|
TUARASGABHAIL DEIRIDHCUID I.—NÓTAÍ GENERÁLTA.Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 9adh Mí Na Nodlag, 1940.COIMISIÚN NA TALMHAN.1. Bheir an Coiste fé ndeara go bhfuil an tAire Airgeadais toilteanach, de bharr na geallúna fuarthas o Choimisiún na Talmhan, a cheadú iar-ré do thabhairt maidir leis an Saor-dheontas de £37 do tugadh sa chás so, ach san fé réir éinní ba mhaith leis an gCoiste a rá ina thaobh. Tar éis don Choiste tuilleadh breithnithe do dhéanamh ar an scéal, measaid nár chuibhe dhóibh cur i gcoinnibh an Aire do thabhairt ceadú iar-ré maidir leis an íocaíocht atá i gceist. Bheir an Coiste dá n-aire freisin an tuairim atá ag an Aire i dtaobh na ceiste generálta san, ar tuigeadh teorannú do dhéanamh ar chomhachta Choimisiún na Talmhan chun saor-dheontaisí do thabhairt as tithe do thógáil no d’athdhéanamh tré reachtúchán do ritheadh á údarú don Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe Deontaisí do thabhairt chun na críche sin; agus ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in úil dóibh i dtráth cad a tháinig as an scéal do phlé le Coimisiún na Talmhan. CUID II.—CUNTAISÍ SONNRÁCHA.Riaghaltas Áiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe.Cta. 25-89. Fo-scríbhinn III. 2. Fé Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, is dleathach don Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe rann-íoc d’íoc do réir ráta nach mó ná 66⅔ per cent. de sna hiasacht-mhuirir bhliantúla a bhíonn ar údarás áitiúil alos airgid d’fháil ar iasacht le haghaidh tithe, más deimhin leis an Aire gur do dhaoine gurbh éigean dóibh a n-áit chomhnuithe d’fhágaint toisc aon oibrithe do rinne an t-údarás áitiúil sin fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, do cuireadh na tithe sin ar fáil. I gcásanna eile isé is rann-íoc maximum ná 33⅓ per cent. de sna hiasacht-mhuirir bhliantúla. Bhí cásanna fé bhreithniú ag an gCoiste inar híocadh rann-íocanna do réir 66⅔ per cent., cé nár chinnte gur cheart íocaíochtaí do dhéanamh do réir an ráta so. Maidir le scéim amháin tithe chun cóiríocht do chur ar fáil, do dhaoine do cuireadh amach as tithe go raibh orduithe leagain déanta ina dtaobh, d’eirigh le hathchomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh na n-orduithe i gceithre cásanna ach, dá ainneoin sin, do híocadh an rann-íoc iomlán do réir ráta 66⅔ per cent. sna cásanna san. Tógadh fé scéim eile 34 tithe do dhaoine do cuireadh as a n-áit tré oibrithe do rinne údarás áitiúil ach ní hiad na daoine dar tógadh iad i dtosach a fuair iad. Tugadh fé ndeara freisin go raibh sé tithe go siopaí sa scéim seo ’nar híocadh rann-íoc ina n-aghaidh do réir 33⅓ per cent. de sna hiasacht-mhuirir bhliantúla. Is do réir costas iomlán na dtithe comhnaithe agus na siopaí do háirmhíodh an rann-íoc cé go bhforálann an tAcht gur do réir chostas cóiríochta comhnaithe amháin is ion-áirmhithe don rann-íoc, agus isí comhairle an Ard-Aighne nach ceart ach an chuid sin d’fhoirgint a bhíonn tógtha agus oiriúnach chun comhnuithe ann d’áireamh mar “thigh” chun crícheanna Achta 1932. I gcás eile rinneadh 24 tithe ba chuid de scéim le haghaidh daoine dar leagadh a dtithe do chur ar cíos chun daoine do cuireadh amach as tithe do folmhuíodh tar éis don údarás áitiúil a dhearbhú iad do bheith neamh-oiriúnach chun daoine do chomhnaighe ionta agus dá cheangal ar an muintir a bhí freagarthach ionta na hoibreacha san do dhéanamh a dhéanfadh ion-chomhnuithe iad. B’é argóint na Roinne ná ós rud é gur do dhaoine ar n-a gcur as a n-áit tré oibrithe na n-údarás n-áitiúil fé Achtanna na dTithe do tógadh na tithe áirithe seo i dtosach go ndearnadh na forálacha den Acht, i dtaobh rann-íocanna d’íoc do réir ráta 66⅔ per cent., do chólíonadh. Ní abródh an Coiste ná go dtéigheann an Roinn uaireanta, ag riaradh an Achta dhóibh, beagán thar fóir maidir le brí na n-alt iomchuibhe do léiriú agus go dtagann de sin gur féidir tuilleadh muirear do chur ar chistí puiblí. Ní dóich leis an gCoiste gur sásúil an tslí é seo chun an reachta iomchuibhe do riaradh agus braithid go mba cheart gach cás amhrasach do chur fé bhráid an Ard-Aighne chun a thuairim air d’fháil agus, más gá san, go mba cheart féachaint arbh fhearr reachtúchán leasuitheach do thabhairt isteach. Cta. 90-111; Fo-scríbhinn III. 3. Maidir leis na deontais do bheirtear do dhaoine príobháideacha agus do chumainn mhaitheasa puiblí chun tithe comhnaithe do thógáil, d’ath-dhéanamh, etc., tháinig dleathacht deontas áirithe do fuair rúnaidhe cumainn mhaitheasa puiblí i mí Feabhra agus i mí Márta, 1935, fé bhráid an Choiste. Connrathóir tógála ab eadh an rúnaidhe freisin agus deallruíonn an scéal gur iarr agus go bhfuair sé deontas de £45 mar dhuine phríobháideach alos tigh do thógáil a bhí in aice tighe bhí tógtha ag an gcumann do dhuine de sna baill (ba chliamhain don rúnaidhe) agus ar híocadh deontas de £80 leis an gcumann le n-a aghaidh. Sarar híocadh na deontais seo, chuir Cigire na Roinne tuarasgabhála isteach á innsint cadé an chóiríocht a bhí sna tithe (bhí seomra folcaidh i gceann aca agus ní raibh cistin ar bith ann) agus á thaisbeáint conus fhéadfaí na tithe do chur le chéile ina n-aon tigh amháin ina mbeadh achar urláir ba mhó ná an t-achar maximum reachtúil. Tar éis na deontais d’íoc rinneadh iniúchadh eile agus thuairiscigh an Cigire go rabhthas tar éis na tithe do chur le chéile díreach mar do mheas sé a déanfaí agus go raibh achar urláir an tighe níos mó anois ná an maximum. Do rinne an Roinn iarrachtaí ar na deontais do híocadh leis an rúnaidhe d’fháil thar n-ais ach níor eirigh leo, agus ansan do héiríodh as an éileamh ar aisíoc gan dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais. Maidir leis sin dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gur cinneadh gan dul ar aghaidh leis an éileamh ar aisíoc toisc gan aon tslí reachtúil chun aisíoc do bhaint amach, go bhféadfaí bheith muinghineach as, do bheith sa dlí bhaineann le Tithe, agus dubhairt freisin go bhféachfaí chun socrú deimhnitheach i dtaobh an scéil, go n-éifeacht chúlghabhálach, do chur in aon reachtúchán breise ba ghá a dhéanamh i dtaobh tithe. Tugtar fé ndeara, ámh, ná fuil aon tsocrú den tsórt san i reachtúchán ina dhiaidh sin i dtaobh deontas le haghaidh tithe. Is deacair don Choiste gan a mheas go bhfuil cáineadh tuillte ag an Roinn i dtaobh an chuma inar dheighleáladar leis an gcás so. Ba cheart gur léir, o sna tuarasgabhála tháinig ón gCigire sarar híocadh na deontais, go rabhthas ar intinn na tithe a cheangal le chéile, go mbeadh an t-achar urláir níos mó ná an t-achar reachtúil ansan agus, dá bhrí sin, nár cheart aon deontas d’íoc. Braitheann an Coiste go mba cheart féachaint arbh fhéidir fós féin níos mó do dhéanamh chun na suimeanna so, do fuarthas san éagcóir dar leo, do bhaint amach. Cta. 112-135; Fo-scríbhinn III. 4. Bhreithnigh an Coiste cás eile inar híocadh deontais as dhá thigh do thógáil do sclábhaidhe thalmhaíochta bhí ina bhall freisin den chumann mhaitheasa puiblí dá dtagartar thuas. D’iarr sé deontas pearsanta de £45 as tigh amháin agus d’iarr an cumann deontas de £80 as an tigh eile—eadhon, an deontas a híoctar i gcás ina dtógann cumann den tsórt san tigh mar áit chomhnaithe do sclábhaidhe thalmhaíochta. Nuair a bhí tráthchoda de sna deontais íoctha do thuairiscigh Cigire na Roinne go raibh ceann de sna tithe gan cistin ann agus gur mheas sé go ndéanfaí aon tigh comhnaithe amháin den dá thigh. Fuair an Cigire amach ina dhiaidh sin go raibh an dá thigh curtha ar cíos chun cóluchta chonnrathóirí agus mar gheall air sin do hiarradh ar an gcumann agus ar an duine bhí i gceist na tráthchoda do híocadh d’aisíoc, ach ní raibh aon toradh ar na hiarratais sin. Tamall ina dhiaidh sin d’imigh an cólucht connrathóirí as na tithe agus chuaidh an sclábhaidhe talmhaíochta chun comhnaithe sa tigh gur ina thaobh do dáilíodh an deontas de £80. Os rud é go rabhthas tar éis clárú an chumainn do chealú fén am so, do híslíodh an deontas de £80 go dtí £70, eadhon, an méid is iníoctha fé Acht 1932 le sclábhaidhe talmhaíochta a thógann tigh i dtuath-líomatáiste mar áit chomhnaithe dhó féin, agus do híocadh leis an iarratasóir ansan an t-iarmhéid do bhí dlite ar an deontas so agus ar an deontas de £45. Is fé Alt 5 (1) (d) d’Acht, 1932, do híocadh an £70 agus is fé Alt 5 (1) (e) den Acht chéanna do híocadh an £45. Foráltar le hAlt 5 (1) (e) gur dleathach deontas de £45 do dheonadh “d’aon duine (seachas duine dá bhféadfaí deontas do dheonadh fé mhír (c) no fé mhír (d) den fho-alt so) …” Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta ná fuil aon chosc reachtúil ann i gcoinnibh an dá dheontas atá i gceist d’íoc ach ní léir don Choiste an léiriú so do bheith ceart agus measaid gur chóir comhairle dhligheadóra d’fháil ina thaobh. 5. Is dleathach deontas nach mó ná £40 d’íoc fén Acht le duine ar bith athdhéanfaidh tigh a bheidh ina sheilbh féin más as talmhaíocht do gheibheann an duine sin a shlí bheatha ar fad no go furmhór no más sclábhaidhe talmhaíochta é. Bhreithnigh an Coiste cás inar measadh bean d’iarr deontas den tsórt san do bheith nea-cháilithe chuige de bhrí nárbh fheirmeoir beag ná sclábhaidhe talmhaíochta í do réir an Achta, ach nuair a bhí an bhreith sin á cur in úil di ag an Roinn dubhradar, dá mbeadh mac aici ina chomhnaighe léi sa tigh a bhí i gceist a bhí ag déanamh obair thalmhaíochta ar tuarastal ar thalamh dhuine éigin eile, go mba cheart dó san cur isteach ar an deontas. O thárla go raibh an mac san aici d’iarr an mac an deontas agus fuair é. D’eirigh ceist ansan i dtaobh an tigh do bhí le hathdhéanamh do bheith “ina sheilbh féin” ag an mac fé mar is gá do réir an Achta. B’é argóint an Oifigigh Chuntasaíochta gur iarr an sclábhaidhe talmhaíochta so an deontas athdhéanmhais alos an tighe ina gcomhnuíonn sé agus nach gá do réir dlí gurbh é ceann an teaghlaigh é. Chítear don Choiste gur deacra-de an tAcht do riaradh, agus gurb usa-de é shárú, an léiriú leathan so do bheith á dhéanamh air, agus ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh colais d’fháil i dtaobh conus is gá de ghnáth cúrsaí do bheith chun deontas d’íoc le hiarratasóir as tigh “ina sheilbh féin” d’athdhéanamh. Chítear dóibh freisin gur mhaith an rud tuairim an Ard-Aighne d’fháil i dtaobh cad is brí don abairt “ina sheilbh féin.” AN GAILEIRÍ NÁISIÚNTA.6. Do fágadh muirear de £38 1s. 0d., le haghaidh árachais ar phictiúirí bhí á ndeisiú, a bhí dlite sa bhliain 1937-38 gan íoc go dtí an bhliain airgeadais a bhí fé bhreithniú. Deallruíonn an scéal, dá ndeintí an íocaíocht sa bhliain 1937-38 go raghfaí thar méid an vóta i gcóir na bliana san. Cuireadh in úil go soiléir i dtuarasgabhála roimhe seo cad iad tuairimí an Choiste i dtaobh íoc suimeanna bhíonn dlite agus lán-aibidh do chur ar ath-ló d’fhonn gan dul thar méid deontais no ar chúis ar bith eile. Bheirtear fé ndeara an míniú do thug an tOifigeach Cuntasaíochta ar na cúrsaí speisialta ba chúis leis an íoc atá i gceist do chur ar ath-ló agus freisin an gheallúint do thug sé uaidh go n-iarrfar treoir feasta ar an Roinn Airgeadais i gcás aon deacracht do thárlachtaint i gcúrsaí cuntasaíochta. BUN-OIDEACHAS.7. Do tháinig cás fé bhreith an Choiste ina ndearnadh riaráiste tuarastail de £584 11s. 10d. d’íoc le múinteoir tar éis breith do thabhairt ina fhábhar in imeachta cúirte. Is amhlaidh a cuireadh in úil do bhainisteoir na scoile—agus tuigtear gurb é sin fostóir an mhúinteora—go raibh ar intinn ag an Roinn eirghe as an múinteoir d’admháil mar mhúinteoir mar gheall ar laigheadú do theacht ar an meánfhreastal, ach nár innis an bainisteoir an méid sin don mhúinteoir, agus nár chuir an Roinn aon fhógra chun an mhúinteora féin. Dubhradh ná féadfadh a léithéid de chás tárlachtaint anois mar gheall ar an socrú “painéil” do rinneadh le déanaighe agus fé n-a gceaduítear do mhúinteoir a bhíonn iomarcach mar gheall ar laigheadú ar an meánfhreastal leanúint ag obair ina shean-scoil go dtí go dtárlann folúntas oiriúnach. Bheireann an Coiste fé ndeara, ámh, go bhfuiltear tar éis a shocrú go ndéanfar fógraí i dtaobh meán-fhreastail do bheith ag laigheadú do chur amach feasta go dtí an bainisteoir agus fós go dtí an múinteoir le n-a mbainfidh. OIBREACHA AGUS FOIRGINTÍ POIBLIDHE.Cta. 316-349; Fo-soríbhinn V. 8. Bhreithnigh an Coiste memorandum do chur an tOifigeach Cuntasaíochta fé n-a mbráid i dtaobh áitreabh do ceannuíodh chun é úsáid mar bhearraic do sna Gárdaí do chur de láimh. Ceannuíodh an fhoirgint seo ar £500 sa bhliain 1932 chun í úsáid mar bhearraic, ach chinn an Roinn Dlighidh agus Cirt ina dhiaidh sin ná raibh stáisiún Gárda ag teastáil san áit. O thárla ná raibh sí ag teastáil le haghaidh úsáide eile Stáit cinneadh an fhoirgint do chur le láimh agus do díoladh í ar £60 sa bhliain 1937. Is léir go dtáinig meath mór uirthi, de dheascaibh faillí, i gcaitheamh na gcúig mblian a bhí sí ag na Coimisinéirí agus gurb é sin ba phríomh-chúis leis an gcailliúint a thárla ar í dhíol. Is mian leis an gCoiste, dá réir sin, luighe ar a ghátaraighe atá sé go ndéanfaí gach is féidir chun a áirithiú gur leor, maidir leis an Stát do chosaint ar chailliúint, na socruithe deintear chun maoin phuiblí do chothabháil agus do chaomhaint. Taisbeánann cúrsaí an cháis sco freisin a thábhachtaighe atá sé teacht ar thuairim chinnte i dtaobh cad a bheidh ag teastáil maidir le foirgintí no cóiríochta oifigiúla sara ndeintear éinní chun maoin do thógaint agus ba mhaith leis an gCoiste deimhin d’fháil go ndéanfar cúram i dtráth de sna cúrsaí seo feasta. AN GÁRDA SÍOCHÁNA.9. Na baill den Ghárda Síochána bhíonn ar seirbhís shealadach agus go mbíonn ortha, toisc easba saoráidí réasúnta có-thomhailte no toisc nádúir a ndiúité, a mbéilí do cheannach bíonn liúntas cothuithe do réir ráta speisialta le fáil aca in aghaidh an chostais bhreise fé n-a mbíonn ortha dul dá dheascaibh sin. Do cuireadh dhá chás fé bhreith an Choiste ina ndearnadh aistriú sealadach ar feadh tréimhsí fada ar roinnt Ghárdaí le n-ar híocadh an liúntas speisialta so. I gcás aca san, cé go ndeallródh an scéal go raibh saoráidí có-thomhailte sa stáisiún nua níor baineadh feidhm asta; sa chás eile, ní raibh saoráidí cóthomhailte le fáil agus deallruíonn sé ná dearnadh éinní chun iad do chur ar fáil. Do chuir íoc na liúntas do réir an ráta speisialta ós cionn £500 de mhuirear bhreise ar na cistí puiblí. Bheireann an Coiste fé ndeara gur gheall an tOifigeach Cuntasaíochta go ndéanfaí an dá chás so, agus fós an scéal i gcoitinne maidir le n-a chinneadh cé air go bhfuil na saoráidí do chur ar fáil, do phlé leis an Roinn Airgeadais, agus ba mhaith leis an gCoiste toradh an phléite seo d’fháil i dtráth. PUIST AGUS TELEGRAFA.Cta. 472-541; Fo-scríbhinn VII. 10. Nuair a bhí an vóta so á scrúdú againn rinneadh tagairt do chaiteachas fé n-a ndeachthas alos láithreán do thógaint le haghaidh gnóthaí Post-Oifige. Chuir an t-údarás áitiúil an láithreán atá i gceist ar léas chun Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta sa bhliain 1932 ar £500 sa bhliain, agus, le sannadh do rinneadh i Mí an Mheithimh, 1937, do haistríodh leas na Corparáide chun na Roinne Puist agus Telegrafa i gcomaoin caiteachaisí na Corparáide alos cíos talmhan, costaisí scartála, táillí gairmiúla, etc., d’aisíoc. Do tuigeadh, agus an socrú so á dhéanamh, go mbeadh an Chorparáid ina dtionónta ar chuid den fhoirgint a bhí le tógáil ar chíos lom de £1,450 sa bhliain. Tharraing an Chorparáid siar ón socrú ina dhiaidh sin agus d’aontuigh an Roinn Airgeadais le n-a scaoileadh go saor slán. Bhí memorandum ó Rúnaidhe na Roinne Airgeadais, ag cur síos ar chúrsaí na hidirbhirte agus ar na cúiseanna do thug ar an Aire gan a cheangal ar an gCorparáid aisíoc do dhéanamh in aon chuid den chomaoin do híocadh as aistriú a leasa, fé bhreithniú ag an gCoiste. Deallruíonn sé go bhfuil an Roinn Puist agus Telegrafa ar intinn úsáid do bhaint as iomlán na foirginte atá le tógáil ar an láithreán agus sa mhéid sin ní thiocfaidh dochar don Stát de dhruim na Corparáide do dhiúltú do chuid den áitreabh do thógaint ar cíos mar a socruíodh. Bheirtear fé ndeara freisin go ndeacha sé i gcion ar an Aire an Chorparáid do bheith ina ngnóthas le n-a raibh dlúth-bhaint ag an Stát toisc gur leis an Stát an chuid is mó den scair-chaipital. Tuigeann an Coiste a thábhachtaighe atá na fáthanna so. Ní ghéillid, ámh, gur ceart bheith sásta le socrú, tré n-ar tógadh láithreán sa bhliain 1937 agus gurb é tháinig as an tógaint sin ná bheith freagarthach i gcíos talmhan ón mbliain 1932. 11. Thárla casnaimh mhóra ó am go ham sna stuic de mhálaí puist intíre. Tá súil ag an gCoiste, toisc cistí puiblí do bheith thíos leis na heasnaimh sin, go dtiocfaidh as an socrú nua atáthar ar intinn a dhéanamh urlámh na stóranna so do bheith níos éifeachtaighe feasta. AN tARM.12. Nuair a bhí an t-aistriú do rinneadh ar ghléasanna cosanta an chósta fén gCó-aontú de 25adh Abrán, 1938, idir Riaghaltas na hÉireann agus Riaghaltas na Ríochta Aontuithe, á chur trí chéile, do tagradh d’íocaíochtaí áirithe do híocadh as stóranna agus maoin nár tháinig fé théarmaí an Chó-aontuithe. Do cuireadh in úil don Choiste gá do bheith leis na stóranna chun na ngléasanna cosanta do chothabháil, agus iad do bheith ion-úsáidthe, agus na praghsanna do híocadh ortha do bheith réasúnta. Maidir leis na suimeanna do híocadh ar chúirteanna squash agus tennis agus ar fhearas caithimh aimsire, do cuireadh in úil don Choiste gurb é is gnáth ná costas cothabhála na bhfoirgintí, is maoin phuiblí, d’íoc amach as cistí puiblí, agus gach muirear eile thagann as úsáid na bhfoirgintí agus na gcúirteanna d’íoc as cistí míleata. Do cuireadh in úil dóibh freisin gur deineadh úsáid oifigiúil d’ítimí as ar híocadh as Vóta an Airm, agus go bhfuighfear thar n-ais costas an fhearais nach ionchurtha le ceart i leith Vóta an Airm. 13. Bhí cás éagcóra bhí cuibhseach trom—cás i dtaobh oifigeacha áirithe do dhéanamh éilimh nea-rialta ar chostaisí alos tréimhsí ina rabhdar ag freastal cúrsaí teagaisc thar lear—fé bhreithniú ag an gCoiste. Do cuireadh in úil dóibh cén fáth nár measadh gurbh fhearr-de cúrsaí na hoifigigh do thriail sa chionta os cóir cúirte míleata. Braitheann an Coiste, ámh, nach creidiúint do sna hoifigigh ná don Roinn atá i gceist a leithéidí seo do thárlachtaint agus measaid go bhfuil gá le cosc oiriúnach maidir le ciontaí dá samhail. Do moladh feabhas do chur ar shlí fíoruithe na n-éileamh, agus is mian leis an gCoiste go bhféachfaí isteach sa taobh so den scéal. 14. Táthar ag fáil chonganta theicniúil i gcomhnaí o mhuintir an Aer-Chóir maidir le nithe áirithe bhaineann le heithlíocht shíbhialta, ar a bhfuil bun-áiteanna eitleoireachta tar-atlantacha do bhunú, aersheirbhísí tráchtála d’fhorbairt, agus feidhmeanna reachtúla áirithe de chuid an Aire Tionnscail agus Tráchtála do chólíonadh. B’éigean cur le fuirinn teicniúil an Aer-Chóir d’fhonn an congnamh so do bheith le fáil níos tapúla; ach do cuireadh in úil ná fuil aon tsoláthar déanta chun íoctha na muirear ath-theachtach a bhaineann leis an gcongnamh so. Do cuireadh in úil don Choiste go meastar anois gur féidir go cuibhe an caiteachas do mhuirearú ar Vóta an Airm agus go ndéanfar socrú oiriúnach dá réir sin. 15. Do tarraingeadh nithe áirithe anuas maidir le freastal ceárdaithe síbhialta ar fostú i gceárdlanna Airm agus le n-a maoirsiú, agus maidir le cuntas do choimeád ar an am a chaithid i mbun a gceárd. Do luigheadh cheana ar a riachtanaighe atá sé rialachán do bheith ann i dtaobh na nithe seo. Measann an Coiste, tar éis dóibh na prímh-nithe dá ngearántar do bhreithniú, gur gá córas rialuithe agus breachtha níos fearr do bheith ann, agus ba mhaith leo a chlos i dtráth gur féachadh chuige seo. 16. Maidir le moill do bhaint le haer-árthaighe damáistithe do dheisiú chun iad a dhéanamh ion-úsáidthe, tuigtear don Choiste gurb é príomh-chúis na moille ná na leas-pháirteanna le haghaidh deisiúcháin do bheith gan seachadadh, agus uime sin tuigid do chás na Roinne sa scéal. 17. Do tarraingeadh ceist anuas i dtaobh na bhFórsaí Cosanta do bheith á meicniú do réir a chéile agus gan gá do bheith, uime sin, i láthair na huaire le méid mór stóranna do fuarthas le blianta beaga anuas. Is cosúil nach féidir éinní dhéanamh leis na stóranna so go dtí go bhfeicfear conus a bheidh cúrsaí ar ball. Cé go n-admhuíonn an Coiste gur gá trealamh nua-aimseardha do bheith ag na Fórsaí agus trealamh a bheadh fóntach ann féin do chur i leataoibh, tá súil aca go ndéanfar breithniú cúramach sara ndeighleálfar leis na stóranna, go háirithe earraí ughma agus dialladóireachta, ná fuil ag teastáil fé láthair, agus go bhféachfar chuige go gcoimeádfar slán iad idir an dá linn. 18. Tagradh ar ócáidí roimhe seo do thaobhanna áirithe den chuntasaíocht le haghaidh stóranna Airm. Bhí an modh cuntasaíochta le haghaidh stóranna leighis á phlé an turus so, agus is cúis imnímh don Choiste ná dearna na hoifigigh ar a raibh coimeád na soláthairtí tugadh amach don tseirbhís aon deimhnithe ná cuntaisí do thabhairt ina dtaobh. Do cuireadh in úil dóibh go bhfuil abhar rialacháin ina thaobh so fé bhreithniú agus go mbeidh an rialachán le fáil go luath. ARM-PHINSIN.19. Bhí ceist á plé ag an gCoiste i dtaobh roinnt phinsean do deonadh fé Scéim na bhFórsaí Cosanta (Pinsin) d’eis-bhaill de sna Fórsaí ’na ndearnadh maidir le n-a bhfostú ar sheribhís fad-téarma ailt áirithe de sna rialacháin do chur i leataoibh le hordú ón Aire Cosanta. Scaoileadh na fir seo tamall gearr tar éis iad d’ath-fhostú agus deallruíonn sé go rabhadar cáilithe chun pinsin ansan; ní bhfuighidís ach aiscí dá mba ná déanfaí iad d’ath-fhostú. Orduítear leis na hachtacháin iomchuibhe nach mór toiliú an Aire Airgeadais chun gach rialachán agus ordú, as a dtiocfadh airgead do bheith le n-íoc, do dhéanamh bailidhe. Do cuireadh in úil don Chosite ná cuirfeadh an Roinn Airgeadais i gcoinnibh na bpinsean atá i gceist do dheonadh mar ba leor ina gcóir an tseirbhís a bhí tugtha ag na fir, ach mar sin féin measann an Coiste gur cheart déanamh do réir na n-achtachán chó fada agus is féidir é i gcúrsaí bhaineann le hurlámh airgeadais. Maidir leis an bpointe seo, bhíothas ag cur is ag cúiteamh i dtaobh cadé a mhéid is cead don Aire Airgeadais na feidhmeanna atá aige fén gCód Pinsean do leigint chun daoine eile le húdarás generálta agus dubhradh go dtiocfaidh de léiriú dian-bheacht san na n-achtachán go gcaithfí a lán obair riaracháin bhreise do dhéanamh nár ghá mara mbeadh san. Measann an Coiste gur cheart go bhféadfaí riachtanais an dlí agus riachtanais riaracháin do thabhairt dá chéile gan obair nea-riachtanach do bheith le déanamh dá dhruim sin. TIONNSCAL AGUS TRÁCHTÁIL.Cta. 758-775; Fo-scríbhinn X. 20. Bheireann an Coiste fé ndeara sócmhainní agus fiachaisí an Stáit, maidir leis an ngnóthas do bunuíodh fén Acht Alcóil Cheárdais, 1934, do bheith aistrithe, de bhun an Achta Alcóil Cheárdais, 1938, chun Monarchana Alcóil na hEireann, Teoranta, an 31adh Márta, 1939 (an lá ceaptha do ceapadh chun crícheanna Achta 1938) agus ón lá san amach, agus go ndearna an chuideachta, i gcomaoin an aistrithe, scaireanna ar £238,756 do thabhairt amach don Aire Airgeadais agus, ina theanta san, a ghlacadh ortha féin bheith freagarthach don Aire i £45,000. B’é an méid glan do caitheadh as cistí puiblí maidir leis an ngnóthas ná £308,114 18s. 6d. Dá bhrí sin, isé méid an chaiteachais nár haisíocadh ná £24,359, agus measadh san do bheith ina rann-íoc réasúnta ón Stát i gcostaisí forbairte an tionnscail. 21. An t-aicsean ag lorg cúitimh do bhunuigh an sean-stiúrthóir bainistighe toisc an tAire do chur deireadh le n-a fhostaíocht roimh aistriú an ghnóthais, socruíodh é tré chó-aontú tré n-ar gheall an Chuideachta, chun a raibh an gnóthas aistrithe ar dháta an tsocruithe, £2,500 d’íoc mar chúiteamh maraon le £1,300 costaisí. Do míníodh don Choiste gur tar éis dul i gcomhairle le Roinn an Ard-Aighne do rinneadh gach ní riamh ba ghá do dhéanamh chun deireadh do chur leis an gceapachán ach, nuair a chuathas chun dlí, go raibh comhairleoirí dlí na Cuideachtan ar aon aigne gur cheart glacadh leis an socrú. Isé foras ba mhó bhí leis an éileamh ar chúiteamh ná nár leor téarma an fhógra tugadh i dtaobh deireadh do chur leis an gceapachán. Cé go measann an Coiste go raibh an ceart ag an Roinn nuair a chuireadar deireadh leis an gceapachán is mian leo go dtuigfí go soiléir a ghátaraighe atá sé bheith an-chúramach agus ceapachán den tsórt so á dhéanamh, i dtreo go gcosnófaí an Roinn ar aon éileamh ón bhfostaí dá mbeadh sé riachtanach deireadh do chur le n-a fhostaíocht. 22. Do réir chonnradh tógtha na monarchana ba ghá ordú atharúcháin i scríbhinn ó Rúnaí na Roinne a bheith mar údarás le haon chur-in-ionad no breisiú no atharú bheadh le déanamh maidir leis na hoibreacha mar a bhíodar san leagtha síos sna háirmheachtaí. Do tugadh fé ndeara go ndearnadh íocaíochtaí de £10,358 12s. 11d. alos ítimí ná raibh luaidhte sna háirmheachtaí bunaidh ná údaruithe le hordú atharúcháin. Cheaduigh an Roinn Airgeadais ina dhiaidh sin na híocaíochtaí do dhéanamh agus d’aontuíodar freisin gan claoi leis an oblagáid maidir le Rúnaí na Roinne do dhéanamh ordú atharúcháin. Do míníodh go ndearna an t-ailtire agus an sean-stiúrthóir bainistighe an claonadh ón gconnradh do rinneadh d’údarú gan dul i gcomhairle leis an Roinn agus gur dheimhin leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Tionnscail agus Tráchtála, cé gur thuigeadar an nós gnótha do bheith lochtach, go raibh gá leis na hoibreacha agus go ndearnadh iad agus go raibh na héilithe réasúnta. Braitheann an Coiste nar cheart leigint don tsean-stiúrthóir bainistighe comhachta gur sa Roinn a bhíodar dílsithe do réir téarmaí an chonnartha do ghabháil chuige féin. 23. Do cuireadh in úil don Choiste ná dearnadh, maidir leis an gcaiteachas ar na monarchana alcóil, do réir an nóis fé n-ar gnáth liostaí de chonnartha deintear no d’earraí ceannuítear do chur fé bhráid Chosite na gConnartha Rialtais más fiú breis is £25 na connartha no an méid a ceannuítear. Do míníodh nár léir an gnáthchúrsa do bheith in-leanta i gcás gnóthais den tsaghas so. Ní deimhin leis an gCoiste nárbh fhéidir an gnáth-nós do leanúint maidir le ceannach agus connartha. I ngeall ar nádúir an ghnóthais ba cheart cúram speisialta dhéanamh de ná beifí ró-rábairneach maidir le hairgead puiblí do chaitheamh. ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS AGUS CONGNAMH DÍOMHAOINTIS.24. Gach iarratas ar chongnamh díomhaointís agus gach ceist eiríonn as, is ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis atá, fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointís, 1933, breith do thabhairt ortha, agus ní bhíonn de dhul thar an mbreith sin ach gur cead athchomharc do dhéanamh ina coinnibh i gcásanna áirithe. Foráltar leis an Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, i gcás oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do chlaochló no d’athscrúdú breithe bheidh tugtha ná beidh éifeacht ag an gclaochló no ag an athscrúdú san ach o dháta a dhéanta maran deimhin leis an oifigeach gur aon ráiteas bréagach no mí-threorach ón iarratasóir ba bhun leis an mbreith bhunaidh. Do cuireadh in úil don Choiste gur thárla mórán cásanna in arbh éigean ath-bhreitheanna do thabhairt tré n-a ndearnadh congnamh díomhaointis do laigheadú no do dhiúltú, cé go raibh na fíorais uile os cóir na n-oifigeach nuair a thugadar na breitheanna bunaidh. Na suimeanna a híoctar fé sna breitheanna bunaidh i gcásanna den tsórt so, ní féachtar ortha mar shuimeanna is ionfhálta thar n-ais o sna glacadóirí agus fanaid ina muirear ar an vóta mar shuimeanna do híocadh fé bhreitheanna éifeachtacha bailidhe ar n-a dtabhairt ag oifigigh um chongnamh dhíomhaointis. Maidir leis an an-chuid íocanna iomarcacha bhí á ndéanamh sna céad bhlianta tar éis na nAcht um Chongnamh Dhíomaointis do theacht i ngníomh, fuair an Coiste amach go bhfuil laigheadú mór ar a n-uimhir le blianta beaga anuas. Bheirid fé ndeara slí do bheith ann, tré ghléas riaracháin na Roinne, chun deighleáil mar is oiriúnach leis na hoifigigh is cúis le híocanna iomarcacha do dhéanamh. Tá súil ag an gCoiste go bhféadfar uimhir na n-íoc n-iomarcach do laigheadú tuilleadh. TALMHAÍOCHT.25. Do tarraingeadh anuas ceist i dtaobh £2,598 5s. 6d., atá muirearuithe ar chuntas fiunraoi, d’íoc le Cuideachtain Déiríochta. Bhaile Nua Dhútha Ealla (1932) Tta., alos cánach ceadúnais ar im do cuireadh chun na Beilge agus do seoladh ina dhiaidh sin chun na Ríochta Aontuithe, mar ar díoladh é. Do hinnseadh don Choiste freisin gur £3,922 do chosain an t-im agus gur £3,880 méid na n-éilithe fé n-a ndeachthas chun é d’easportáil agus do dhíol, agus ortha san an cháin cheadúnais atá i gceist, sé sin, £7,802 ar fad. Do díoladh an t-im ar £2,029. Do cailleadh os cionn £5,700, dá réir sin, de dheascaibh an chúrsa. Do réir dheallraimh do ceapadh, agus an t-im á hath-easportáil go dtí an Ríocht Aontuithe, go ndéanfaí an méid do híocadh mar cháin cheadúnais sa Bheilg d’aisíoc, ach deallruíonn sé nárbh fhéidir aisíoc d’fháil. Níl an Coiste sásta leis an slí inar tugadh fén idirbhirt seo agus, go sonnrách, ní féidir leo a thusgint cad na thaobh ná fuarthas amach go beacht conus a bhí i gcúrsaí na cánach ceadúnais sarar cuireadh an t-im go dtí an Ríocht Aontuithe. Bheirid dá n-aire go bhfuiltear chun dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais maidir le modh glanta an mhéide atá muirearuithe ar an gcuntas fiunraoi agus is mian leo go gcuirfí in úil dóibh i dtráth cadé an coigeartú a húdarófar. Cta. 1036-1051 Fo-scríbhinn XIII. 26. Bhí ceist á plé ag an gCoiste i dtaobh bailithe an dleachta ar im do bhí i stoc an 10adh Mí na Nodlag, 1938, agus tá memorandum i dtaobh an scéil curtha isteach ag an Roinn Talmhaidheachta. Is léir nár cólíonadh forálacha an Orduithe um Stuic Ime (Dleacht), 1938, go hiomlán agus bheirtear fé ndeara go bhfuiltear chun cúrsaí an cháis do thuairisciú don Roinn Airgeadais. Braitheann an Coiste gur cheart, nuair nach féidir forálacha Orduithe do chur in éifeacht go hiomlán, féachaint láithreach an féidir Ordú leasúcháin do dhéanamh agus, i gcás forálacha airgeadais do bheith i gceist, an scéal do thuairisciú gan mhoill don Roinn Airgeadais. OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCUIM.27. Do tarraingeadh anuas cásanna áirithe ina ndearnadh aisíocanna Diúité Máil eachtar-reachtúla le ceadú ón Aire Airgeadais. Do cuireadh in úil don Choiste gur cúrsaí nea-choitianta do bhain le húdarú na n-íocaíocht san agus nár dheallrathach cúrsaí dá samhail do bheith ann arís agus admhuíd gur ceart roinnt comhachta do bheith ag na Coimisinéirí Ioncuim agus ag an Roinn Airgeadais chun déanamh fé mar is ceart dar leo i gcásanna den tsaghas so. Is mian leo, ámh, a rá gurb é a dtuairim nár cheart an chomhacht san d’fheidhmiú ach amháin maidir le cúrsaí díombuana agus, i gcás inar deallrathach gá do bheith arís le haisíoc do dhéanamh, gur cheart féachaint chuige go mbeadh reachtúchán ann chun an scéal do dhéanamh rialta. DEOLCHAIRÍ CÚITIMH.28. Do soláthruíodh, tríd an meastachán don tseirbhís seo, Deolchairí le n-íoc ar thobac ar n-a dhéanamh de dhuille dhúthchais agus ar ar híocadh ais-tarrac; ar thobac ar n-a fhás in Eirinn tar éis an ladh Eanar, 1934, agus ar n-a dháiliú ar dhéantóir agus ar n-a dhíthiú ina dhiaidh sin toisc é bheith neamh-oiriúnach chun déantóireachta; agus ar thobac nea-dhéanta ar n-a fhás in Eirinn agus ar n-a easportáil. Tuigtear gur díoladh ar thuairim 1d. an lb. anchuid do heasportáladh. Cé go bhfuil sain-údarás reachtúil ann chun an chéad dá shaghas Deolchaire d’íoc—Alt 5 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, agus Alt 23 den Acht Airgid, 1938, fé seach—níl aon tsainúdarás ann chun Deolchaire d’íoc ar thobac nea-dhéanta a heasportáltar. Bheirtear fé ndeara go meastar, o tá glactha le foras athscrúduithe chun tobac do dháiliú ar dhéantóirí, ná beidh aon ghá feasta le tobac nea-dhéanta d’easportáil. Dá bhrí sin, ní theastuíonn ón gCoiste éinní do rá i dtaobh na n-íocaíocht atá i gceist ach isé a dtuairim gur cheart beart do dhéanamh chun údarás reachtúil d’fháil i gcás gá do bheith arís le Deolchaire d’íoc maidir le n-a leithéid de chúrsa. O thárla socrú reachtúil soiléir do bheith déanta chun Deolchaire d’íoc i gcásanna áirithe, measaid nach maith an rud íocaíocht do dhéanamh in éamais údaráis den tsórt san. (Sighnithe) SEAMUS DIOLUN, Cathaoirleach. 12adh Mí na Nodlag, 1940. |
||||||||||||