Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::08 February, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 8ú Feabhra, 1945.

Thursday, 8th February, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seán O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Proinnsias O Lochtmáin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Tairgsin déanta (Seán O Brádaigh):—


“That Deputy Cosgrave act as Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha agus aontaithe.


Do chuaidh Liam Mac Cosgair i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochnaíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Soláthairtí, Scéimeanna Fostaíochta, Scéimeanna Eigeandála Speisialta agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Ceistníodh Seán Ua Luideáin (Rúnaí, An Roinn Soláthairtí), Eamonn Mac Lochlainn (Stiúrthóir, Oifig Scéimeanna Práinne Speisialta), agus Liam Wann (Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), C. S. Almond agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.10 p.m.