|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Dé Ceadaoin, 2adh Iúl, 1941.Wednesday, 2nd July, 1941.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Seán Mac Cumhaill, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Seán Mac Cana agus Domhnall O Ruaire, Teachtaí. 3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na blian 1939-40. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, Pinsin Sean-Aoise, Deolchairí Cúitimh, Gnóthaí Eachtracha, Cumann na Náisiún, An tArm, Arm-Phinsin, An tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste. 4. Ceistníodh Liam Donnchadh O Ciardha (Cathaoirleach na gCoimisinéiri Ioncuim), Seósamh Breathnach (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Peadar Mac Mathghamhna, Lefteanant-Ghenéral (Rúnaí, An Roinn Cosanta), C. S. Almond, Sairseal O hOgáin, agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais), Seán O Meachair (Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste). 5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. |
||||||||||||