Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1936 - 1937::16 February, 1939::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

30adh Márta, 1938:—Orduithe, Go ndeintear, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste dá ngairmfear “An Coiste um Chuntaisí Púiblí” do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe: Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe: Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le. Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1937, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


7adh Abrán, 1938:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Pádraig O Beacháin, Brooke Brasier, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O. Comhraidhe, Séamus Díolún, Giolla Easpuig O hEaráin, Tadhg O Líonnacháin, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Maitiú O Raghallaigh, Pádraig Mac Gabhann, agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


2adh Mí na Samhna, 1938:—Orduithe: Go ndeintear, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste, dá ngairmfear “An Coiste um Chuntaisí Puiblí” do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe: Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe: Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1937, agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntaisí Puiblí ar an Tuarasgabháil sin do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairise do thabhairt ortha.


2adh Mí na Samhna, 1938:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Brooke Brasier, Erskine Childers, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Séamus Díolún, Mícheál Mac Aoidh, Tadhg O Líonnacháin, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Peadar S. O Lochlainn, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.