Committee Reports::Additional Report - Wearing of a Gown by the Ceann Comhairle and Leas-Cheann Comhairle ::17 July, 1946::Report

DÁIL ÉIREANN.

AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

TUARASCÁIL BHREISE I DTAOBH AN CEANN COMHAIRLE AGUS AN LEAS-CHEANN COMHAIRLE DO CHAITHEAMH TUINIGH.

1. Rinne an Coiste an cheist seo a bhreithniú athuair de bhun an orduithe a rinne an Dáil an 3ú lá den mhí seo ag cur Míre 2 de Thuarascáil an Choiste (T. 116) i dtaobh an Ceann Comhairle do chaitheamh Tuínigh thar n-ais chun a hathbhreithnithe. Is amhlaidh a mhol an Coiste sa mhír sin ná caithfeadh an Leas-Cheann Comhairle aon tuíneach. Tuigeadh don Choiste gurb ionann Ordú na Dála agus ordachán chun áird a thabhairt ar na hargóintí a tarraingeadh anuas i rith na díospóireachta sa Dáil ar an Tuarascáil bunaidh agus chun pé moladh breise nó eile dob oiriúnach leo, ag féachaint do na hargóintí sin, a dhéanamh maidir leis an ngné sin de cheist.


2. D’aontaigh an Coiste, de thoradh breithe an tromlaigh, an moladh a rinneadar cheana maidir leis an Leas-Cheann Comhairle a tharraingt siar agus a mholadh ina ionad go gcaithfeadh an tOifigeach sin tuíneach le linn dó bheith sa Chathaoir. Ag teacht ar an gcinneadh sin dhóibh ba mhóide ba mhian leis na comhaltaí den Choiste a bhí fábharnach dó aontú leis gan ach Teachta amháin de na Teachtaí a bhí páirteach sa díospóireacht sa Dáil do chur i gcoinne an Leas-Cheann Comhairle do chaitheamh tuínigh. Chonnacthas do thromlach an Choiste nár leor na hargóintí a luadh i bhfábhar na dara tuairime sin chun ná géillfí do thuairim a dhealraigh bheith ina tuairim choiteann ag an Dáil.


3. Bheartaigh an Coiste go mba chóir malairt déanamh a bheith ar thuíneach an Leas-Chinn Chomhairle seachas tuíneach an Chinn Chomhairle d’fhonn gradam ar leith na beirte Oifigeach sin a léiriú.


4. Comhairlíonn an Coiste gur leor, do réir an nós imeachta a leanadh i geás na Tuarascála bunaidh, Rún ag glacadh leis an Tuarascáil seo chun an t-údarás riachtanach a thabhairt dó.


(Sínithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


17ú Iúil, 1946.