Committee Reports::Report No. 01 - Standing Orders (consequent on the coming into operation of the Constitution)::15 December, 1937::Report

CEAD TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe i dtaobh Gnotha Phuibli do leasu de dhruim an Bhunreachta do theacht i ngniomh.

1. Ag cruinniú bhí acu an 15adh Mí na Nodlag do bhreithnigh an Coiste cadiad na leasuithe ba ghá a dhéanamh ar na Buan-Orduithe de dhruim an Bhunreachta do theacht i ngníomh. Molann an Coiste na leasuithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarasgabháil seo do dhéanamh.


2. Beidh tuilleadh leasuithe ag teastáil tar éis teacht le chéile do Sheanad Eireann, agus is dóich leis an gCoiste nách gá na Buan-Orduithe do chur fé ath-chlé go dtí go mbeidh na leasuithe eile seo déanta.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


15adh Mí na Nodlag, 1937.