Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::20 May, 1947::Report

TUARASCAIL.

CUID I. NOTAI GINEARALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 31ú Nollaig, 1946.

SOLATHAIRTI.

1. Bheir an Coiste dá n-aire na cúiseanna a tugadh i dtaobh an nós imeachta a leanadh maidir le 98,000 scaireanna £1 le Irish Shipping Ltd., a aistriú ar chomaoin ainmniúil ó Grain Importers (Éire), Ltd. chun an Aire Airgeadais. Is soiléir, áfach, gurb é an rud a rinneadh na scaireanna a cheannach as airgead a bhí curtha ar fáil mar chúnamh i leith plúir; agus, ag féachaint do théarmaí Airteagail 9 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 72), 1941, is é tuairim an Choiste gurbh é ba cheart a dhéanamh na scaireanna a cheannach díreach as airgead a vótáladh ionas go mba dheimhin do dtabharfaí eolas iomlán do Dháil Eireann maidir leis an idirbheart agus go rabhthas ag comhlíonadh téarmaí an Orduithe.


CUID II.—CUNTAIS FAOI LEITH.

Oibreacha agus Foirginti Poiblí.

2. Bhreithnigh an Coiste an nós imeachta a leanadh maidir le hoibreacha tógála áirithe ag Aerphort na Sionainne. Is tuigthe dhóibh, maidir le gach conradh poiblí, gurb é gnás Choimisineirí na nOibreacha Poiblí i gcónaí claí le córas na dtairiscintí comórtasach oscailte do réir chnapshuime agus ná raibh fonn orthu dul faoi mhortabháil aon scaradh a dhéanamh ón gcóras seo maidir leis na hoibreacha atá i gceist. Dá bhrí sin, le haontú na Roinne Airgeadais, ghlac an Roinn Tionscail agus Tráchtála de mhortabháil orthu féin na hoibreacha a dhéanamh agus bheartaíodar, ar scór dian-éigeandála, iad a chur á ndéanamh ar chostas go mbrabús ag conrathóir a toghfaí, de thoradh comórtais, as uimhir bhig de chonrathóirí ceadaithe. Cuireadh in iúl don Choiste gur sábháladh mórchuid ama leis an modh a leanadh cé gur mhó an costas a ghabh leis, agus, thar gach ní eile, nárbh fholáir na hoibreacha a chríochnú go luath. Ba mhaith leis an gCoiste faisnéis a fháil ar na modha seiceála ar chaitheachas maidir leis na hoibreacha seo. Measann an Coiste nach cóir conartha a thabhairt ar chostas go mbrabús ach amháin i gcásanna an-neamhghnáthacha, agus tá súil acu go mbreithneofar córas na gconartha um praghas socair chun é a leanúint feasta in aon oibreacha eile a glacfar de láimh.


3. Is ar choimisinéirí na nOibreacha Poiblí atá cúram bainistí Pháirce Cuimhneacháin Bourn Vincent i gCill Airne, agus bíonn fáltais insuime as, faoi mhírehinn áirithe ioncaim—toradh déiríochta, curadóireacht, iascach, ticéidí chun dul isteach, etc. O tá na dula curtha síos faoi mhírchinn iomaí den vóta, ní féidir a fháil amach go réidh an bhfuil an t-eastát ag tuilleamh brabúis nó, ar a shon sin, an muirear ar chistí poiblí é. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta ar fáil, mar colas don Choiste, ráiteas fáltas agus íocaíocht inar taispeánadh go raibh os cionn £4,000 de bhreis ag na híocaíochta ar na fáltais ach ní soiléir an cóir an tsuim seo a mheas mar chaillteanas na bliana, agus molann an Coiste go ndéanfaí lán-chuntas bliantúil a chur faoi bhráid an choiste gach bliain a thaispeánfadh an t-ioncam agus an caiteachas uile ionas go mba léir an glan-thoradh airgeadais as oibriú an eastáit.


4. Bhí ar an gCoiste a lua ina dtuarascáil dar dáta Feabhra, 1939, ná raibh in Oifig na nOibreacha Poiblí ná sa Roinn Cosanta aon bhuan-bhreacachán ag taispeáint maoine an Stáit, agus thugadar mar bharúil gurb ionmholta go ndéanfadh na Ranna Stáit, ar a bhfuil cúram riaracháin tailte agus foirgintí Stáit, rollaí agus cíosliostaí iomlána maidir leis na tailte agus na foirgintí Stáit go léir a chur le chéile, agus gur cheart tiomchuairt rialta a thabhairt go tréimhsiúil ar mhaoin an Stáit. Dúirt an tAire Airgeadais gur aontaigh sé leis an gCoiste, agus d’fhaisnéisigh sé dhóibh go raibh, i gcás Oifige na nOibreacha Poiblí, socruithe á ndéanamh maidir leis an ní seo chun tograí áirithe a chur i gcrích a mheas an tAire a bheith sásúil. Is feasach don Choiste gur dheacraide an obair a chríochnú an chuma a bhí ar an saol i rith na mblian idir an dá linn, agus is áthas leo a thabhairt faoi ndeara go bhfuil dul chun cinn cinnteach déanta san obair anois ag Oifig na nOibreacha Poiblí, ó atá suirbhéaracht cúig chontae beagnach críochnaithe agus socrú déanta le tiomchuairt a thabhairt ar an maoin Stáit sna contaethe eile. Ba mhian leis an gCoiste go n-ineosfaí dhoibh ó am go ham conas atá an obair ag dul ar aghaidh, go dtí go mbeidh sé críochnaithe.


EOLAIOCHT AGUS EALAI.

5. Maidir leis an scéim chun aistriúcháin agus saothair bhunaidh a ullmhú agus a fhoilsiú i nGaeilge, do hinseadh don Choiste go raibh roinnt saothar ar ar híocadh táillí i 1931 agus sna blianta ina dhiaidh gan cur i gcló fós, agus nár tugadh an bhreith dheiridh go fóill maidir lena bhfoilsiú. Bheir an Coiste faoi ndeara, freisin, gur mhó go mór, i gcuid mhaith cás, an méid cóip a cuireadh i gcló le díol i mblianta tosaigh na scéime ná an uimhir dob indíolta, ionas gur charnaigh an stoc. D’ainneoin gur tuigthe don Choiste na deacrachta a ghabhas le scéim den tsórt seo, is oth leo go ndeachthas faoi mhórchuid caiteachais neamhéifeachtaigh ag soláthar saothar, agus gan aon phlean cinnte ann chun iad a fhoilsiú laistigh de thréimhse réasúnach. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dóibh i dtráth chuí an méid a cailleadh de dheascaibh láimhscríbhní ar híocadh orthu a fhágaint gan foilsiú agus stoic d’fharasbar a chur de láimh.


SEIRBHISI IOMPAIR AGUS METEORAIOCHTA.

6. Déantar an tseirbhís lónadóireachta ag Aerphort na Sionainne do réir socruithe a rinneadh leis an rialaitheoir lónadóireachta á fhoráil go n-aisíocfaí leis méid an chaillteanais iarbhír a bheadh air gach bliain ag oibriú na seirbhíse, agus faisnéisíodh don Choiste gur £6,909 an caillteanas a bhí ann an bhliain dar chríoch an 31ú Eanáir, 1945, agus gur £9,666 an caillteanas a bhí ann an bhliain dar chríoch an 31ú Eanáir, 1946. Tuigeann siad gurbh é ba chúis na eaillteanais seo neamhchinnteacht agus neamhrialtacht an tráchta ar feadh na dtréimhsí sin, agus gur soláthradh na saoráidí in oirchill an ama a mbeadh an trácht forbartha. Maidir leis an ní seo, chuir an tOifigeach Cuntasaíochta isteach, mar colas don Choiste, ráiteas inar taispeánadh gur mhéadaigh trácht na bpaisnéirí ó 6,000 sa bhliain 1944 go dtí os cionn 86,000 sa chéad deich mí de 1946, agus is deimhin leis an gCoiste go bhfuil an tseirbhís ag íoc aisti féin anois de bharr an trácht a bheith méadaithe. Tá súil acu go ndéanfar gach dícheall chun an tseirbhís seo a chothabháil, i dtreo go seachnófar maidir léi tuilleadh muirear ar airgead poiblí.


LIUNTAIS LEANBHAI.

7. Cuireadh in iúl don Choiste cás ina ndearna fostóir, ina éileamh ar liúntas leanbhaí, liúntas a lorg i leith linbh a bhí ar fostú aige, agus is é a thuigeas an Coiste gurbh amhlaidh a rinneadh, chun críocha na nAcht Liúntas Leanbhaí, an leanbh a áireamh mar leanbh a bhí á chothabháil ag an bhfostóir agus nach féidir leanbhaí fostaithe, sa cháil sin dóibh, a eisiamh ó fhorála na nAcht. Bíodh go n-aontaíonn an Coiste nach ceart go ndícháileodh a fhostaíocht aon leanbh a bhí thairis sin i dteideal liúntais, gabhann siad lena n-ais gur ceart go dtairbheodh leanbhaí de na liúntais a híoctar in a leith, agus chítear don Choiste gur ag an bhfostóir amháin a bhíonn tairbhe liúntais linbh i gcás an leanbh sin a bheith fostaithe. Dá bhrí sin, tá roinnt dá amhras ar an gCoiste an bhfuil sé go huile agus go hiomlán do réir forál na nAcht géilleadh d’éileamh ó fhostóir i leith linbh fhostaithe, agus molann siad an scéal a bhreithniú tuilleadh.


AN tARM.

8. Cuireadh cás in iúl don Choiste ar cruthaíodh ina thaobh gur falsaíodh na cuntais éadaigh a cuireadh isteach i leith aonaid áirithe. Dhealródh sé gurbh amhlaidh a tugadh i dtacaíocht leis na cuntais cruthúnachta bréige á airbheartú gur heisíodh baill éadaigh nár heisíodh chor ar bith, agus dúradh gur hullmhaíodh na cruthúnachta seo chun coigeartú a dhéanamh ar na cuntais maidir le heisiúintí bona fide a rinneadh roimhe sin ach nár tugadh cruthúnachta ina dtaobh ag an am. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur dheimhin leis ná raibh ar intinn chor ar bith ag na hoifigigh a bhí i gceist calaois a dhéanamh. Is mian leis an gCoiste, áfach, a chur ar breacadh gur mór is miste leo aon iarracht ar earráidí cuntasaíochta a cheartú trí iontrála neamhrialta a dhéanamh in ionad staid an scéil a nochtadh go hiomlán léir don údarás ceart. Bheir an Coiste faoi ndeara go bhfuil an cheist smachta á plé fós idir an Roinn Airgeadais agus an Roinn Cosanta.


9. De dhroim breithe a thug an Ard-Chúirt híocadh £25,000 cúitimh, agus costais ina theannta sin, le hunaerí áitribh áirithe a ndearna tóiteán damáiste dhó le linn don Arm a bheith ar áitíocht ann. Tuigeann an Coiste gur ghlac an Roinn de mhortabháil orthu féin, nuair a bhíodar ag gabháil an áitribh chucu, bheith freagarthach in aon damáiste a tharlódh de bharr iad a bheith ar áitíocht ann agus cinneadh gur háiríodh ansin damáiste de dheaseaibh tóiteáin tionóisce. Bhí an t-áitreabh áirithe sin árachaithe i gcoinne fiontar tóiteáin ag na húnaerí, agus is cosúil gur leanadar ag íoc na bpréamaí ar feadh na tréimhse a bhí an t-áitreabh ligthe acu, agus meastar, uime sin, go raibh sé ceart staid an scéil ó thaobh dliteanais, maidir le damáiste de dheascaibh tóiteáin, a léir-shonrú nuair a bhí an t-áitreabh á ghabháil.


ARM-PHINSIN.

10. Bhí cás faoi bhreithniú ag an gCoiste inar deonadh liúntais faoi na hAchta Arm-Phinsean do bhaintreacha lucht Muir-Sheirbhíse a cailleadh de bhíthin árthach oifigiúil agus long le Loingeas Éireann Teoranta do bhualadh i gcoinne a chéile i gCuan Chorcaí. Níor hairíodh méid na liúntas sin san éileamh a rinneadh in aghaidh na Cuideachtan i leith an chaillteanais de dheascaibh na tionóisce. Cuireadh i bhfios don Choiste go bhfuarthas comhairle dlíodóra, ina dhiaidh sin, faoin ngné seo den scéal agus gur cinneadh ná raibh aon ábhar aicsin ann in aghaidh na Cuideachtan mar gheall ar na liúntais sin a dhámhachtain. Sna himeachta dlí a bhunaigh na baintreacha in aghaidh Loingeas Éireann Teoranta, rinne an Ard-Chúirt breith a thabhairt i bhfábhar na mbaintreach agus cúiteamh a dhámhachtáin dóibh. Is cosúil gur i ndiaidh na liúntais a dhámhachtain faoi na hAchta Arm-Phinsean a tugadh breith na cúirte, agus dá bhrí sin ná féadfaí, i dtuairim na n-oifigeach dlí, feidhmiú a dhéanamh ar na forála d’Alt 13 (2) den Acht Arm-Phinsean, 1923, faoinar féidir cúiteamh de bhunadh eile a chur san áireamh nuair a bhíos méid pinsin nó liúntais á chinneadh. Os mar sin atá, ní mian leis an gCoiste a thuilleadh a rá faoin gcúis.


(Sínithe) LIAM MAC COSGAIR,


Cathaoirleach.


14ú Bealtaine, 1947.