Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::26 April, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 26ú Aibreán, 1945.

Thursday, 26th April, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Brian O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Pádraig Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochníodh an Cuntas seo a leanas:—Cúnaimh Airgid alos Tortha Talmhaíochta.


4. Ceistníodh Domhnall O Tuama (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Eóin Mac Réamuinn (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Deiridh fé bhráid an Choiste; do léadh i mar an gcéad agus an dara uair agus do ritheadh í.


Ordaithe: Tuairisciú dá réir sin.


6. Chríochnaigh an Coiste a gnó ar 11.45 p.m.