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Tae (Praghsanna Uasta)(Uimh. 2), 1947 (Leasú) (Uimh. 5), 1948.

321

An tOrdú um Bainne agus Déirithe (Galair Aicídeacha), 1948.

337

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um an Ordú Usc Feola (Praghsanna Uasta), 1946 (Leasú) (Uimh. 1), 1947 (Cúlghairm), 1948.

338

An tOrdú um Shiopaí Gruagaireachta (Uaire Trádála) (Contaebhuirg Chorcaighe), 1948.

339

Na Rialacháin Aerphort Neamhchustam (Leathnú ar Fheidhm Dlithe) (Uimh. 2), 1948.

340

An tOrdú Cumhachta Práinne (Orduithe a bhaineas le Muilleoireacht Caoirce) (Cúlghairm), 1948.

341

An tOrdú um an Ordú Mine Coirce (Praghsanna Uasta), 1948 (Cúlghairm), 1948.

342

An tOrdú um an Acht Timpeall Toghchán (Rialacha Cláraitheachta d’Athrú), 1948.

345

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Treimhse an Fhómhair) (Leasú) (Uimh. 2), 1948.

347

An tOrdú um na hOrduithe Leasachán (Cúlghairm), 1948.

349

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Ciondáil Cheirisín), 1943 (Ciondáil Mhíosúil Usáidirí Tís) (Uimh. 2), 1948.

350

An tOrdú um Udaráis Chúnaimh Phoiblí Bhaile Atha Cliath (Comhdhéanamh), 1948.

353

Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1948.

354

An tOrdú um an Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Feidhm Choda VI), 1948.

356

Na Rialacháin um an Acht Rialtais Aitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Oifigigh agus Seirbhísigh Bhriogáide Tóiteáin), 1948.

359

An tOrdú um an Ordú um Tae agus Siúcra (Oibrithe Fómhair), 1948 (Leathnú), 1948.

360

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (Luach Malairte Cúpón Ime) (Uimh. 2), 1948.

361

An tOrdú um Udaráis Chúnaimh Phoiblí Bhaile Atha Cliath (Cruinnithe), 1948.

362

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Seithí), 1944 (Cúlghairm), 1948.

363

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Fion d’Allmhuiriú), 1942 (Cúlgairn), 1948.

367

An tOrdú Cumhachta Práinne (Scuitseáil Lín), 1948.

369

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Eanlaithe Clóis Marbha agus Coiníní Marbha d’Onnmhuiriú), 1945 (Leasú), 1948.

371

Na Rialacháin um Thoirmeasc ar Scoil d’Fhágáil (Fógraí), 1948.

372

Ordú Gháis Chill Mantan (Eilithe), 1948.

373

Na Rialacháin um Chumann Cógaiseoirí na hÉireann (Leasú) (Uimh. 3), 1948.

377

An tOrdú um an Acht Gorlanna Eanlaithe Clóis, 1947 (Tosach Feidhme) (Uimh. 1), 1948.

378

Na Rialacháin um Ghorlanna Eanlaithe Clóis, 1948.

379

An tOrdú um an Aire Talmhaíochta (Gníomhaireacht), 1948.

380

Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Leasú) (Uimh. 2), 1948.

384

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Siúcra), 1943 (An Ceathrú Tréimhse Chiondála Déag), 1948.

386

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Mhargairín) (Uimh. 2), 1945 (Leasú), 1948.

387

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (An Séú Tréimhse Chiondála Déag), 1948.

388

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Uimh. 6), 1948.

5. Breithníodh an tOrdú i dtaobh Uachtair, 1948, I. R., Uimh. 272 de 1948, freisin, agus cinneadh go n-iarrfaí ar Rúnaí na Roinne Talmhaíochta teacht go dtí cruinniú den Choiste ina thaobh. Tá Miontuairiscí a fhianaise ag gabháil leis seo (Fo-Scríbhinn I). Tar éis don Choiste dul isteach sa scéal, roimh theacht do Rúnaí na Roinne Talmhaíochta i láthair an Choiste, cúlghairmeadh an tOrdú tríd an Ordú um an Ordú i dtaobh Uachtair (Cúlghairm), 1948, I. R., Uimh. 428 de 1948. De bharr na fianaise a thug an tOifigeach seo uaidh lorgaíodh barúil an Ard-Aighne i dtaobh cumhacht a bheith ag an Aire an fhoráil a dhéanamh atá in Airteagal 7 den Ordú agus tá cóip den litir seo agus cóip de fhreagra an Ard-Aighne freisin ag gabháil leis seo (Fo-Scríbhinn II). Is é barúil an Choiste gur cóir aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar an Ordú i dtaobh Uachtair, 1948, ar fhoras (iii) de na hOrduithe Tagartha, viz. gur dhealraigh sé go raibh úsáid nach gnáthach agus gan coinne léi á dhéanamh de na cumhachta a bheir an Reacht faoina ndearnadh é.


(Sínithe) LÚCÁS O DUBHTHAIGH,


Cathaoirleach.


9ú lá de Mhárta, 1949.