Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::05 July, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 5ú Iúl, 1945.

Thursday, 5th July, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Pádraig Ua Cuagáin, Eamon Ua Cuagáin, Muiris Dockrell, Micheál O Loideáin, Máirtín O Suilleabháin, Séamus Pattison, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i gcóir na bliana 1943-1944. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Páipéireachas agus Clódóireacht, An Gailerí Náisiúnta, Tabhartais agus Tiomanta Déirciúla, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála agus Soláthairtí.


4. Ceistníodh S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), Dr. G. J. Furlong (Stiúrthóir, An Gailerí Náisiúnta), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Tabhartaisí agus Tiomanta Deirciúla), Micheál Breathnach (Rúnaí, An Roinn Oideachais), Eamonn Mac Lochlainn (Stiúrthóir, Oifig Scéimeanna Speisialta Fostaíochta), Seán Ua Luideáin (Rúnaí, An Roinn Soláthairtí), C. S. Almond agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.10 p.m. go dtí Déardaoin, 12ú Iúl, 1945.