Committee Reports::Report - Consideration of Parliamentary business owing to the curtailment of rail facilities::19 April, 1944::Report

TUARASCBHAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Socruithe Sealadacha chun Gnó do Dhéanamh.

Rinne an Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidí comhairle le chéile féachaint conus a b’fhearr freastal ar an deacracht a ghabhann le breithniú gnótha Pháirliminte de dheascaibh saoráidí iarnróid do laghdú, agus chinneadar d’aonghuth ar a mholadh don Dáil glacadh leis na socruithe sealadacha so leanas:—


(1) D’fhonn a chur ar chumas Teachtaí o dháilcheanntair tuaithe feidhm a bhaint as na saoráidí iarnróid ar an Luan agus ar an Dardaoin, gan an Tigh do theacht le chéile ach ar an Máirt agus ar an gCéadaoin; agus é do shuidhe ar na laethe sin ó 10 a.m. go 9 p.m. go leanúnach;


(2) I dtaca leis na díospóireachta ar na Meastacháin do Sheirbhísí Puiblí atá gan rith go fóill, óráidí comhaltaí ar gach Vóta fé leith do ghiorrú do réir an am-chláir seo leanas:—


(i) óráid deiridh an Aire no an Rúnaí Pháirliminte i gcúram an Vóta—gan í do dhul thar 45 nóimeataí;


(ii) aon chomhalta amháin de gach Páirtí no Dream fé leith mar ionadaí don Pháirtí no don Dream san—30 nóimeat;


(iii) Teachtaí eile ghlacfadh páirt sa díospóireacht—20 nóimeat.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


19adh Abrán, 1944.