Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::20 May, 1947::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

30 Aibreán, 1946:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí do cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó san san mBuan- Ordú réamh-ráite, an Coiste comh- dhéanta de cheithre comhalta déag agus gur cúigear a bheidh mar chuoram; agus gurab é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh comh- altaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar bhreacacháin;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31ú Márta, 1945, do chur chun an Choiste chun iad do scrudú agus tuairisc do thabhairt orthú.


15 Bealtaine, 1946:—Do hainm- níodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Seosamh Ó Blathmhaic, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Micheál Colbárd, Eamon Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias Ó Locht- máin, Micheál Ó Liodáin, Micheál Ó Modhráin, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon Teachtaí.