Committee Reports::Report - Fracas between two Members of the Dáil on 24th April, 1947::01 May, 1947::Report

TUARASCAIL

1. De bhun an Orduithe ón Dáil dar dáta an 24ú Aibreán, 1947 tá an Coiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí tar éis fiosrú a dhéanamh i dtaobh na dtosca a bhain leis an ngráscar a tharla an lá sin idir an Teachta Coburn agus an Teachta O Cinnéide san Urdhamh óna dtéitear isteach i Seomra na Dála.


2. Fionnann an Coiste gurb iad seo a leanas fíorais an cháis seo:—


Tá an caitheamh cainte as ar lean an teangmháil ar breacadh, mar tharla sé le linn díospóireachta sa Dáil (Iml. 105, Col. 1357-8). Díreach tar éis an caitheamh cainte sin d’imigh an bheirt Teachtaí amach as an Teach ar na doirse chun an urdhaimh uachtair, mar ar thosnaíodar ag troid. Tar éis gleic ghearr chuaigh roinnt Teachtaí eile agus giollúnaigh eatorthu agus cuireadh ó cheile iad. Dob shin deireadh don chúrsa.


3. Fionnann an Coiste gur shárú príbhléide é ag an Teachta Coburn an dúshlán a thabhairt agus ag an Teachta O Cinnéide é a ghlacadh.


Is é seo an chéad uair a hordaíodh don Choiste deighleáil le ní sonrach don tsórt seo. Is incháinte go ró-mhór imreas a chothú a mhéid sin go raghfaí chun foréigin leis i Maighne na Dála agus níl amhras nach dísbeagadh ar an Tigh é. Is é tuairim an Choiste gur dhísbeagadh ró-throm é teagmhas míchuí a tharlachtaint in áit a bhí beagnach in amharc an Tí le linn don Tigh a bheith ar siosón.


4. Fuair an Coiste scéala ón gCeann Comhairle go bhfuil an bheirt Teachtaí tar éis a chur i bhfios dó go mba mhaith leo a chur in iúl don Dáil go bhfuil aiféala mhór orthu mar gheall ar an bpáirt a bhí acu faoi seach sa teagmhas. Ag cinneadh dhóibh ar an mbeart a mholfaidís don Dáil chuir an Coiste an méid sin san áireamh agus fós gur le linn corraí mór sa Tigh a tharla an teagmhas agus, fairis sin, gur gan mí-rún ná machtnamh roimh ré ag ceachtar den bheirt a bhí páirteach ann a tosnaíodh air. Ag féachaint do na tosca go léir molann an Coiste go nglacfadh an Dáil le leithscéal an Teachta Coburn agus le leithscéal an Teachta O Cinnéide agus go bhfágfaí an scéal mar sin.


(Sínithe) PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


1ú Bealtaine, 1947.