Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::27 June, 1940::Report

TUARASGABHAIL INTERIM.

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus táid tar éis aontú leis an Tuarasgabháil interim seo leanas :—


Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1939, fé chaiteachas de bhreis ar na méideanna do vótáil an tOireachtas, alos na vótanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo :—


VOTANNA IOMARCAIDHE.

Ráiteas ar na suimeanna is gá a vótáil chun iomarcaithe ar Dheontaisí áirithe i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1939, do shlánú.


Ocht Míle Déag Ocht gCéad agus Trí Púint Ocht Scillinge agus Cúig Pingne.


An Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis atá ag an gCaiteachas ar an Meastachán ar fad

Leithreasaí i gCabhair

An Méid atá le Vótáil

 

 

 

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

17

7

Pinsin tSean-Aoise

9,211

5

3

1,474

1

0

7,737

4

3

177

55

Foraoiseacht

10,638

5

0

427

19

2*

11,066

4

2

 

 

 

£19,849

10

3

1,046

1

10

18,803

8

5

Vóta 7.—Pinsin tSean-Aoise.—Is i Rannán A—Pinsin—do thárla an chuid is mó den chaiteachas breise, agus isé fé ndeár san ná ana-chuid ar fad d’orduithe pinsin do thíolacadh an lá deiridh den bhliain airgeadais chun íocaíocht d’fháil ionta, agus fós breith do thabhairt i rith na bliana ar uimhir, de sna hathchomhairc a bhí ar feitheamh, ba mhó go mór ná mar is gnáth, rud dá dtáinig gur ghá pinsin reatha mhéaduithe maraon le riaráiste d’íoc le daoine gur géilleadh dá n-athchomhairc.


Vóta 55.—Foraoiseacht.—Is i Rannán C. 2.—Saothrú, Cothabháil, etc.—do thárla an caiteachas breise go léir nách mór, agus isé ba bhun leis ná costas na n-abhar agus págh an lucht oibre do dhul i méid.


Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinnibh na suimeanna adeirtear thuas do bheith in easnamh do sholáthar tré vótanna iomarcaidhe.


(Sighnithe) SEAMAS DIOLUN,


Cathaoirleach.


27adh Meitheamh, 1940.


* Easnamh sna Leithreasaí i gCabhair.