Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1945 - 1946::12 June, 1947::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 12ú Meitheamh, 1947.

Thursday, 12th June, 1947.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Brian Ó Brádaigh, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1945-46. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhis Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeal Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoilanna agus Coláistí, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhála Pearsanta (Síbhialtaigh), Fóirthin ar Ghátar, Aisíocanna leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoisinéirí Ioncaim agus Pinsin Sean-Aoise.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), Tadhg O Cléirigh (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim) Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dti Déardaoin, 26ú Meitheamh, 1947.