|
DÁIL ÉIREANN.AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.TUARASCÁIL I DTAOBH BILLí CHUN AN DLí reachtúIL A CHOMHDHLúTHú.1. Tá ag gabháil leis an Tuarascáil seo tuarascáil ó Fho-Choistí a bhunaigh na Coistí um Nós Imeachta agus Príbhléidí den dá Thigh chun an t-abhar seo a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt ina thaobh. Instear sa Tuarascáil sin tosca ceaptha na bhFo-Choistí sin; tá na scríbhní tionscnaimh iomchuibhe sa Tuarascáil sin freisin. 2. Ghlac an Coiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí le Tuarascáil na bhFo-Choistí faoi réir an mhodhnaithe seo leanas. Ní mór é a dhéanamh soiléir, maidir le Mír 4 den Tuarascáil sin, gur chomhaltaí ón Seanad na comhaltaí de na Fo-Choistí adeirtear sa Tuarascáil a bheith ar an tuairim gur sa tSeanad ba cheart Billí Comhdhlúite a thionscnamh; go raibh na comhaltaí ón Dáil ar an tuairim gur cheist don Rialtas an ní sin agus nár cheart aon treoireas dá mhalairt a chorprú sna Buan-Ordaithe. Géilleadh fá dheoidh don tuairim deiridh sin, mar is léir ó na Dréacht-Bhuan-Ordaithe atá ag gabháil leis an Tuarascáil sin. Aontaíonn an Coiste le tuairim na gcomhaltaí dá bhFo-Choiste agus measaid gur pointe é a bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis. 3. Molann an Coiste don Dáil glacadh leis na Dréacht-Bhuan-Ordaithe a bhaineas leis an Dáil agus atá i bhFo-Scríbhinn II de Thuarascáil na bhFo-Choistí. (Sínithe) ÉAMONN Ó NÉILL, Cathaoirleach Gníomhach. 12ú Aibreán, 1946. FO-CHOISTI DE NA COISTI UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI DEN DA THIGH.TUARASCAIL I DTAOBH BILLI CHUN AN DLI REACHTUIL A CHOMHDHLUTHU.1. Cuireadh tús le breithniú an abhair seo san Oireachtas trí litreacha, dar dáta an 18 Eanáir, 1946, agus darb ionann téarmaí, a theacht ón Aire Dlí agus Cirt go dtí an Ceann Comhairle agus go dtí an Cathaoirleach. Tá cóip de na litreacha i gCuid 1 d’Fho-Scríbhinn I den Tuarascáil seo. 2. Nuair a fuarthas na litreacha, cuireadh an t-abhar ar Chláir Ghnótha na gCoistí um Nós Imeachta agus Príbhléidí den Dáil agus den tSeanad, agus tá Miontuairiscí na gCoistí ag bunú Fo-Choistí chun an t-abhar a bhreithniú i gcomhar clóbhuailte i gCuid 2 d’Fho-Scríbhinn I. 3. Ag an gcéad chruinniú, mar ar toghadh an Rúnaí Párlaiminte don Taoiseach ina Chathaoirleach, bhí bun-phointí nóis imeachta faoi dhíospóireacht ag na Coistí. Ag cruinnithe ina dhiaidh sin agus de thoradh molta a cuireadh os a gcomhair, d’aontaigh na Coistí na dréacht-Bhuan-Ordaithe atá i bhFo-Scríbhinn II a ghabhas leis an Tuarascáil seo a chur faoi bhráid a gCoistí cinn. 4. I dtús a mbreithnithe, toisc go ndéanfadh cinneadh ar an bpointe difir d’fhoirm na mBuan-Ordaithe, bhreithnigh na Coistí an Cheist seo: Cé acu Teach ar chóir Billí Comhdhlúite a thionscnamh ann? Sa díospóireacht mar gheall air sin ba léir go raibh tuairimí láidre ar an dá thaobh agus chinn na Coistí sa deireadh ar na Buan Ordaithe a leagadh amach ar an bhforas go bhféadfaí Billí Comhdhlúite a thionscnamh i gceachtar Tigh, agus a fhágáil faoin Rialtas an bhreith dheiridh a thabhairt más gá agus nuair is gá sin. Bhí comhaltaí áirithe de na Coistí, áfach, go láidir ar an tuairim gur sa tSeanad ba cheart iad a thionscnamh. Ní meastar gur pointe é a bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis ach, toisc an mhalairt tuairime a bheith ann, ba chabhair, b’fhéidir, tagairt do mhír 8 (leathanach 7) den Tuarascáil ón gCoimisiún i dtaobh an Dara Teach a bheith san Oireachtas (1936), agus do mhír 23 (leathanach 23) de Thuarascáil Bhreise Chathaoirligh an Choimisiúin sin. 5. Maidir leis na dréacht-Bhuan-Ordaithe atá á gcur faoi bhreith acu, is mian leis na Coistí na nótaí seo a leanas a thabhairt á míniú. Is ar éigin is gá a rá go mbeidh na Buan-Ordaithe a moltar, má ghlacann na Coistí cinn i bprionsabal leo, inleasaithe ag na Tithe féin, i dtús, agus ó am go ham mar gheobhfar, de thoradh cleachta, a bheith riachtanach. 6. I gcoitinne, ghlac na Coistí leis an nós imeachta atá ordaithe leis na Buan-Ordaithe atá ann faoi láthair do Bhillí chun Ordaithe Sealadacha a Dhaingniú—mar chítear dóibh gur Billí iontsamhlacha iad, sa mhéid gur Billí innlithe iad sin freisin —agus chuireadar in oiriúint é do na riachtanais a mheasaid a bheas ag gabháil leis an gcineál nua tograí do reachtaíocht chomhdhlúite. Molaid, áfach, athraithe áirithe ar an nós imeachta sin agus tá tagraí níos iomláine anseo síos ina thaobh sin. 7. Is é an chéad athrú acu sin foirm ar leith de leasú “réasúnaithe” a thabhairt isteach ar an Dara Céim de Bhillí. Tá a fhios ag comhaltaí go bhfuil, do réir na mBuan-Ordaithe atá ann faoi láthair, dhá fhoirm do leasú “réasúnaithe” sa Dáil agus foirm amháin sa tSeanad agus, má ritear ceachtar acu, gurb ionann sin agus “an bille a mharú” mar adeirtear. I ndáiríribh is leasaithe iad ag diúltú don rún: “Go léitear an Bille an dara huair anois”. Os rud é gurb é atá le cinneadh sa chás áirithe atá os comhair na gCoistí: cé acu is ceart nó nach ceart dlithe áirithe a chomhdlúthú: agus gur féidir sin a chinneadh tríd an gceist díreach: “Go léitear an Bille an dara huair anois” —rud a bheartaíos na Coistí a choimeád—molaid gan feidhm a bhaint as na leasaithe sin ach tá togra a cuireadh os comhair na gCoistí á inchorprú acu. Is é togra é sin leasú “réasúnaithe” de chineál ar leith a chur ina n-ionad ionas go bhféadfar Deimhniú an Ard-Aighne (dá dtagartar sa triú mír den litir ón Aire Dlí agus Cirt) a thabhairt faoi cheist i gcásanna ina meastar gur gá mí-shástacht leis an Deimhniú a chur in iúl. 8. Tá athrú eile á mholadh ag na Coistí, ar Chéim an Choiste, sé sin, go mbunófaí Comh-Choiste Buan a bheas ionadaitheach don dá Thigh (agus ar a mbeidh an tAire i gcúram an Bhille ina chomhalta ex officio) agus a gcuirfí Billí Comhdhlúite faoi n-a bhráid chun iad a bhreithniú go mion. Molann na Coistí Coiste Buan ionas ná beidh na comhaltaí á n-athrú go minic agus d’fhonn go mbeadh cabhair le fáil ag na Tithe ó Choiste a dtiocfaidh dó, leis an aimsir agus de thoradh cleachta, lár-líon de shaineolaithe a bheith air i gcomhnaí. 9. Measann na Coistí nach ceart níos mó ná triúr comhaltaí ó gach Tigh a bheith ar an mBuan-Choiste, ach molaid go dtabharfaí cumhacht do na Coistí Roghnaitheoireachta faoi seach líon breise comhaltaí, nach mó ná triúr (ó gach Tigh), a chur leis chun breithniú a dhéanamh ar aon Bhille áirithe a cuirfear faoi bhráid an Bhuan-Choiste. Ar an gcuma sin tá súil ag na Coistí go mbeadh ar fáil le haghaidh oibre an Bhuan-Choiste níos mó saineolais ná mar bheadh dá mba líon áirithe comhaltaí a bheadh air i gcomhnaí. 10. Bhreithnigh na Coistí moladh a cuireadh os a gcomhair, oifigeach ó fhoirinn an Dréachtóra Phárlaiminte a chur leis an mBuan-Choiste mar mheisiúnaí gairmiúil in ionad cumhacht a thabhairt don Choiste fios a chur ar dhaoine, páipéir agus breacacháin. Chinn na Coistí gan glacadh leis an moladh sin ar an abhar, i dteannta abhar eile, gur mheasadar gur ghá an chumhacht ba leithne réim go dtí go mbeadh obair an Bhuan-Choiste faoi réim rialta. 11. Maidir le leasaithe ar Chéim an Choiste agus ar Chéim na Tuarascála, molann na Coistí ná glacfaí ach le leasaithe is leasaithe —mar adúradh sa litir ón Aire Dlí agus Cirt—“for the removal of ambiguities and inconsistencies, the substitution of modern for obsolete or inconvenient machinery or the achievement of uniformity of expression or adaptation to existing law and practice”; agus leasaithe substainte a bheith toirmiscthe. 12. Chun éifeacht a thabhairt do mholadh eile a cuireadh os comhair na gCoistí, tá socair acu tréimhsí íosta áirithe a bheith idir na Céimeanna de Bhillí. 13. Más sa tSeanad a tionscnófar Billí Comhdhlúite, molann na Coistí gabháil thar an gCéad, an Dara agus an Tríú Céim sa Dáil. Más sa Dáil a tionscnófar iad, ba cheart gabháil thar na Céimeanna sin sa tSeanad. 14. I dteannta a nótaí ar na dréacht-Bhuan-Ordaithe is mian leis na Coistí luí ar mholadh a rinne mórán dá gcomhaltaí, sé sin, go mbeadh ag gabháil le gach Bille Comhdhlúite Meamram ina mbeadh míniú cruinn iomlán ar phointí nárbh fholáir go dtabharfadh an tOireachtas aire ar leith dhóibh agus ina dtaspánfaí go soiléir cineál agus réim na leasaithe a bheadh beartaithe a dhéanamh ar an Dlí Reachtúil. Tá foráil chuige sin i bhfo-alt (3) d’Ordú Uimh. 1 de na Buan-Ordaithe a moltar. Molann na Coistí go ró-shonnrach go mbeadh na nithe seo a leanas sa Mheamram:— (i) gearr-chuntas stairiúil ar an Dlí Reachtúil a bhaineas leis an abhar áirithe a mbeifear á iarraidh é a chomhdhlúthú; (ii) miondealú, i gcolúin, ar na forála reachtúla atá i bhfeidhm agus ar an athchruth atá ar na forála sin sa Bhille Comhdhlúite. Ba chóir tagairt a bheith sa chéad cholún den mhiondealú sin do gach alt de gach reacht atá i bhfeidhm ar dháta an Bhille Chomhdhlúite a thabhairt isteach; agus tagairt a bheith sa dara colún don alt nó do na hailt den Bhille Comhdhlúite trí n-a gceaptar athghein a dhéanamh ar éifeacht an ailt chomhréire sa dlí reachtúil atá i bhfeidhm; agus nóta a bheith sa tríú colún á insint an focal ar fhocal atá an t-alt den dlí reachtúil atá i bhfeidhm arna athghein sa Bhille Comhdhlúite nó, murab ea, á mhíniú conas atá éifeacht an ailt sin á buan-choimeád sa Bhille Comhdhlúite; (iii) pé nótaí agus mínithe, breise nó eile, a mheasfas an tArd-Aighne is gá nó is oiriúnach. (Sínithe) ÉAMON Ó CÍOSÁIN, Cathaoirleach. 3ú Aibreán, 1946. FO-SCRIBHINN I.APPENDIX I.CUID 1.PART 1.(Litir ón Aire Dlí agus Cirt.) (Letter from Minister for Justice.)
116/104. 18 Eanáir, 1946. A Chara, The question of consolidation of statute law, including the pre-1922 statutes so far as they are still in force, has been under consideration for some time, and the Government have now approved of a scheme for that purpose. The scheme contemplates the consolidation of all the statute law. In those cases in which there happens to be only a single statute relating to a particular subject, the scheme contemplates the reenactment in modern form and language of that statute, if it is of the pre-1922 era. In the process of consolidation or in the reenacting of a single statute, no substantive amendments will be introduced, but amendments designed merely to remove ambiguities and inconsistencies, to substitute modern for obsolete or inconvenient machinery, or to achieve uniformity of expression or adaptation to existing law and practice may be included. Consolidation Bills will be prepared in the Parliamentary Draftsman’s Office. Every draft Bill will be examined by the Attorney General who, for this purpose, will, when he thinks it necessary to do so, obtain the assistance of an expert in the particular branch of the law which is the subject of the Bill. When the Attorney General is satisfied that a Bill is a true Consolidation Bill in the sense that it reproduces the existing enactments with such minor amendments only as are mentioned in the preceding paragraph, and does not include any substantive amendment of the law, he will furnish a certificate to that effect. This certificate will accompany the Bill on its introduction. The Minister in charge of the Department mainly concerned with the particular branch of the law which is the subject of a Consolidation Bill will be responsible for sponsoring the Bill in the course of its passage through the Dáil and Seanad. In the case of Bills for the consolidation of branches of the law not administered by, or directly concerning, any Department, the Minister responsible will be the Minister for Justice. The undertaking is a heavy one and its success will depend, to a large extent, on the co-operation of the Dáil and Seanad. It has, accordingly, been decided that both Houses should be acquainted at once of the Government’s intention and that the Committee on Procedure and Privileges of each House should be invited to consider the matter with a view to recommending the adoption of such new rules of procedure or such modifications in the existing rules as might seem to the Committee practicable and desirable with a view to facilitating the passage of Consolidation Bills. I shall, accordingly, be obliged if you will be so good as to inform Seanad Eireann/Dáil Eireann of these proposals and if you will also take the necessary steps to have the matter considered by the Committee on Procedure and Privileges as soon as may be convenient. A letter in similar terms is being addressed to the Cathaoirleach/Ceann Comhairle. Mise, le meas, (Signed) G. BOLAND, Aire Dlí agus Cirt. CUID 2.PART 2.DÁIL EIREANN.AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.COMMITTEE ON PROCEDURE AND PRIVILEGES.(Sliocht as Miontuairiscí Chruinniú an Déardaoin, 31ú Eanáir, 1946.)(Excerpt from Minutes of Meeting, Thursday, 31st January, 1946.)Consolidation of Statute Law.A letter from the Department of Justice to the Ceann Comhairle was read regarding the desirability of the adoption of special Parliamentary procedure to facilitate the passage into law of consolidation measures. A communication from the Cathaoirleach of the Seanad addressed to the Ceann Comhairle was also read intimating that the Seanad Committee on Procedure and Privileges had nominated three Senators to serve on a Sub-Committee which would investigate the matter jointly with a similar Sub-Committee of the Dáil if the Dáil Committee on Procedure and Privileges agreed. The Committee agreed to refer the question to a Sub-Committee to meet the Seanad Sub-Committee and to make recommendations in the matter. The following members were appointed to the Sub-Committee:—The Parliamentary Secretary to the Taoiseach; Deputies E. Coogan and Dillon. SEANAD EIREANN.AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.COMMITTEE ON PROCEDURE AND PRIVILEGES.(Sliocht as Miontuairiscí Chruinniú na Céadaoine, 23ú Eanáir, 1946.)(Excerpt from Minutes of Meeting of Wednesday, 23rd January, 1946.)Consolidation of Statute Law.The Committee took into consideration a letter dated 18th January, 1946, which had been received by the Cathaoirleach from the Minister for Justice on the subject matter of procedure in the Oireachtas in respect of Bills to consolidate statute law. The Committee was in agreement that the work of consolidation was a most necessary one and expressed its desire to co-operate in setting up the requisite Parliamentary machinery. As a preliminary the Committee requested the Cathaoirleach to write to the Ceann Comhairle suggesting the formation, by the Committees on Procedure and Privileges of both Houses, of Sub-Committees to join together to formulate identic Standing Orders for the governance of procedure on Consolidation Bills. In the expectation, furthermore, that the Dáil Committee would be agreeable to the foregoing suggestion, and to expedite consideration of the matter, the Seanad Committee nominated as its Sub-Committee:—Senators Douglas, Hearne and Kingsmill Moore to meet the Dáil Sub-Committee if, and when, set up. FO-SCRIBHINN II.DREACHT-BHUAN-ORDAITHE DON DÁIL.BILLI COMHDHLUITE.Míniú agus Tabhairt Isteach.1. (1) Bille a mbeidh sé ráite sa Teideal Fada gurb é is cuspóir dó an Dlí Reachtúil maidir le habhar áirithe a chomhdhlúthú, agus a mbeidh sin deimhnithe ina thaobh ag an Ard-Aighne i nDeimhniú a bheas ag gabháil leis an mBille ar é a thabhairt isteach, gairmfear Bille Comhdhlúite dhe. (2) Déanfar an Deimhniú dá bhforáltar sa bhfo-alt roimhe seo den Bhuan-Ordú seo a chlóbhualadh ar an Riar Oibre ar a dtabharfar fógra go bhfuiltear chun an Bille sin a thabhairt isteach. (3) Beidh i dtosach gach Bille Chomhdhlúite Meamram arna ullmhú ag an Ard-Aighne ina sonnrófar na hachtacháin a hathghairmtear leis an mBille, na hailt den Bhille ina bhfuil athghein ar na hachtacháin a hathghairmtear maraon le nótaí an Ard-Aighne ar aon leasaithe sa téacs. (4) Má tugtar cead chun Bille Comhdhlúite a thabhairt isteach, bhéarfar Ordú chun an Dara Céim a thógaint ar dháta nach luaithe ná 28 lá tar éis é a thabhairt isteach agus clóbhuailfear an Bille agus an Meamram. An Dara Céim.2. (1) Ar an Dara Céim de Bhille Comhdhlúite ní féadfar aon leasú a dhéanamh ar an tairgsin: “Go léitear an Bille an dara huair anois” ach amháin leasú á mholadh gach focal i ndiaidh an fhocail “Go” a fhágaint ar lár d’fhonn focail a chur ina n-ionad ag insint réasúin nó réasún in aghaidh Deimhnithe an Ard-Aighne. (2) Más rud é, ar an leasú ar an gceist: “Go léitear an Bille an dara huair anois”, go gcinnfear go bhfanfaidh na focail a moltar iad a scrios ina gcuid den Cheist, dearbhófar láithreach an Bille a bheith arna léamh an dara huair. An Bille a Chur faoi Bhráid Bhuan-Chomh-Choiste.3. Ar an Dara Céim de Bhille Comhdhlúite a bheith rite déanfar, le comhaontú an dá Theach, é a chur faoi bhráid BhuanChomh-Choiste a bheas comhdhéanta de Rogha-Choistí ón dá Thigh arna gcomhcheangal chun Billí den tsórt sin a bhreithniú (B. O. ). Mura gcomhaontaítear amhlaidh féadfar an Bille a chur faoi bhráid Rogha-Choiste den Dáil. 4. Ar thairgsin a dhéanamh sa Dáil, i gcás Bille Chomhdhlúite a tionscnadh sa tSeanad, chun comhaontú leis an Seanad i dtaobh é a bheith oiriúnach an Bille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste, ní féadfar aon leasú a thairgsin ach amháin leasú ag insint réasúin nó réasún in aghaidh Deimhnithe an Ard-Aighne. 5. Ar Bhille Comhdhlúite a bheith léite an dara huair sa Tigh tionscnaimh agus ar rún ag comhaontú leis an mBille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste a bheith rite ag an Tigh eile, bhéarfaidh an dá Thigh Ordaithe chun an Bille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste ar dháta nach luaithe ná 14 lá tar éis an rún comhaontaithe a rith. Imeachta maidir leis an mBuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.6. (1) I dtosach ré gach Dála ceapfar Rogha-Choiste a comhcheanglófar lena shamhail de Rogha-Choiste ón Seanad chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh. Faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, beidh an Rogha-Choiste comhdhéanta de thriúr Teachtaí a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta. Beirt is córam den Rogha-Choiste. (2) Beidh cumhacht ag an gCoiste Roghnaitheoireachta uimhir bhreise de Theachtaí, nach mó ná triúr, a chur leis an Rogha-Choiste um Bille Comhdhlúite chun aon Bille áirithe a cuireadh faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste a bhreithniú. (3) An tAire atá freagarthach sa Roinn lena mbainfidh an dlí reachtúil a bheas i dtrácht i mBille, beidh sé ina chomhalta ex officio den Bhuan-Chomh-Choiste, ach féadfaidh an tAire sin an Rúnaí Párlaiminte a ghabhas lena Roinn a ainmniú ina chomhalta ex officio ina ionad féin. (4) Déanfaidh an Buan-Chomh-Choiste comhalta de cheachtar Tigh a thoghadh as a líon féin chun bheith ina Chathaoirleach. (5) Má bhíonn Cathaoirleach an Bhuan-Chomh-Choiste as láthair ó chruinniú den Choiste um Bille, raghaidh pé comhalta den Choiste a thoghfas an Coiste i gceannas an chruinnithe. 7. Beidh cumhacht ag an mBuan-Chomh-Choiste fios a chur ar dhaoine, páipéir agus breacacháin. 8. Sa Bhuan-Chomh-Choiste um Bille Comhdhlúite ní cead aon leasaithe ach amháin leasaithe chun athbhríonna agus neamhréireachta a dhíchur, chun innlíocht nua a chur in ionad seaninnlíochta nó innlíochta neamh-chaothúla nó chun comhréireacht chainte a áirithiú nó an dlí agus an cleacht atá ann a oiriúnú. Aon leasaithe de shaghas a leasódh substaint an Dlí Reachtúil ní bheid in ordú. 9. Déanfar Tuarascáil an Bhuan-Chomh-Choiste ar gach Bille Comhdhlúite a leagadh ar Bhord an dá Theach agus cuirfear an Bille síos do Chéim na Tuarascála sa Tigh tionscnaimh ar dháta nach luaithe ná 28 lá ina dhiaidh sin. An Ceathrú Céim.10. Ar Chéim na Tuarascála beidh srian le leasaithe amhail mar atá sa Bhuan-Chomh-Choiste (B. O. ) agus socrófar an Cúigiú Céim do dháta nach luaithe ná 14 lá ina dhiaidh sin. Gabháil thar Céimeanna.11. I gcás Bille Chomhdhlúite a tionscnadh sa tSeanad déanfar, ar an mBille a fháil sa Dáil tar éis a rite ag an Seanad, é a chur síos do Chéim na Tuarascála, agus gabhfar thar an gCéad, an Dara agus an Tríú Céim. DREACHT-BHUAN-ORDAITHE DON tSEANAD.BILLI COMHDHLUITE.Míniú agus Tabhairt Isteach.1. (1) Bille a mbeidh sé ráite sa Teideal Fada gurb é is cuspóir dó an Dlí Reachtúil maidir le habhar áirithe a chomhdhlúthú, agus a mbeidh sin deimhnithe ina thaobh ag an Ard-Aighne i nDeimhniú a bheas ag gabháil leis an mBille ar é a thabhairt isteach, gairmfear Bille Comhdhlúite dhe. (2) Déanfar an Deimhniú dá bhforáltar sa bhfo-alt roimhe seo den Bhuan-Ordú seo a chlóbhualadh ar an Riar Oibre ar a dtabharfar fógra go bhfuiltear chun an Bille sin a thabhairt isteach. (3) Beidh i dtosach gach Bille Chomhdhlúite Meamram arna ullmhú ag an Ard-Aighne ina sonnrófar na hachtacháin a hathghairmtear leis an mBille, na hailt den Bhille ina bhfuil athghein ar na hachtacháin a hathghairmtear maraon le nótaí an Ard-Aighne ar aon leasaithe sa téacs. (4) Má tugtar cead chun Bille Comhdhlúite a thabhairt isteach, bhéarfar Ordú chun an Dara Céim a thógaint ar dháta nach luaithe ná 28 lá tar éis é a thabhairt isteach agus clóbhuailfear an Bille agus an Meamram. An Dara Céim.2. (1) Ar an Dara Céim de Bhille Comhdhlúite ní féadfar aon leasú a dhéanamh ar an tairgsin: “Go léitear an Bille an dara huair anois” ach amháin leasú á mholadh gach focal i ndiaidh an fhocail “Go” a fhágaint ar lár d’fhonn focail a chur ina n-ionad ag insint réasúin nó réasún in aghaidh Deimhnithe an Ard-Aighne. (2) Más rud é, ar an leasú ar an gceist: “Go léitear an Bille an dara huair anois”, go gcinnfear go bhfanfaidh na focail a moltar iad a scrios ina gcuid den cheist, dearbhófar láithreach an Bille a bheith arna léamh an dara huair. An Bille a Chur faoi Bhráid Bhuan-Chomh-Choiste.3. Ar an Dara Céim de Bhille Comhdhlúite a beith rite déanfar, le comhaontú an dá Theach, é a chur faoi bhráid Bhuan-Chomh-Choiste a bheas comhdhéanta de Rogha-Choistí ón dá Thigh arna gcomhcheangal chun Billí den tsórt sin a bhreithniú (B. O. ). Mura gcomhaontaítear amhlaidh féadfar an Bille a chur faoi bhráid Rogha-Choiste den tSeanad. 4. Ar thairgsin a dhéanamh sa tSeanad, i gcás Bille Chomhdhlúite a tionscnadh sa Dáil, chun comhaontú leis an Dáil i dtaobh é a bheith oiriúnach an Bille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste ní féadfar aon leasú a thairgsin ach amháin leasú ag insint réasúin no réasún in aghaidh Deimhnithe an Ard-Aighne. 5. Ar Bhille Comhdhlúite a bheith léite an dara huair sa Tigh tionscnaimh agus ar rún ag comhaontú leis an mBille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste a bheith rite ag an Tigh eile, bhéarfaidh an dá Thigh Ordaithe chun an Bille a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste ar dháta nach luaithe ná 14 lá tar éis an rún comhaontaithe a rith. Imeachta maidir leis an mBuan-Chomh-Choiste um Billi Comhdhlúite.6. (1) I dtosach ré gach Seanaid ceapfar Rogha-Choiste a comhcheanglófar lena shamhail de Rogha-Choiste ón Dáil chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh. Faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, beidh an Rogha-Choiste comhdhéanta de thriúr Seanadóirí a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta. Beirt is córam don Rogha-Choiste. (2) Beidh cumhacht ag an gCoiste Roghnaitheoireachta uimhir bhreise de Sheanadóirí, nach mó ná triúr, a chur leis an Rogha-Choiste um Bille Comhdhlúite chun aon Bille áirithe a cuireadh faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste a bhreithniú. (3) An tAire atá freagarthach sa Roinn lena mbainfidh an dlí reachtúil a bheas i dtrácht i mBille, beidh sé ina chomhalta ex officio den Bhuan-Chomh-Choiste, ach féadfaidh an tAire sin an Rúnaí Párlaiminte a ghabhas lena Roinn a ainmniú ina chomhalta ex officio ina ionad féin. (4) Déanfaidh an Buan-Chomh-Choiste comhalta de cheachtar Tigh a thogadh as a líon féin chun bheith ina Chathaoirleach. (5) Má bhíonn Cathaoirleach an Bhuan-Chomh-Choiste as láthair ó chruinniú den Choiste um Bille, raghaidh pé comhalta den Choiste a thoghfas an Coiste i gceannas an chruinnithe. 7. Beidh cumhacht ag an mBuan-Chomh-Choiste fios a chur ar dhaoine, páipéir agus breacacháin. 8. Sa Bhuan-Chomh-Choiste um Bille Comhdhlúite ní cead aon leasaithe ach amháin leasaithe chun athbhríonna agus neamhréireachta a dhíchur, chun innlíocht nua a chur in ionad seaninnlíochta nó innlíochta neamh-chaothúla nó chun comhréireacht chainte a áirithiú nó an dlí agus an cleacht atá ann a oiriúnú. Aon leasaithe de shaghas a leasódh substaint an Dlí Reachtúil ní bheid in ordú. 9. Déanfar Tuarascáil an Bhuan-Chomh-Choiste ar gach Bille Comhdhlúite a leagadh ar Bhord an dá Theach agus cuirfear an Bille síos do Chéim na Tuarascála sa Tigh tionscnaimh ar dháta nach luaithe ná 28 lá ina dhiaidh sin. An Ceathrú Céim.10. Ar Chéim na Tuarascála beidh srian le leasaithe amhail mar atá sa Bhuan-Chomh-Choiste (B. O. ) agus socrófar an Cúigiú Céim do dháta nach luaithe ná 14 lá ina dhiaidh sin. Gabháil thar Céimeanna.11. I gcás Bille Chomhdhlúite a tionscnadh sa Dáil déanfar, ar an mBille a fháil sa tSeanad tar éis a rite ag an Dáil, é a chur síos do Chéim na Tuarascála agus gabhfar thar an gCéad, an Dára agus an Tríú Céim. |
||||||||||||||