Committee Reports::Report - Fracas between two Members of the Dáil on 24th April, 1947::01 May, 1947::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

14 Meitheamh, 1944:—Ordaithe, Go gceapfar Coiste ar Nós-Imeachta agus Príbhléidí a bheidh có-dhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de chúig Theachta dhéag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta; go dtabharfar comhacht don Choiste chun breithniú do dhéanamh ar chúrsaí nós imeachtai i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna no leasuithe ar na Buan-Ordaithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach do mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar san i dtaobh príbhléidí Teachtaí;


Gur seachtar a bheidh mar quorum don Choiste (Rúnaí Pârlaiminte don Taoiseach).


14 Meitheamh, 1944:—Teachtaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí O Beacháin, O Braoin, Brioscú, E. O Cuagáin, Diolún, O Domhnalláin, O Dubhghaill, Eabhróid, O hAodha, O Cinnéide, O Cíosáin (Rúnaí Párlaiminte don Taoiseach), O Lochmáin, de Nortún, O Lochlainn agus T. O Súilleabháin.


24 Aibreán, 1947:—Chraol an Ceann Comhairle go raibh Maoirseoir an Oireachtais tar éis a chur in iúl dó gur thárla gráscar lasmuigh de Sheomra na Dála tráthnóna inniu idir bheirt chomhalta, an Teachta Coburn agus an Teachta O Cinnéide, de thoradh dúshláin a tugadh agus a glacadh trasna urláir an Tí. Chinn an Ceann Comhairle gur shárú príbhléide a bhí ann prima facie.


Ordaithe, Go gcuirfear an ní faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí (Taoiseach).