Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1945 - 1946::26 June, 1947::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 26ú Meitheamh, 1947.

Thursday, 26th June, 1947.

1. Chruinnigh an Coiste at 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Brian Ó Brádaigh, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin, Máirtín Ó Suilleabháin, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1945-46. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Talmhaíocht, Cúnaimh Airgid alos Tortha Talmhaíochta, Iascach, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, An Dánlann Náisiúnta, Gealtlann Dúndroma, Gnóthaí Eachtracha agus Cumann na Náisiún.


4. Ceistníodh Seán Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Eamon Mac Lochlainn (Stiúrthóir, Oifig Scéimeanna Speisialta Fostaíochta), Dr. G. J. Furlong (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Feardorcha Ó Beolláin (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Pádraig Ó Ceallaigh agus Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dti Déardaoin, 16ú Deireadh Fómhair, 1947.