Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1936 - 1937::16 February, 1939::Report

TUARASGABHAIL

CUID I.—NOTAI GENERALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar Dáta an 24adh Mí na Nodlag, 1938.

MEASTACHÁN RÓ-ÁRD.

1. Is maith leis an gCoiste an rud a rinne an tAire, mar átá luaidhte i mír 3 dá Mheamram, chun a chur in áirithe go mbeidh na méideanna cuirfear sna Meastacháin chó comhgarach agus is féidir don chaiteachas is deallrathach a thárlóidh. Tá súil ag an gCoiste go dtiocfaidh d’iarratas an Aire chun na nOifigeach Cuntasaíochta go mbeidh le feiscint sna cuntaisí feasta gur cruinne a measfar na suimeanna bheidh ag teastáil. Tá an Coiste ar intinn súil do choimeád ar an ní seo gach bliain feasta.


ARACHAS DIOMHAOINTIS AGUS CONGNAMH DIOMHAOINTIS.

Udaráis Aitiúla do Dhéanamh Iocaíochtaí fé Alt 27 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933.

2. Bheireann an Coiste fé ndeara go bhfuil breithniú á dhéanamh ag an Roinn Tionnscail agus Tráchtála féachaint an bhféadfaí na deacrachtaí bhaineann leis an scéal so do réiteach tré reachtúchán chun na nAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis do leasú. Ba mhaith leo scéala d’fháil i dtráth i dtaobh cad air go gcinnfear.


CUID II.—CUNTAISI AIRITHE.

Oibreacha agus Foirgintí Puiblí.

3. Maidir le tailte agus foirgintí leis an Stát atá fé riaradh Oifig na nOibreacha Poiblidhe agus na Roinne Cosanta, do hinnseadh don Choiste nár chuir ceachtar Roinn buan-bhreacachán ar an maoin sin le chéile agus ná dearna aon taobh acu suirbhéireacht tréimhsiúil uirthi. Chítear don Choiste ina theanta san gurb í Oifig na nOibreacha Poiblidhe a dheineann rialú generálta ar mhaoin áirithe a húsáidtear chun crícheanna na bhFórsaí Cosanta agus go dtagann roinnt aimhréidhe dá dheascaibh sin. Isé tuairim an Choiste gur mhaith an ní na Ranna a riarann tailte agus foirgintí Stáit do chur cláracha agus cíos-liostaí iomlána le chéile ina dtaobh go léir, agus iniúchadh do dhéanamh ar mhaoin Stáit go tréimhsiúil. Cé go dtuigeann an Coiste gur obair ana-mhór í seo, tá súil acu go dtabharfaidh na Ranna le n-a mbaineann fúithí gan iomad moille agus ba mhaith leo scéala d’fháil i dtráth á rá conus tá ag eirghe leis an obair.


Do hinnseadh don Choiste freisin ná raibh liostaí iomlána ann den fhearas, den mheaisínteacht agus d’earraí eile i bhfoirgintí atá fé chúram na gCoimisinéirí. Cé go n-admhúid go bhfuil sé anadheacair liost iomlán d’ullamhú de sna hearraí uile den aicme sin mar gheall ar a n-ilghnéitheacht, isé tuairim an Choiste nach foláir, chun maoin den tsórt so do chaomhaint, córus ceart cuntasaíochta bheith ann agus scrúdú do dhéanamh ar na stuic go tréimhsiúil, agus tá súil acu go dtabharfar aire don ní seo.


Is léir o sna mí-rialtachtaí do nochtadh i gcás a bhí fé bhreithniú ag an gCoiste a riachtanaí agus a tháchtaí atá sé scrúdú tréimhsiúil do dhéanamh ar mhaoin agus na breacacháin agus na liostaí luaidhtear thuas do choimeád. Sa chás áirithe seo bhí léas ag cólucht déantóireachta ar chuid de Bhearraic Mhíleata agus chuadar isteach i gcuid eile den Bhearraic agus ghlacadar seilbh air agus d’úsáideadar é mar mhonarcha agus san, do réir dheallraimh, i gan fhios do Lucht an Airm agus do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe agus gan údarás o cheachtar acu.


Do cuireadh in úil don Choiste go raibh an fhoirgint seo fé riaradh agus rialú an Airm an tráth san agus go ndearna airigheach míleata eochracha an áitreibh go ndeachthas isteach ann gan cead do thabhairt gan údarás ceart don chólucht. Bhí tamall maith caithte sara bhfuair oifigeach do Bhord na nOibreacha amach i dtaobh na seilbhe neamh-údaruithe. Tá an Coiste ana-mhí-shásta le cúrsaí an cháis seo, agus a rá gurbh fhéidir do chólucht maoin Stáit do shealbhú agus d’úsáid gan údarás agus leanúint de bheith ina seilbh gan údarás ar feadh tréimhse fada.


Is mian leis an gCoiste a rá go bhfuil sé fíor-riachtanach go ndéanfaí gach ní is gá chun maoin Stáit do rialú agus do chaomhaint tré chomhar agus có-oibriú éifeachtúil do bhunú idir na Ranna le n-a mbaineann. Ba mhaith leis an gCoiste a chloisint cad déanfar chuige sin.


Longlann Inis Sionnach.

Fo-scríbhinn III.


4. Bhreithnigh an Coiste memorandum do chuir an tOifigeach Cuntasaíochta fé n-a mbráid mar gheall ar shuim de £2,500 do fuarthas o thionóntaithe bhí ag imeacht as an Longlainn in íoc éilithe bhí ina gcoinnibh fé sna clásanna cothabhála agus deisithe ina léas. Tar éis margántaíochta glacadh leis an suim seo mar ghlanadh ar fhiachas na dtionóntaithe, agus b’é tuairim na gCoimisinéirí ná féadfaí níos mó a éileamh do réir réasúin. Deallruíonn sé ón bhfinnéacht go ndearna na léasaithe £12,000 no os a chionn de dhamáiste agus ní féidir don Choiste aontú leis an socrú do rinne na Coimisinéirí ag glacadh le £2,500 mar shásamh iomlán ina n-éileamh. Ba mhaith leis an gCoiste a rá arís gur cheart bheith fíor-chúramach agus fíor-aireach maidir leis an Stát do chosaint ar chaillteanas no ar dhamáiste d’fhéadfadh teacht as maoin Riaghaltais do chur ar cíos agus gur cheart do Ranna go bhfuil riaradh agus rialú maoine de chúram ortha a chur in áirithe go ndéanfar téarmaí agus coinníollacha léasanna no tionóntachtaí do chóilíonadh agus d’fhoirfheidhmiú.


Meán-Oideachas.

5. Cuireadh caiteachas fé n-a ndeachthas maidir le gluais d’fhocail agus d’abairtí a húsáidtear i líomatáiste sa Ghaeltacht d’ullamhú ina mhuirear ar an méid do soláthruíodh chun Téics-Leabhair Ghaedhilge d’fhoillsiú. Isé tuairim an Choiste gur chóra an caiteachas so d’íoc as an méid a soláthruítear sa Vóta Eolaíochta agus Ealadhan le haghaidh gnáth-litríochta sa Ghaedhilg, agus gur cheart aon chaiteachas a bheidh ann feasta do mhuirearú dá réir sin.


Deallruíonn sé go dtógfa sé roinnt bhlian chun na gluaise seo d’ullamhú agus go mbeidh sí chó mór san go gcaithfear í roinnt ina himleabhair. Is fé scéim ghenerálta do cheaduigh an Roinn Airgeadais do tugadh fén saothar ach meastar, mar gheall ar a mhéid, gur cheart scéim fé leith do cheapadh dhó agus gur cheart cead sonnrách na Roinne sin d’fháil sarar críochnuíodh an socrú leis an údar.


Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

Cta. 252-260.


6. Bhreithnigh an Coiste an fhaillí do tugadh i Meastachán Breise do thabhairt isteach i gcóir íocaíochtaí do rinneadh fé údarás Achtanna leasúcháin um Thithe do ritheadh i Mí Abráin agus i Mí Iúil, 1936; bhreithníodar freisin an fhaillí do tugadh i scóip an Vóta do leathnú nuair a bhí Meastachán Breise á thabhairt isteach le haghaidh costaisí scéime nua, fé riaradh na Roinne Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, chun mairtfheoil do thabhairt do dhaoine bhí ag fáil conganta theaghlaidh agus conganta dhíomhaointis. Sa chéad chás acu san muirearuíodh caiteachas fé Achtanna 1936 ar an Vóta cé ná raibh soláthar sa Mheastachán ach le haghaidh íocaíochtaí fé Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 agus 1934. Is deacair a thuisgint cén fáth ná dearnadh soláthar le haghaidh an chaiteachais seo nuair a tugadh Meastachán Breise isteach i Mí na Samhna, 1936, le haghaidh caiteachais eile. Sa dara cás bhí soláthar sa Mheastachán Bhreise do tugadh isteach i Mí na Samhna, 1936, le haghaidh costaisí scéim na mairtfheola ach ní dearnadh éinní chun scóip an Vóta, mar do leagadh síos sa Mheastachán bhunaidh í, do leathnú agus is léir ná féadfaí a rá go dtáinig an scéim fén scóip sin. Méaduíodh scóip an Vóta do 1937-38 go hoiriúnach i Meastachán Breise do tugadh isteach le haghaidh seirbhíse na bliana 1937-38, agus bhain an Meastachán Breise seo freisin le caiteachas fé Achtanna na dTithe, 1936, ach ní féadfaí a rá go ndearna an Meastachán so íocaíochtaí rialta de sna híocaíochtaí do rinneadh sa bhliain atá i gceist.


Is mian leis an gCoiste a rá gurb é a dtuairim láidir gur cheart ceadú Páirliminte d’fháil chó luath agus is féidir é le haghaidh aon chlaonadh o Mheastachán no le haghaidh caiteachais ná tiocfadh go soiléir fé scóip Vóta.


An Gárda Síochána.

7. Rinneadh tagairt do chásanna inar claon-chasadh táillí áirithe do híocadh as fíorú Meáchan agus Tómhas agus don chóras fé n-a ndeineann an t-oifigeach céanna na táillí do mheas agus iad do bhailiú. Chítear don Choiste gurbh fhearr de chosaint ar an gciste oiriúnach socrú do dhéanamh fé n-ar ghá an íocaíocht do dhéanamh le hoifig na Roinne Dlighidh agus Cirt.


Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála.

8. Nuair a bhí pinsean do tugadh fé Alt 11 den Acht Aois-liúntais, 1936, á dhéanamh amach cuireadh cúig bliana leis an tréimhse sheirbhíse fé fhorálacha Ailt 28 den Acht. Bhí an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste idir dhá chomhairle i dtaobh ce’ca bhaineann Alt 28 le cásanna a thagann fé scóip Ailt 11 no ná baineann agus gheall an tOifigeach Cuntasaíochta an scéal a chur fé bhráid na n-oifigeach dlí chun comhairle d’fháil uatha. Ba mhaith leis an gCoiste a chloisint, i dtráth, cadé an chomhairle do tugadh.


I mír 17 dá dtuarasgabháil deiridh dar dáta an 9adh Mí na Nodlag, 1937, do thrácht an Coiste ar chúiteamh do tugadh fé Alt 6 den Superannuation Act, 1909, d’oifigeach do cuireadh as oifig, agus dubhradar gurbh é a dtuairim nár chás é inar chóir an cúiteamh do thabhairt.


Do hinnseadh don Choiste gur tugadh cúiteamh i gcás eile den tsamhail chéanna beagnach, agus braithid nach mór dóibh cur i gcoinnibh an ruda do rinneadh sa chás so freisin. Sa dá chás so na n-oifigeach a cuireadh as oifig cuireadh oifigigh eile ina n-ionad d’fhonn gurbh fhearr a cólíonfaí dualgaisí a n-oifigí. Ní féidir don Choiste aontú leis an tuairim gur leor ann féin malairt oifigeach chun na breise éifeachtúlachta agus baileachais sin do bhunú a horduítear leis an reachtúchán a bhaineann leis an gcúrsa.


Tionnscal agus Tráchtáil.

Fo-scríbhinn IV.


9. Bhreithnigh an Coiste roinnt cheisteanna bhaineann leis na Monarchana Alcóil Cheárdais do thógáil agus ortha san an mhoill do thárla maidir leis an gconnradh do thabhairt amach agus an obair do chríochnú, £6,500 do bheith le n’íoc dá dheascaibh sin le comhairleoirí teicniúla an Aire mar gheall ar é bheith riachtanach iad do thabhairt seirbhíse uatha ar feadh tréimhse níos sia má mar a có-aontuíodh idir iad féin agus an tAire, agus a chinneadh gan claoidhe leis an gceangal a bhí ar na connrathóirí dul i mbannaí ar an obair do dhéanamh go cuibhe laistigh den aimsir a ceapadh agus gan aon cheann de sna clásanna pionóis a bhí sa chonnradh do chur i bhfeidhm. Deallruíonn sé ón míniú do thug an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise agus sa mhemorandum do chur sé isteach gurb é cúis na moille maidir leis an gconnradh do thabhairt amach ná gur loirgeadh tairgsintí nua agus gur ghá billí nua caindíochtaí d’ullamhú dá dhruim sin. Do b’éigean na tairgsintí nua a lorg toisc a laighead tairgsintí a fuarthas ar dtúis, nuair a rinneadh amach na billí sa chóras mhéadreach. Dubhradh freisin gur cinneadh, tar éis cúrsaí uile an cháis do bhreithniú go hiomlán, gan a cheangal ar na connrathóirí dul i mbannaí. Dubhradh ina theanta san o thárla gur nithe ná raibh neart ag na connrathóirí ortha, go mór mór doineann agus saotharstaid, fé ndeár gan an connradh do chur i ngníomh fé cheann na haimsire ceaptha, gur cinneadh nár dhligh na connrathóirí pionóis do chur ortha.


Rinne an Coiste breithniú grinn ar an eolas go léir do tugadh agus ní ghéillid nárbh fhéidir na moillte seo do sheachaint. Braithid gur chóir go dtuigfí roimh ré gurbh fhearr caindíochtaí do dhéanamh amach ar an nós Éireannach. Lasmuich den mhéid airgid phuiblí sa bhreis do caitheadh chun na n-íocaíochtaí breise dhéanamh le comhairleoirí teicniúla an Aire agus chun íoc as billí caindíochtaí d’ulllamhú an dara huair is dócha go dtáinig caillteanas nach beag den mhoill do bhain leis na monarchana chur ag obair.


Gnóthaí Eachtracha.

10. Do hinnseadh don Choiste i dtaobh táillí as seirbhísí pais agus visa agus consulachta do bhailiú gan stampaí chur ar na scríbhinní bhaineann leo san. Bheireann an Coiste dá n-aire an míniú thug an tOifigeach Cuntasaíochta uaidh. Ach bheirid fé ndeara ná baineann easba stampa ar scríbhinn ar a gcuirtear stampa de ghnáth le bailíocht no neambailíocht na scríbhinne féin, agus braithid go gcealuíonn san buntáistí an chórais stampála maidir le cistí puiblí do chaomhaint. Déarfaidís gur mhaith an rud scríbhinní ar a mbíonn táillí iníoctha bheith neambailidhe mara mbeid stampálta go cuibhe agus gur cheart san do chur in úil go soiléir ar na scríbhinní féin.


An tArm.

11. Le blianta beaga anuas bhí ar an gCoiste seo trácht a dhéanamh níos mó ná uair amháin ar chaillteanas cistí puiblí do thárla de dheas caibh nea-chólíonadh rialachán agus gan fo-oifigigh do bheith fé mhaoirseacht cheart. Tá caillteanais den tsórt san le tabhairt fé ndeara arís agus ceann acu táchtach maidir le méid agus maidir le faid na tréimhse bhí an mí-leithreasú á dhéanamh. Dob fhéidir d’oifigeach breis is £1,000 do mhí-leithreasú ar feadh naoi mí gan duine dá bhrath, agus uime sin do dheallródh sé nach ró-mhaith an tslí atá ann chun íoc airgid do rialú agus do mhaoirseacht. Dá mbeadh an t-oifigeach freagarthach cúramach mar ba chuibhe, no dá mbeifí aireach le linn na gcuntas míosúil do scrúdú, is ar éigin a thárlódh ná nochtfaí an scéal go luath agus sara mbeadh puinn dochair déanta.


12. Maidir leis na mion-chaillteanais dá dtagrann an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste, deallruíonn sé gur tugadh roinnt mhaith dá slí féin do sna saighdiúirí cléireachais atá i gceist chó fada agus a théigheann airgead agus có-fhreagarthas do láimhseáil. Is deacair leis an gCoiste a thuisgint conus a thárlann go leigtear don chúrsa fanúint mar sin. Tá súil acu go nglacfar slí feasta chun a chur in áirithe go mbeidh lán-tuisgint ag oifigigh a bheidh i bpostanna iontaobhais ar na hoblagáidí bhaineann leis na postanna san i dtreo gur lughaide sin an baol go mbeidh tuilleadh caillteanas ann den tsórt a gearántar.


13. Pléidheadh i láthair an Choiste seo conus a deighleáladh le ball de sna Fórsaí d’admhuigh gur fhallsuigh scríbhinní agus gur chuir sighnithe bréige le scríbhinní agus do bhí páirteach i sreath de ghadaíochtaí as príomh-stóras. Dheimhnigh Udaráis Liaghachta an Airm ná raibh an duine seo i riocht dul fé thriail ag Arm-chúirt agus scuireadh as an arm é tar éis gach sochar d’fháil do bheadh ag dul dó dá scuirtí sa ghnáth-chúrsa fé dhea-cháil é. Níl an Coiste sásta go raibh sé ceart gan arm-chúirt do chur air ná gur chóir an cúrsa so chur de láimh gan scrúdú breithiúnais do dhéanamh ina thaobh.


Cta. 928.


14. Tráchtann an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste ina thuarasgabháil i dtaobh a áirithiú go mbeadh urlámh éifeachtúil ar chaiteachas fé n-a raghfaí maidir le hobair Fhórsa na nÓglach. Deir sé go dtárladh uaireanta an méid óglach a dheineadh freastal do bheith fé bhun na n-uimhreach dá mbíodh soláthar déanta agus go dtagadh de sin go dtéightí fé chostas nea-riachtanach i gcúrsaí iompair agus seirbhísí eile. Tagrann freisin d’éadach agus trealamh do chailliúint toisc gan óglaigh do thabhairt suas a bhfeisteas iomlán nuair eiríonn siad as an bhFórsa agus toisc éadach i gcoimeád óglach do bheith á chaitheamh nuair nach ceart é. Tá a fhios ag an gCoiste, o thárla gur seirbhís dheontach an tseirbhís a dheineann baill an Fhórsa so, gur rud atá achrannach go leor an urlámh so agus nach foláir bheith ag brath, cuid mhór, ar na hoifigigh áitiúla. Tuigid go maith, amh, go bhfuil an réim oibre chó fóirleathan san gurbh uiriste dul thar réasún le caiteachas nea-riachtanach d’uireasba dian-aire. Do hinnseadh don Choiste go bhfuiltear ag breithniú i dtaobh atharuithe áirithe do dhéanamh ar Scéim Fhórsa na nÓglach agus tá súil acu go dtiocfaidh de sna hatharuithe sin agus den taithí atá ag oifigigh áitiúla um an dtaca so gur fearr an baileachas a bheidh i riaradh na seirbhíse seo feasta.


15. Tailte áirithe tógadh o lucht an Riaracháin Bhriotáinigh bhíodar fé fhiachas le síor-íoc £104 1s. 2d. sa bhliain as ceart chun saighdiúirí d’aclú ortha, agus fós le híoc £120 sa bhliain as cuid de sna tailte sin d’úsáid chun crícheanna eitlíochta. Do hinnseadh don Choiste ná raibh aon chó-aontú scríobhtha ann i dtaobh na húsáide deiridh sin agus nach féidir leis an Roinn a lán-cheart urláimhe ar an aerodróm d’fheidhmiú, agus go n-úsáideann eitleoirí síbhialtacha é gan na gnáth-tháillí d’íoc. Tá an Coiste ana-mhí-shásta leis sin ach tuigtear dóibh go bhfuiltear ag coinne go ndéanfar socrú go luath i dtaobh tuilleadh úsáide dhéanamh de sna tailte chun crícheanna míleata agus ba mhaith leo eolas a bheith acu air i dtráth.


Tailte.

16. Do hinnseadh don Choiste ná dearnadh aon aisíocanna i gcás roimh-íocanna rinneadh le tionónta-cheannuitheoirí áirithe fé scéim míntíreachais, agus ní hamháin san ach fós ná rabhthas deimhnitheach de bhailíocht na ngeallúintí do tugadh maidir le haisíoc na roimh-íocanna. Deallruíonn sé gur pléidheadh an scéal idir an Roinn Airgeadais agus Coimisiún na Talmhan. Is cás leis an gCoiste an caillteanas is féidir a theacht as an ní seo do chistí puiblí agus ba mhaith leo go gcuirfí toradh an phléite in úil dóibh.


Talmhaíocht.

1110-1115,


1319-1334.


17. Do hinnseadh don Choiste go ndearnadh caiteachas de £29,312 2s. 5d., alos ime díoladh ar an margadh cois baile, do mhuirearú ar Fho-Mhírcheann O. 10 den Vóta. Ní raibh soláthar sa bhFo-Mhírcheann so ach le haghaidh ceannach chun easportála. Is cás leis an gCoiste go ndearnadh cistí vótáladh chun críche áirithe do chlaonadh chun glanta caiteachais eile ná raibh aon tsoláthar sna Meastacháin ina chóir agus ná dearnadh éinní chun soláthar do dhéanamh i Meastachán Breise i gcóir an chaiteachais.


Dubhairt an Coiste i mír 26 dá dtuarasgabháil deiridh dar dáta an 9adh Mí na Nodlag, 1937, i dtaobh cuntaisí bhaineann le hobair thráchtála Ranna Riaghaltais agus is gá do thíolacadh do Dháil Éireann, gur cheart iad do chur fé bhráid an Árd-Reachtaire Cunntas agus Ciste le hiniúchadh in am chun go bhféadfaí, dá gcuirtí chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí iad, deighleáil leo le linn na gCuntas Leithreasa in aghaidh na bliana airgeadais le n-a mbainfidís do scrúdú. Is cás leis an gCoiste a thabhairt fé ndeara gur bhain moill arís le cuntaisí den chineál so do thabhairt agus is mian leo a chur in úil go daingean a riachtanaí atá sé cuntaisí den tsórt san do thabhairt má luaithe tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta le n-a mbainid.


(Sighnithe),


SEAMUS DIOLUN,


Cathaoirleach.


16adh Feabhra, 1939.