Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::11 June, 1941::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Ceadaoin, 11adh Meitheamh, 1941

Wednesday, 11th June, 1941.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamas Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Cormac Breathnach, Séamus O hAodha agus Seán Mac Cana, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na blian 1939-40. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiúin na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rataí ar Mhaoin an Riaghaltais, An tSeirbhís Sheicréideach, Costaisí fen Acht Timpeal Toghachán agus fé Acht na nGiúrithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaísí Breise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Priomh-Scoileanna agus Coláistí, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Riaghaltais, Scéimeanna Fostaíochta, Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais, Bord Cuartaíochta na hEireann.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus Seán O Meachair (Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste).


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 11.55 a.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.