Committee Reports::Additional Report - Wearing of a Gown by the Ceann Comhairle and Leas-Cheann Comhairle ::10 July, 1946::Proceedings of the Joint Committee

SLIOCHT AS IMEACHTA AN CHOISTE.

EXTRACT FROM PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 10ú Iúil, 1946.

Wednesday, 10th July, 1946.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.15 a.m. i Seomra a 106.


2. Bhí na comhaltaí seo leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (i gCeannas); An Rúnaí Párlaiminte don Taoiseach; Pádraig O Beacháin, Domhnall O Braoin, Riobárd Brioscú, Mícheál O Domhnalláin agus Proinnsias O Lochmáin.


3. An Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle do chaitheamh Tuinigh.


Rinne an Coiste athbhreithniú, de bhun an Orduithe a rinne an Dáil an 3ú lá den mhí seo, ar Mhir 2 de Thuarascáil an Choiste (T. 116). Tar éis dóibh breithniú a dhéanamh ar na tuairimí a nochtadh sa Tigh an lá sin i dtaobh an Leas-Cheann Comhairle do chaitheamh tuínigh chonnacthas do thromlach an Choiste go mba chóir an Leas-Cheann Chomhairle do chaitheamh tuínigh ach go mba cheart déanamh níos símplí a bheith ar an tuíneach sin ná mar a bhéadh ar thuíneach an Chinn Chomhairle d’fhonn idirdhealú a dhéanamh eatarthu. D’easaontaigh Domhnall O Braoin leis an gcinneadh sin. Ceapadh go mba chóir an cinneadh deiridh ar an gceist a fhágaint faoi shaor-vótáil na Dála.


Cuirfear Dréacht Tuarascáil timpeall dá réir sin.