|
SEANAD ÉIREANNORDUITHE TAGARTHA.Rún a rith Seanad Eireann, an 29ú Iúil, 1948:— “(1) Go gceapfar Rogha-Choiste a ainmneos an Coiste Roghnaithoireachta, chun breithniú a dhéanamh ar gach Riail, Ordú nó Rialachán Reachtúil a leagfar, nó a leagfar ina dhréacht, os comhair Sheanad Éireann de bhun ceanglais reachtúil d’fhonn a chinneadh ar cheart aird speisialta an tSeanaid a dhíriú chuige ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:— (i) go bhforchuireann sé muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil ann forála á cheangal íocaíochta a dhéanamh leis an Stát-Chiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon tseirbhísí a bheas le déanamh nó go n-ordaíonn sé méid aon mhuirir nó íocaíocht den tsórt sin; (ii) go ndearnadh é de bhun aon achtacháin a bhfuil ann forála sonracha á eisiamh ó agóid sna Cúirteanna, gach tráth nó tar éis deireadh tréimhse sonraithe; (iii) go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aige de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh é; (iv) go n-airbheartaíonn sé éifeacht chúl-ghabhálach a thabhairt do Rialachán, Riail nó Ordú nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin d’fhoráil; (v) go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena fhoilsiú nó lena leagadh os comhair an Tí; (vi) go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú. (2) Go mbeidh:— (a) naonúr comhalta ar an Rogha-Choiste, triúr acu do dhéanamh córaim; (b) cumhacht acu chun suí d’ainneoin aon atráthú ar an Seanad agus chun tuarascáil a thabhairt ó am go ham; (c) cumhacht acu chun a cheangal ar aon Roinn Rialtais áirithe meabhrán a thabhairt ag míníú aon Rialach, Orduithe, Rialacháin nó Dréachta a bheas faoi bhreithniú ag an gCoiste nó ionadaí a cheapadh chun teacht ina láthair mar Fhínné d’fhonn aon Riail, Ordú, Rialachán nó Dréacht den tsórt sin a mhíniú. (3) Go mbeidh de dhualgas ar an gCoiste, sar a dtabharfaid tuarascáil gur cóir aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon Riail, Ordú, Rialachán nó Dréacht, caoi a thabhairt d’aon Roinn Rialtais lena mbainfidh, pé mínithe, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt is oiriúnach leis an Roinn, agus beidh ag an gCoiste cumhacht chun aon mheabhráin a cuireadh faoina mbráid nó aon fhianaise eile a fuaireadar ó aon Roinn Rialtais, ag míniú aon Rialach, Orduithe, Rialacháin, nó Dréachta, a thuairisciú don Tigh ó am go ham. (4) Agus beidh de dhualgas ar Chléireach Sheanad Éireann pé cúnamh cléireachais nó pé cúnamh agus saoráidí eile a theastós ón gCoiste a chur ar fáil dóibh.” SEANADÓIRÍ D’AINMNIGH AN COISTE ROGHNAITHEOIREACHTA DON CHOISTE. Na Seanadóirí Bigear, Mac an Chrosáin, Dubhglas, O Dubhthaigh, O Fearáin Mac Síomóin, Háicín, O hEaráin, O Briain. Do hainmníodh an Seanadóir Suatman don Choiste an 2ú Márta, 1949, in ionad an tSeanadóra Dubhglas d’éirigh as oifig. CLAR LANAIS.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||